Seachtain Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí curtha ar seol ag Comhairle Contae Fhine Gall

Digital Innovation talk at County Hall

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis sárthaispeántas de chainteanna Nuálaíochta Digití a chur ar fáil don fhoireann agus Seachtain Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí curtha ar seol ag an gComhairle den chéad uair.

Is tionscnamh de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é Seachtain Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí atá eagraithe mar chuid de OurPublicSevice2020. Is í aidhm na seachtaine seo ná eagraíochtaí san earnáil phoiblí a spreagadh chun béim a leagan ar an nuálaíocht san ionad oibre agus chun cur leis an gcultúr nuálaíochta iontu.

Mí Iúil seo caite, shínigh an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly Dearbhú maidir leis an Nuálaíocht sa tSeirbhís Poiblí in Éirinn. Tá an dearbhú mar chuid lárnach den straitéis i ndáil le Ár Seirbhíse Poiblí 2020 a bhfuil sé de sprioc aige tacú le forbairt seirbhíseach poiblí agus eagraíochtaí seirbhíse poiblí.

Mar chuid den Dearbhú, tá an Chomhairle tiomanta dó go ndéanfar fostaithe a chumasú, a thacú agus a threalmhú chun an nuálaíocht a bhaint amach ina bpost chun comhpháirtíochtaí nua a chothú nuair atá tuairimí éagsúla á n-ionchorprú agus seirbhísí á ndearadh agus á seachadadh sa chomhairle.

 

Bhí Comhairle Contae Fine Gall ar cheann de na gníomhaithe is príomhúla taobh thiar den nuálaíocht dhigiteach atá ag tarlú ar fud na hearnála poiblí agus go háirithe den soláthar digiteach sin a chuireann le cáilíocht na beatha. Sa sárthaispeántas cainteanna Nuálaíochta Digití, léirítear conas atá an Chomhairle ag déanamh seirbhísí poiblí a athrú ó bhonn ar bhealach digiteach, agus ag baint amach torthaí níos fearr don fhoireann agus don saoránach araon. 

Dúirt Méara Fhine Gall An Clr. Eoghan O'Brien: “Is iontach an rud é go dtaispeánfar an iliomad tionscadal digiteach nuálach atá á mbaint amach ag an gComhairle, idir thionscadail bhonneagair dhigitigh a bheith curtha i bhfeidhm ar nós WiFi i lár an bhaile agus tionscadail soghluaisteachta cliste a bheith forbartha, dála an síneadh amach scéimeanna comh-roinnte gluaisteán agus rothar i bhFine Gall.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta dó go ndéanfar cultúr nuálaíochta a chur chun cinn agus a fhorbairt san ionad oibre. Táimid i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil agus ag cur bealaí nua, nua-aimseartha chun an obair, an chomhobair agus an chumarsáid a chur chun cinn, rudaí atá ríthábhachtach chun na seirbhísí seo a chur ar fáil. ”

Beidh Seachtain Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí ar siúl idir an 9 agus an 13 Nollaig.

Is iontach an rud é go dtaispeánfar an iliomad tionscadal digiteach nuálach atá á mbaint amach ag an gComhairle, idir thionscadail bhonneagair dhigitigh a bheith curtha i bhfeidhm ar nós WiFi i lár an bhaile agus tionscadail soghluaisteachta cliste a bheith forbartha, dála an síneadh amach scéimeanna comh-roinnte gluaisteán agus rothar i bhFine Gall