Seachtain na Gaeilge i bhFine Gall 2020

Beidh ceiliúradh den chéad scoth le haghaidh Sheachtain na Gaeilge againn i bhFine Gall arís i mbliana agus clár iontach d’imeachtaí éagsúla á sheoladh ag Comhairle Contae Fhine Gall. Beidh imeachtaí curtha ar siúl ag an gComhairle i Halla an Chontae, Sord, i Leabharlanna Áitiúla agus eile agus beidh imeachtaí ar fud an Chontae eagraithe ag grúpaí teanga.  

Seachtain na Gaeilge 2020

Beidh ceiliúradh den chéad scoth le haghaidh Sheachtain na Gaeilge againn i bhFine Gall arís i mbliana agus clár iontach d’imeachtaí éagsúla á sheoladh ag Comhairle Contae Fhine Gall. Beidh an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge seo ar siúl idir  1 Márta agus 17 Márta, agus mana na féile ná triail a bhaint as an gcuid Gaeilge atá agat - Bain Triail Aisti.  Beidh imeachtaí curtha ar siúl ag an gComhairle i Halla an Chontae, Sord, i Leabharlanna Áitiúla agus eile agus beidh imeachtaí ar fud an Chontae eagraithe ag grúpaí teanga.  Táthar in ann teacht ar chlár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i bhFine Gall ar shuíomh gréasáin na Comhairle www.Fingal.ie.

Beidh Ceol, Craic agus Gaeilge in Áras Contae an Aitriam, Sord, Dé Máirt, ar 10 Márta ó 6.45 go 9pm, le ceoltóirí Paudie O’Connor, Aoife Ni Chaoimh agus Caoimhín O Fearghail agus ceoltóirí ó Comhaltas Ceoltóirí Éireann Átha Cliath. Ó cheantar Shliabh Luachra i gContae Chiarraí a thagann Paudie O Connor agus Aoife Ní Chaoimh. Is saineolaithe iad ar cheoil an cheantar sin agus cloistear go rialta iad ar chláir radio ar fud na cruinne.  Is ceoltóir ildánach den chéad scoth ón Rinn, Contae Phort Láirge é Caoimhín Ó Fearghail. Tá cáil air mar phíobaire ach seinneann sé an fliúit, an giotár agus an basúcaí ar ard chaighdeán chomh maith. Beidh Ceoltóirí Comhaltas ann freisin, agus iad ag súil le Fleadh Laighean ag teacht go Sord Iúil 2020. Tá fáilte roimh chách agus beidh sólaistí ar fáil. Más rud é go bhfuil amhrán ann gur mhian leat casadh, beidh míle fáilte romhat!

Beidh Lón le Gaeilge lonnaithe sa séipéal dochreidte álainn i gCaisleáin Shoird Dé Máirt 3 Márta ó 1pm agus beidh siúlóid treoraithe i Diméin Ard Ghiolláin ar an 12 Márta ag tosú ar 11am.  Féachann gairdíní Ard Ghiolláin amach ar Mhuir Éireann agus tá radharc dochreidte ann.

I measc na himeachtaí a bheidh ar siúl i leabharlanna áitiúla, beidh ceol a gcasfaidh Antaine Ó Faracháin agus Nollaig Mac Cárthaigh é, i mBaile Bhlainséir ar an 12 Márta ag 1pm.  Beidh Ciorcal Comhrá le filíocht i mBaile Brigín Déardaoin 12 ag 6.45pm agus beidh Ronaldo Fanzini i mBaile Bhlainséir 19. Beidh Maidin Spraoi i Leabharlann Mhullach Íde 11 ó 10.30 – 12 le ciorcail cainte, ceol agus cluichí teanga. Beidh Óga Yóga Yoga as Gaeilge ar siúl i 3 Leabharlann freisin.

Imeachtaí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall:

  • Ceol Craic agus Gaeilge, Áras Comhairle Contae, Sord, Dé Céadaoin, 10 Márta, 6.45-9pm.
  • Lón agus comhrá Gaeilge, Séipéal Chaisleáin Shoird, Dé Máirt, 3 Márta, 1-2pm
  • Maidin Spraoi i Leabharlann Mhullach Íde Dé Céadaoin 11 Márta, ó 10.30am go 12 le ciorcail cainte, ceol agus cluichí teanga
  • Siúlóid treoraithe i Diméin Ard Giolláin Déardaoin 12 Márta 11am
  • Amhránaíocht ar an Sean-Nós & an Ceol Traidisiúnta - Antaine Ó Faracháin (Amhránaíocht/Fidil) & Nollaig Mac Cárthaigh (Píb Uileann) - Leabharlann Bhaile Bhlainséir ar 12 Márta 1pm,
  • Ronaldo Fanzini - Cuirfidh sé sorcas iontach greannmhar is fíor craiceáilte ar siúl i Leabharlann    Bhaile Bhlainséir ar 19 Márta 3.30 - 4.30pm  

Roinnt imeachtaí eile

  • Ciorcal Comhrá in Molly’s Baile Brigín ar 7 agus 14 Márta ar 12-1.30pm agus Pop Up Gaeltacht Dé Luain an 9 Márta sa Central Bar ag 8.30 pm
  • Scór na bPáistí i gCumann CLG Fhine Ghallainn Sord 1 Márta agus Ciorcal Comhrá le ceol ar 4 agus an 11 Márta agus Lá Mór na nGael ann ar an 17 Márta
  • Maidineacha Caife i nGaeilge ar fud an chontae http://maidineacha-caife.weebly.com/

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien “Táim ag súil go mór le dul chuig roinnt do na himeachtaí a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge.  Beidh rud éigin le haghaidh daoine de gach uile aois agus de gach uile leibhéal de chumas ar fáil agus beidh deis do chách triail a bhaint as an dteanga ar bhealach spraíúil, lán suilt.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly “Is deis iontach í Seachtain na Gaeilge ceiliúradh a dhéanamh ar Teanga agus ar Chultúir na Tíre. Beidh an chultúr sin á cheiliúradh i Sord I mí Iúil nuair a thagann Fleadh Laighean go Sord agus tá Comhairle contae Fhine Gall an-sásta tacú leis. Tá áthas mór orm an deis seo a bheith agam fáilte a chur roimh Ceoltóirí Comhaltas agus muintir Fhine Gall go Halla an Chontae le linn Sheachtain na Gaeilge.”

Is féidir an clár d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a íoslódáil ag www.Fingal.ie.   Téigh dár leanúint ar Twitter ag @fingalcoco @fingallibraries  agus ar Facebook https://www.facebook.com/fingalcoco.  Chun teacht ar thuilleadh eolas, déan teagmháil le [email protected]  

Antaine and Nollaig
Ardgillan Castle