Seachtain na Gaeilge Fhíorúil i bhFine Gall 2021

Déanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh ar an nGaeilge agus an cultúr le clár iontach ar líne le haghaidh Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

Seachtain na Gaeilge Seamus Ennis

Déanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh ar an nGaeilge agus an cultúr le clár iontach ar líne le haghaidh Sheachtain na Gaeilge i mbliana. I gcomhar le hIonad Séamus Ennis, cuirfimid ceiliúradh ar siúl ar an gceol traidisiúnta, beo ar Facebook agus ar YouTube Dé Sathairn, an 6 Márta, ina nglacfaidh sárghrúpa  ceoltóirí páirt. Tá de chuspóir againn, i rith na féile a bheidh ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta, chun an grá don teanga a athbheochan trí réimse fairsing ábhar ar líne, an ceol, an scéalaíocht, agus an spórt san áireamh agus spreagfaimid gach duine pé Gaeilge atá acu a úsáid – Bain Triail As. 

Beidh Conal Ó Gráda, Muireann Nic Amhlaoibh agus Billy Mag Fhloinn, Róisín Chambers agus Luke Ward, Caitlín Nic Gabhann agus Ciarán Ó Maonaigh ag seinm inár seisiún ar líne an 6 Márta. Beidh na ceoltóirí ag ‘zúmáil isteach’ sa seisiún beo ó áiteanna fud fad na hÉireann agus beidh oíche den scoth i ndán duit ar féidir leat taitneamh a bhaint as ó d’áit chónaithe féin ag tosú ag 8.30pm. Is féidir leat fiú páirt a ghlacadh i lucht féachana beo Zoom, más mian leat.  

Cairde le Seachtain na Gaeilge i bhFine Gall le fada an lá iad Antaine Ó Faracháin agus Nollaig Mac Cárthaigh agus tá gliondar croí orainn fáilte a chur rompu arís eile chun teacht le chéile ceolmhar dlúthphearsanta ar Zoom a chur i láthair an 10 Márta ag 6.45.  Is féidir leat áit a chur in áirithe ar líne ar Eventbrite agus is féidir leat fiú páirt a ghlacadh ann tú féin trí amhrán a chasadh má chuireann tú ar an eolas sinn roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]  

Déanfaidh Leabharlanna Fhine Gall Códú i nGaeilge le The Academy of Code an 1 Márta agus beidh scéalaíocht ar siúl leis an scéalaí traidisiúnta Gaeilge Niall de Búrca an 13 Márta agus cuirfear go leor ábhair eile in airde ar líne.  Cuirfidh Oifig Spóirt Fhine Gall ábhar in airde gach lá agus tá ríméid orthu go mbeidh físeáin scileanna ar fáil leis na laochra spóirt, Ciarán Kilkenny, réalta CLG Bhaile Átha Cliath agus Cruicéadaí ar fhoireann na hÉireann, Lorcan Tucker. 

Díreoidh ár n-ábhar ar líne go léir go príomha ar an teanga agus an cultúr a cheiliúradh agus a chur chun cinn agus beidh go leor ábhar ar fáil le taitneamh a bhaint astu inár Meáin Shóisialta, Logainm an Lae agus Seanfhocal an Lae san áireamh.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. David Healy:    “Cuid bheo bheathach dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus imeacht tábhachtach bliantúil é Seachtain na Gaeilge. Tá gach rud difriúil i mbliana, dar ndóigh, agus táim an-sásta go bhfuil an fhormáid ar líne á glacadh chucu féin ag Comhairle Contae Fhine chun clár iontach a chur le chéile do Sheachtain na Gaeilge.  Cé gur mór an trua é nach féidir le daoine teacht le chéile ar an ngnáthbhealach, is minic gur féidir leis na Meáin Shóisialta agus ábhar ar líne imeachtaí a chur ar fáil do phobal i bhfad níos mó, thar limistéar i bhfad níos fairsinge. Tá an deis againn an teanga a úsáid agus a chur chun cinn i bpobal i bhfad níos leithne.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Is gnách go gcuirimid fáilte roimh dhíograiseoirí i bhFine Gall i rith Sheachtain na Gaeilge chun freastal ar imeachtaí inár Leabharlanna agus in Áras an Chontae agus tá súil agam go mbainfidh siad, agus lucht féachana níos leithne, taitneamh as an bhféile i mbliana trínár n-ábhar ilchineálach ar líne. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do thacú leis an bpobal Gaeilge agus Ealaíon agus tá gliondar croí orm seo a dhéanamh freisin tríd an bhféile seo trí ardán a sholáthar do cheoltóirí traidisiúnta agus a lucht éisteachta chun páirt a ghlacadh sa teanga agus sa chultúr ar líne.” 

Is féidir teacht ar shonraí iomlána fúthu seo agus faoi imeachtaí eile le haghaidh Sheachtain na Gaeilge ar ár láithreán gréasáin www.fingal.ie. Bí cinnte sinn a leanúint ar Facebook agus Twitter chun súil a chaitheamh ar ár n-ábhar laethúil sna meáin shóisialta

 

Tuilleadh eolais ó Bernie Kelly ag  [email protected]

Eolas faoi Seisiún Sheachtain na Gaeilge leis and Seamus Ennis Centre : Here 

Book Anthony O’Faracháin agus Nollaig MacCarthaigh click  Here 

To book Niall De Búrca click Here 

 

Antaine and Nollaig