Seachtain Chuimsithe Fhine Gall - seachtain do Chách!!!

An tseachtain seo chugainn, beidh Seachtain Chuimsithe Fhine Gall ar siúl den dara huair, agus breis is 37 n-imeacht fíorúla curtha ar siúl timpeall an Chontae.

 

FIW 2020 Virtual Photocall Photo

An tseachtain seo chugainn, beidh Seachtain Chuimsithe Fhine Gall ar siúl den dara huair, agus breis is 37 n-imeacht fíorúla curtha ar siúl timpeall an Chontae.

Is tionscnamh de chuid Oifig Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall agus Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall í an tseachtain seo, agus beidh sí ar siúl idir an 16 Samhain agus an 21 Samhain.

Tá sé mar aidhm ag Seachtain Chuimsithe Fhine Gall aird a tharraingt ar an obair dhearfach a dhéanann pobail, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile chun an t-eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a laghdú i bhFine Gall.2

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, “Fadhb leanúnach is é an t-eisiamh sóisialta do go leor daoine agus tá níos mó airde tarraingthe air in 2020, le linn na srianta Covid-19 a bheith i bhfeidhm. Le Seachtain Chuimsithe Fhine Gall, cuirfear daoine ar a gcumas idirghníomhú le grúpaí pobail agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spraíúla gan a mbaile féin a fhágáil, agus déanfar an fheasacht a mhúscailt ar an gceist seo chomh maith."

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Bhí sé mar phríomhchuspóir ag Fóram um Ghairm Phobail Fhine Gall, ón tráth ar cuireadh i mbun é i mí an Mhárta an bhliain seo caite, ná cumhacht a thabhairt do phobail éagsúla aire a thabhairt dá chéile trí leanúint leo a bheith i dteagmháil le daoine eile chun an t-aonrú sóisialta a sheachaint. Tá an feachtas Keep Well [Coinneáil Slán Tú Féin] atá ar siúl faoi láthair dírithe ar chinnte a dhéanamh de gur áit shláintiúil í Fine Gall trí thaispeáint do dhaoine de gach aois conas is féidir linn cúram a thabhairt dár sláinte agus dár bhfolláine féin, idir an tsláinte choirp agus an mheabhairshláinte, trí nósanna sláintiúla a chur lenár ngnáthaimh a dhéanaimid chuile lá agus chuile sheachtain. Ba mhaith linn go ndéanfar an contae a bheith mar áit inar féidir le gach aon duine taitneamh a bhaint as an tsláinte agus an fholláine, choirp agus mheabhrach araon, chun barr a chumas a bhaint amach; áit a bhfuil meas agus tacaíocht tugtha don fholláine ag gach leibhéal den tsochaí; agus ina nglacann chuile dhuine freagracht as a bhfolláine féin. Is céimeanna tábhachtacha iad na 37 n-imeacht atá beartaithe do Sheachtain an Chuimsithe Sóisialta Fhine Gall den aistear atá le déanamh againn chun Fine Gall a athrú le bheith ina háit sláintiúil, toisc go bhfuil comhairle agus tacaíocht curtha ar fáil iontu, chomh maith le go leor deiseanna chun idirtheagmháil phearsanta a dhéanamh ar líne le heagraíochtaí atá ag déanamh sár-obair sa phobal."

Tá Seachtain an Chuimsithe Fhine Gall an-tábhachtach chun an fheasacht a mhúscailt faoin obair den scoth atá á déanamh ag grúpaí pobail agus ag Rannán Forbartha Pobail Fhine Gall agus an Líonra Rannpháirtíochta Pobail chun dul i ngleic le fadhb an eisiata.

Chomh maith leis sin, tá sé d’aidhm ag an tseachtain seo an fheasacht a mhúscailt faoi na constaicí a bhíonn curtha ar shaoránaigh Fhine Gall gur chúiseanna iad leis an t-eisiamh sóisialta agus chun an tuiscint ar an ionchuimsiú i bhFine Gall a chur ar chun cinn.  Tá eagraíochtaí rannpháirteacha agus grúpaí pobail ar nós Bleeding Pig Film Festival, Empower, Children 4 World Children, Conai Clubhouse, PPN Fhine Gall, Ionad um Maireachtáil Neamhspleách Bhaile Bhlainséir agus Cros Dhearg na hÉireann ag reáchtáil imeachtaí chun saincheisteanna dá leithéid a iniúchadh i sraith agallamh agus díospóireachtaí painéil.

Le Seachtain Chuimsithe Fhine Gall, cuirfear ardán ar fáil do ghrúpaí agus do sheirbhísí ar nós Swords Men Sheds, Ionad d’Oibrithe Deonacha Fhine Gall, Cumann Cónaitheoirí Chnocán an Iústásaigh, Bailte Slachtmhara Chaisleán Cnucha agus na Sceirí, Baile A Oireann Don Uathachas, chun fáilte fhíorúil a chur roimh an bpobal agus a insint do dhaoine faoi na gníomhaíochtaí a dhéanann siad agus faoi conas páirt a ghlacadh iontu.

Tá na himeachtaí go léir saor in aisce agus tá rud éigin sa chlár le haghaidh gach duine. Beidh imeachtaí ar siúl a bhfuil an spraoi i gceist leo, triail a bhaint as ciorcal amhránaíochta, ukeathon, léamha drámaíochta, tradathon, an gharraíodóireacht agus taispeántas grianghrafadóireachta, mar shampla.

I measc na gníomhaíochtaí a bheidh curtha ar siúl le linn na seachtaine, beidh an deis ag gach duine leas a bhaint as ceardlanna ar líne, leithéidí 5 bhealach chun na folláine do ghrúpaí pobail, an fheasacht ar an gcomhshaol, aon duine fásta maith amháin, an treoir ar an oideachas aosach, podchraoltaí d’fhoghlaimeoirí Béarla, meabhairshláinte na bhfear agus an oiliúint idirchultúrtha agus éagsúlachta.

Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir bróisiúr faoi na 37 n-imeachtaí ar líne a fháil ar fingalinclusionweek.ie agus ar fingal.ie. Tá na háiteanna teoranta agus mar sin ní mór gach imeacht a chur in áirithe roimh ré le bheith cinnte go bhfuil áit agat.

 

Mayor Launches Fingal Inclusion Week