Seacht Mórshiúl Lá Fhéile Pádraig Curtha ar Ceal

I ndiaidh measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar an mbagairt a chruthaíonn an Coróinvíreas (Covid-19), chomhaontaigh Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien, agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, go gcuirfear na seacht Mórshiúl Lá Fhéile Pádraig, a bhí le cur ar siúl ar fud an chontae, ar ceal.

Is iad na mórshiúlta a chuirfear ar ceal iad siúd i Sord, Baile Brigín, Baile Bhlainséir, Mullach Íde, na Sceirí, an Ros agus Lusca.

Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ag cloí le comhairle na Roinne Sláinte agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le déileáil le tionchar féideartha an Choróinvíris (COVID-19) ar ár ngníomhaíochtaí agus tá ár bhFoireann Bhainistíochta Géarchéime ag oibriú lena chinntiú go bhfuil an Chomhairle réidh agus ullamh chun déileáil le ceisteanna de réir mar a thagann siad chun solais.

St. Patrick's Day Parade 2019