Scoileanna Fhine Gall i gcoimhlint lena chéile i gCraobhchomórtas Battle of the Book

St.Marnocks

Reáchtáladh craobhchomórtas Battle of the Book Leabharlanna Chontae Fhine Gall inné, an 11 Márta, in Ionad Riasc i Sord.

Ba é Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien a sheol an clár ar dtús ar an 16 Deireadh Fómhair. Bhí an méid seo a leanas le rá aige ag an gcraobhchomórtas; “Is clár iontach é seo atá deartha chun leanaí a spreagadh chun a bheith ag léamh agus muinín a bheith acu astu féin, trí leabhar a phlé a sholáthraíonn eispéireas roinnte léitheoireachta agus a chothaíonn spéis sa léitheoireacht go deo. “

I mbliana ba é an leabhar a roghnaíodh “World War 1 – When the Lights Went Out in Europe” le Rod Smith. Seo a leanas na scoileanna a ghlac páirt sa chlár i mbliana:

Scoil Náisiúnta do Bhuachaillí Cholm Cille, Sord, Bunscoil Shinsearach San Héilin, Port Mearnóg, Bunscoil Shinsearach San Labhrás, Baile Dúill, San Maighréad, San Maighréad, Bunscoil Mhuire Bhanríon na hÉireann, Móinéar na hAbhann agus Bunscoil Naomh Mearnóg, An Coinicéar, Port Mearnóg.

I ndiaidh dianchoimhlint d’éirigh le Bunscoil Naomh Mearnóg an duais a thabhairt abhaile leo.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae; “Cúis áthais do Leabharlanna Fhine Gall go bhfuil Maura Cassidy agus DAA ag tacú le “The Battle of the Book” arís in mbliana. Is clár iontach é chun leanaí a spreagadh chun leabhair a léamh agus idirghníomhú lena chéile.”

 

 

 

 

 

Battle of the Book Final