Scéim Tacaíochta d'Ealaíontóirí Chomhairle Contae Fhine Gall 2020

Lorgaíonn Comhairle Contae Fhine Gall iarratais ó ealaíontóirí ar dhuais ar fiú suas le €4,000 í. Tá an duais ar fáil chun tacú le deiseanna taistil agus forbartha gairmiúla, cónaitheacht, nó saothar a fhorbairt.

Tá an gradam ar fáil d'ealaíontóirí gníomhacha ag gach céim a ngairme proifisiúnta a oibríonn i gceol, amharcealaín, drámaíocht, litríocht agus damhsa.

Chun a bheith i dteideal iarratas a chur isteach, ní mór d'iarratasóirí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: rugadh iad i limistéar riaracháin Fhine Gall, rinne siad staidéar ann, nó tá cónaí orthu faoi láthair ann.

Tá an maoiniú ar fáil le haghaidh tionscadal nó tionscnamh a bheidh ar siúl idir 1 Bealtaine agus 31 Nollaig 2020. 

Dáta deireadh a ghlacfar le hiarratais:  Dé hAoine, 28 Feabhra 2020, 4 p.m.

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le:  [email protected]  t: 01 890 5014

Application Form Arts Office Bursary