Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta á bhFógairt ag Comhairle Contae Fhine Gall

Scéim Scoláireachta Gaeltachta - Fógra

Rinneadh an tarraingt inniu do na Scoláireactaí Gaeltachta agus tá na 10 buaiteor curtha ar an eolas. Comhghairdeas libh agus go raibh maith agaibh go léir as bhur n-iarratais.

 

County Hall Swords

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall Scoláireachtaí a thairiscint do dhaltaí Dara Leibhéal  Fhine Gall a bheidh ag freastal ar Chúrsaí Gaeilge cónaitheacha sa Ghaeltacht i 2024.   Fógróƒar na hiarrthóirí rathúla le linn fhéile Sheachtain na Gaeilge nuair a bheidh an Ghaeilge á cur chun cinn againn ar feadh 2 sheachtaine le linn mhí an Mhárta.

Beidh 10 bpáirtscoláireachtaí de €500 an ceann ar fáil agus tá siad oscailte do dhaltaí atá ina gcónaí i bhFine Gall nó atá ag freastal ar scoil dara leibhéal i bhFine Gall. Cinnfear na hiarrthóirí rathúla trí chrannchur agus fáiltítear roimh iarratais ó dhaltaí a bhfuil leibhéal ar bith Gaeilge acu a fhad is go mbeidh siad ag freastal ar Chúrsa Gaeltachta i 2024.  Íocfar an scoláireacht le tuismitheoir nó le caomhnóir an dalta agus beidh ar iarrthóirí rathúla fianaise a sholáthar maidir le háirithint/íocaíocht dheimhnithe don Choláiste Gaeltachta.  Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná Dé Domhnaigh, 3 Márta, 2024.

Fáilteofar roimh na hiarrthóirí rathúla freastal ar cheolchoirm Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl I Halla an Chontae, Sord an 13 Márta, 2024 áit a mbeidh deis acu pictiúr a ghlacadh le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy.  Níl sa cheolchoirm, ina mbeidh Ellie Níc Fhionnghaile, Dónal Kearney agus Fergus Cahilane, ach ceann amháin den iliomad imeachtaí a bheidh ar siúl i bhFine Gall do Sheachtain na Gaeilge – is féidir sonraí iomlána a fháil ag https://www.fingal.ie/seachtain-na-gaeilge-2024

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: ‘Is dea-scéal iontach é Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta nua Chomhairle Contae Fhine Gall do dhaltaí Fhine Gall ar mian leo leas a bhaint as an deis freastal ar an nGaeltacht agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge.’

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall AnnMarie Farrelly: ‘Tá fíoráthas orainn an scéim Scoláireachtaí bhliantúil seo a thabhairt isteach chun cuidiú le teaghlaigh Fhine Gall leis an gostas a bhaineann le dalta a chur chuig an nGaeltacht. Táimidne i bhFine Gall tiomanta do thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don phobal Gaeilge i bhFine Gall agus mar aon le cuidiú le hoideachas na ndaltaí, cabhróidh na cúrsaí seo le grá ar feadh an tsaoil a chothú don teanga.’

Conas iarratas a dhéanamh

Féadfaidh tuismitheoirí nó caomhnóirí an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú atá ar fáil ag an nasc seo a leanas.

Iarratas ar Scoláireacht Ghaeltachta Chomhairle Contae Fhine Gall 2024

Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná 10in Dé Domhnaigh, 3 Márta 2024. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha. Déan teagmháil le do thoil le [email protected] má tá aon cheisteanna agat. Cuirfear na hiarrthóirí rathúla ar an eolas an 6 Márta, 2024.