Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta 2026 á bhFógairt ag Comhairle Contae Fhine Gall
Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall Scoláireachtaí a thairiscint do dhaltaí Dara Leibhéal Fhine Gall a bheidh ag freastal ar chúrsaí cónaithe Gaeilge sa Ghaeltacht.
Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall Scoláireachtaí a thairiscint do dhaltaí Dara Leibhéal Fhine Gall a bheidh ag freastal ar chúrsaí cónaithe Gaeilge sa Ghaeltacht. Tar éis an tsuim mhór a léiríodh sa scéim, a tugadh isteach don chéad uair i 2024, tá fíoráthas orainn leanúint ar aghaidh do 2026 agus 15 bpáirtscoláireacht á dtairiscint againn. Fógrófar na hiarrthóirí rathúla roimh fhéile Sheachtain na Gaeilge nuair a bheidh an Ghaeilge á cur chun cinn againn ar feadh coicíse le linn mhí an Mhárta.
Beidh 15 bpáirtscoláireacht de €500 an ceann ar fáil agus tá siad oscailte do dhaltaí a bhfuil cónaí orthu i bhFine Gall nó atá ag freastal ar scoil dara leibhéal i bhFine Gall. Déanfar cinneadh maidir leis na hiarrthóirí rathúla le crannchur agus fáilteofar roimh iarratais ó dhaltaí a bhfuil leibhéal ar bith Gaeilge acu a fhad is go mbeidh siad ag freastal ar Chúrsa Gaeltachta i 2025. Íocfar an Scoláireacht le tuismitheoir nó le caomhnóir an dalta agus beidh ar iarrthóirí rathúla fianaise a sholáthar ar áirithint/íocaíocht deimhnithe don Choláiste Gaeltachta. Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná Dé Domhnaigh, 15ú Feabhra, 2026 agus cuirfear na hiarrthóirí rathúla ar an eolas an tseachtain dár gcionn.
Fáilteofar roimh dhaltaí rathúla freastal ar cheolchoirm Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl in Áras an Chontae, Sord ar an 11ú Márta 2026, áit a mbeidh deis acu pictiúr a ghlacadh le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Tom O’Leary. Níl sa cheolchoirm ach ceann amháin den iliomad imeachtaí a bheidh ar siúl i bhFine Gall do Sheachtain na Gaeilge – beidh sonraí iomlána le fáil ag https://www.fingal.ie/seachtain-na-gaeilge-2026
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: ‘Tá áthas an domhain orm a fheiceáil go bhfuiltear ag leanúint de Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta Chomhairle Contae Fhine Gall agus go mbeidh ciste níos mó aici do 2026. Is dea-scéala ar fad é seo do thuismitheoirí Fhine Gall agus do dhaltaí ar mhaith leo an Ghaeilge a bhlaiseadh sa Ghaeltacht, rud a rachaidh chun tairbhe dá gcuid oideachais, agus cuimhní marthanacha á gcruthú agus gaol ar feadh an tsaoil leis an teanga á chothú de réir mar a fheabhsaíonn siad a scileanna Gaeilge i dtimpeallacht spraíúil.’
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: ‘Tá ríméad orainne i gComhairle Contae Fhine Gall leanúint den Scéim Scoláireachtaí seo do 2026, agus cistiú méadaithe is ionann agus 15 scoláireacht ar tairiscint chun cabhrú le teaghlaigh Fhine Gall an costas atá i gceist le dalta a sheoladh chuig an nGaeltacht a chlúdach. Tá an spéis ollmhór sa scéim ag teacht le neart an phobail Gaeilge i bhFine Gall agus tá bród orainn as an díograis sin dár dteanga dhúchais sa Chontae a chothú agus a chur ar aghaidh.’
‘Bhí an t-ádh dearg orm freastal ar chúrsaí Gaeltachta agus mé i mo dhéagóir, agus is eol dom gur eispéireas iontach iad na turais sin agus go rannchuidíonn siad le grá ar feadh an tsaoil don teanga,’ arsa Bernie Kelly, Oifigeach Gaeilge. ‘Bíonn an-éileamh ag teacht ar an nGaeilge san fhostaíocht, go háirithe san Earnáil Phoiblí, agus mholfainn do dhaltaí leanúint dá gcuid scileanna agus cáilíochtaí sa Ghaeilge a fheabhsú.’
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir le tuismitheoirí nó caomhnóirí an fhoirm iarratais ar líne atá ar fáil ag an nasc seo a leanas a chomhlánú. https://www.fingal.ie/ga/gaeltacht