Scéim d’Oibreacha Deisiúcháin um Áiseanna Pobail

 

Tá iarratais á lorg anois ar mhaoiniú faoin Scéim seo

Funding

Tá Rannóg Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag fógairt scéim nua €400,000 d’Oibreacha Deisiúcháin um Áiseanna Pobail in Ionaid Phobail. Beidh an scéim dírithe ar ionaid phobail atá ann cheana féin (nach bhfuil faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall) ar fud chontae Fhine Gall a fheabhsú.

Tá iarratais ar mhaoiniú faoin Scéim seo á lorg anois do na catagóirí seo a leanas.

Áis ilchuspóireach:

Deontais suas le 50% de chostais na n-oibreacha faoi réir uasmhéid de €40,000 do thionscadail feabhsúcháin/athchóirithe lena mbaineann oibreacha caipitil.

Áis spéise aonair:

Deontais suas le 50% de chostais na n-oibreacha faoi réir uasmhéid de €30,000 do thionscadail feabhsúcháin/athchóirithe lena mbaineann oibreacha caipitil.

 

Cliceáil anseo le haghaidh Treoirlínte agus na gcritéar scéime

Chun foirm iarratais a fháil cliceáil anseo