Roinntear cistiú nua €190,000 ón Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte i measc Bailte agus Sráidbhailte i bhFine Gall

Balrothery

Tacóidh an cistiú nua le tionscadail i bParóiste San Maighréad, Baile an Ridire, Baile an Rólaigh agus Lusca.

Bhronn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail cistiú €190,000 ar Chomhairle Contae Fhine Gall faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2020. Tá an cistiú dírithe ar chabhrú le pobail freagairt do COVID-19 trí chonláistí allamuigh a fhorbairt agus spásanna poiblí a bharrfheabhsú agus leagfar béim freisin ar thacú le cianoibriú i bpobail tuaithe.  

Nuair a chuirtear an cistiú seo, a bronnadh faoin mbabhta is déanaí den Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2020, is ionann an cistiú iomlán a bronnadh ar 10 mbaile agus sráidbhaile i bhFine Gall agus €422,000.

Cuirfear cistiú €21,600 ar fáil chun ceantair a uasghrádú a roghnaíodh mar Phointí Ceangail Leathanbhanda chun cianoibriú agus rochtain dhigiteach a éascú don daonra áitiúil i mBaile an Rólaigh agus Lusca (Man O’War).

Ceadóidh €99,000 a bhronnfar ar Bhaile an Ridire áiseanna nua siúil agus rothaíochta a fhorbairt, chomh maith le bearta feabhsaithe sráid-dreacha a dhéanamh.

Bainfidh Paróiste San Maighréad tairbhe as cúnamh deontais €69,525 chun feabhas a chur ar an gceantar áitiúil ina bhforbrófar limistéar glas nua agus ina gcuirfear feabhas ar shócmhainní oidhreachta agus ar rochtain ar an sráidbhaile.

Agus fáilte á cur aige roimh an gcistiú nua a d’fhógair an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphries, TD, dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. David Healy, “Cuirim fáilte roimh fhógairt an Aire. Tugann Comhairle Contae Fhine Gall tús áite do Thaisteal Gníomhach agus cuirim fáilte mhór dá bharr roimh chistiú do bhealaí feabhsaithe siúil agus rothaíochta. Cuirtear fáilte ar leith roimh Phointí Ceangail Leathanbhanda a fhorbairt agus rachaidh sé chun sochair mhóir d’oibrithe, mic léinn agus an phobail i gcoitinne sna ceantair seo”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Tá Fine Gall ar thús cadhnaíochta fhreagairt an phobail do Covid-19 agus leanfaidh an Chomhairle leis an bhfreagairt áitiúil a stiúradh don phaindéim trí thacaíochtaí pobail agus gnó agus bonneagar a fhorbairt. Foinse amháin eile den tacaíocht sin í an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, ag an tráth is mó a bhfuil gá leis.”

Dúirt Stiúrthóir um Fhorbairt Gheilleagrach, Fiontraíochta, Turasóireachta agus Chultúrtha Chomhairle Contae Fhine Gall, Emer O’Gorman: “Cuireann an cistiú leis an rath a bhí ar Chomhairle Contae Fhine Gall acmhainní breise a fháil do cheantair áitiúla i rith na tréimhse dúshlánaí seo. Bhí an bhliain seo an-deacair ar ghnólachtaí agus pobail agus níl sa Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte ach sampla eile den infheistíocht leanúnach atá á déanamh i bhFine Gall trí réimse beart chun muinín ghnó a spreagadh agus chun cabhrú le pobail éirí níos athléimní”.

Chuir Aoife Sheridan, an tOifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach sa Rannóg um Fhorbairt Gheilleagrach, Fiontraíochta, Turasóireachta agus Chultúrtha fáilte roimh an bhfógairt, “Ba mhaith leis an gComhairle buíochas a ghlacadh leis na grúpaí pobail a d’oibrigh le, agus a chabhraigh leis an gComhairle, chun na hiarratais ar an tionscadal a fhorbairt. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tnúth le hoibriú leis na pobail chun na tionscadail seo a sholáthar a sholáthróidh tairbhí marthanacha do na bailte agus na sráidbhailte atá i gceist”.

Cuirtear an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte ar fáil tríd an Rannóg um Fhorbairt Gheilleagrach, Fiontraíochta, Turasóireachta agus Chultúrtha chun forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus tacú le pobail bheoga, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann.

Man o war