Réamhfhógraí Rabhaidh eisithe don Trá Mhín, Port Mearnóg agus Loch Sionnaigh

Tá Réamhfhógra Rabhaidh eisithe ag Comhairle Contae Fhine Gall don Trá Mhín, Port Mearnóg agus Loch Sionnaigh ar feadh 6 lá.

Cuirtear in iúl do shnámhaithe go bhféadfadh méadú a bheith ar leibhéil na mbaictéar san uisce snámha mar gheall ar bháisteach throm a bhfuiltear ag súil léi. 

Tá sampláil d’uisce snámha beartaithe don Déardaoin 27 Lúnasa beidh na torthaí ar fáil Dé Sathairn 29 Lúnasa agus eiseofar nuashonrú ag an bpointe sin.

Luaitear san Fhógra, chun an riosca breoiteachta a laghdú, gur cheart d’úsáideoirí na trá na réamhchúraimí seo a leanas a ghlacadh:

  • •  Seachain uisce a shlogadh nó a lapadáil
  • •  Nigh do lámha sula láimhseálann tú bia
  • •  Seachain snámh le gearradh nó créacht oscailte
  • •  Seachain snámh má tá tú ag iompar clainne nó má tá córas imdhíonachta lagaithe agat

Tá na fós oscailte ach iarrtar ar úsáideoirí na trá an fógra comhairleach a urramú toisc gur eisíodh é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte na snámhaithe i gcontúirt.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht uisce a sheiceáil ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn roimh ré trí rochtain a fháil ar shuíomh Gréasáin an GCC ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí a sheiceáil ag an mbealach isteach de gach trá.