Réadmhaoine folmha a thiontú ina dtithe níos teo, níos glaise agus níos tíosaí ar fhuinneamh

converted house

Réadmhaoine folmha a thiontú ina dtithe níos teo, níos glaise agus níos tíosaí ar fhuinneamh

Beidh tráthnóna faisnéise á óstáil ag Comhairle Contae Fhine Gall amach sa mhí seo chun feasacht a mhúscailt ar scéimeanna deontas ar féidir leo laghdú a dhéanamh ar na hualaí airgeadais atá roimh úinéirí réadmhaoine agus úinéirí réadmhaoine ionchasacha ar spéis leo réadmhaoine folmha nó tréigthe a thabhairt ar ais in úsáid.

Beidh an ócáid ar siúl an 23 Meán Fómhair 2025 sa Tara Suite, Grand Hotel, i Mullach Íde, ar lena linn a thabharfaidh Foireann na dTithe Folmha agus an Oifig Caomhantais Ailtireachta de chuid na Comhairle breac-chuntas ar na deiseanna atá ann dóibh siúd ar spéis leo tabhairt faoi thionscadail athchóirithe ar fud an chontae. Beidh baill foirne ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) i láthair chun faisnéis a thabhairt faoi na deontais atá ar fáil.

Ceann de na príomhnithe a ndíreofar orthu sa seisiún a bheidh sa scéim Deontas um Réadmhaoine Folmha dar teideal Croí Cónaithe. Ó seoladh an tionscnamh breis agus trí bliana ó shin i leith, ceadaíodh breis agus €8.65 milliún in íocaíochtaí deontais do 170 iarratasóir ar fud an chontae. Faoin scéim, tá deontais suas le €50,000 ar fáil le haghaidh athchóiriú réadmhaoine folmha lena n-úsáid mar phríomháiteanna cónaithe príobháideacha nó mar réadmhaoine ar cíos, agus deontas breise €20,000 ar fáil i gcás go bhfuil an réadmhaoin tréigthe.

converted staircase

Dúirt Paul Carroll, an Stiúrthóir Tithíochta i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tá ríméad orainn a fheiceáil go bhfuil an scéim Deontas um Réadmhaoine Folmha a Athchóiriú ag leanúint de ról tábhachtach a imirt sa líon tithe atá ar fáil a mhéadú, i mbeocht a thabhairt ar ais dár bpobail agus i ndul i ngleic le réadmhaoine folmha agus tréigthe i mbailte agus sráidbhailte ar fud an chontae. Baintear an méid sin ar fad amach ar an mbealach is inbhuanaithe is féidir trí fhoirgnimh atá ann cheana a athúsáid. Is é atá sa tráthnóna faisnéise ná deis eile an scéim a thaispeáint d’úinéirí réadmhaoine Fhine Gall agus tá ríméad orainn go mbeidh SEAI i láthair freisin chun faisnéis a thabhairt faoi na deontais de chuid SEAI is féidir a úsáid i dteannta na nDeontas um Réadmhaoine Folmha a Athchóiriú.”

Soláthrófar le linn an imeachta freisin faisnéis faoi Limistéir Caomhantais Ailtireachta i bhFine Gall agus faoi na deontais ghaolmhara chaomhantais atá ar fáil. Ós rud é go bhfuil 33 Limistéar Caomhantais Ailtireachta ann i bhFine Gall, a bhfuil 14 cinn díobh i dtoghlimistéar Bhinn Éadair/Mhullach Íde, soláthrófar sa seisiún faisnéise dóibh siúd atá ag smaoineamh ar oibreacha a dhéanamh ar a réadmhaoin roinnt léargais úsáideacha ar Limistéir Caomhantais Ailtireachta agus ar conas is féidir an cistiú atá ar fáil a uasmhéadú.

Riarann Oifig Caomhantais Fhine Gall scéimeanna bliantúla thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le haghaidh oibreacha ar dhéanmhais chosanta agus ar fhoirgnimh chosanta i Limistéir Caomhantais Ailtireachta, chomh maith lena scéim féin le haghaidh miondeisiúchán agus/nó comhairle caomhantais. Sa bhliain 2025, dámhadh €300,000, beagnach, san iomlán do 47 dtionscadal caomhantais sa chontae.

Moltar d’aon daoine ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar an Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tógtha 2026 — lena n-áirítear an Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla — an t-iarratas uathu a ullmhú a luaithe is féidir. An scéim, lena soláthraítear tacaíocht ríthábhachtach le haghaidh chaomhnú ár n-oidhreachta tógtha, beidh sí ar oscailt le haghaidh iarratas go dtí an Aoine an 26 Meán Fómhair 2025. Léigh tuilleadh faisnéise faoin scéim anseo

Beidh baill foirne ó SEAI i láthair ar an oíche chun comhairle a thabhairt maidir leis na deontais éagsúla atá ar fáil ó SEAI chun tithe a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh agus maidir le conas is féidir deontais

ó SEAI a úsáid i gcomhar leis an Deontas um Réadmhaoine Folmha a Athchóiriú mar chuid d’athchóiriú foriomlán ar réadmhaoin atá folamh agus/nó tréigthe.

Osclófar na stallaí faisnéise ag 6.30pm agus cuirfear tús le láithreoireachtaí ón gComhairle agus ó SEAI ag 7pm. Beidh an t-imeacht ar oscailt do shaoránaigh ó gach cearn den Chontae. Chun freastal ar an imeacht in aisce, ní mór duit clárú roimh ré tríd an nasc

Malahide ACA poster