Rath mór ar Ghrúpaí Fhine Gall i ngradaim Chomórtas na mBailte Slachtmhara 2025
 
Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall comhghairdeas a dhéanamh leis na coistí Bailte Slachtmhara go léir as a rath leantach tar éis fhógairt thorthaí na bliana seo.
Fógraíodh Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma, mar Bhuaiteoir Náisiúnta as measc breis agus 900 baile a bhí san iomaíocht do na gradaim, rud a léiríonn an spéis ollmhór atá i gComórtas Bailte Slachtmhara Supervalu atá ar siúl ó bhí an bhliain 1958 ann.
Fuair na coistí tiomnaithe uile ar fud Fhine Gall scóir a bhí níos airde ná na scóir a fuair siad sa bhliain 2024. Bronnadh an Dara hÁit sa Chontae agus Bonn Óir ar na Sceirí, agus bronnadh an Tríú hÁit sa Chontae agus Bonn Óir ar Mhullach Íde. Bronnadh Bonn Óir ar Shord freisin, agus fuair Lusca, an Ros agus Baile Brigín Boinn Chré-umha.
Bhí rath ann freisin ar Chluain Saileach, agus an grúpa ag fáil Gradam Díchill as an bhfeabhsú is mó ag iontrálaí sa chontae i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Fuair sé 32 phointe níos mó ná mar a fuair sé sa bhliain 2024. Bronnadh ardmholadh ar Choiste Bailte Slachtmhara Bhinn Éadair i ngradam Geilleagair Chiorclaigh na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, agus fuair Mullach Íde an dara duais sa chatagóir sin.
Rangaíodh Baile Brigín ar bharr an liosta i gcatagóir Gradaim Pailneoirí Údaráis Áitiúil do Bhaile Mór Réigiúnach/Ionad Mór Uirbeach i Réigiún an Láir Tíre agus an Oirthir, agus tugadh ardmholadh don ghrúpa áitiúil i gcatagóir na nDaoine Óga i mBailte Slachtmhara freisin.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Comhghairdeas lenár nGrúpaí Bailte Slachtmhara go léir a dhéanann obair chomh ríthábhachtach sin chun ár mbailte a choinneáil glan. Léiríonn a gcuid oibre an chuid is fearr dár bpobail áitiúla. Bhí áthas ar leith orm a fheiceáil go raibh na Sceirí sa Dara hÁit sa Chontae, díreach 5 mharc taobh thiar de Bhuaiteoir an Chontae, agus Mullach Íde sa Tríú hÁit sa Chontae. “Comhghairdeas freisin le Cluain Saileach, a raibh feabhsú ollmhór 32 phointe uirthi i gcomparáid leis an mbliain seo caite.”
Dúirt Mary T. Daly, Stiúrthóir Oibríochtaí i gComhairle Contae Fhine Gall: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach grúpa Bailte Slachtmhara de chuid Fhine Gall as a sármharcanna i mbliana. Leanfaidh Rannóg Oibríochtaí Fhine Gall ar aghaidh ag obair leis na hoibrithe deonacha go léir sna grúpaí sin agus ag tacú leo. Tá a gcuid oibre thar a bheith luachmhar dár gceantair áitiúla agus rannchuidíonn sí lenár spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach.”
Tá na pointí a bronnadh ar na coistí tiomnaithe go léir ar fud Fhine Gall le feiceáil sa tábla thíos:
| Baile | 2024 | 2025 | 
| Baile Scadán | 285 | 302 | 
| An Aill | 294 | 307 | 
| An Seanbhaile | 250 | 261 | 
| Baile Bachaille | 339 | 356 | 
| Baile an Ridire | 302 | 315 | 
| Port Reachrann | 247 | 258 | 
| Cluain Saileach | 213 | 245 | 
| Baile Dúill | 304 | 319 | 
| Baile Bhlainséir | 278 | 295 | 
| Caisleán Cnucha | 296 | 313 | 
| Binn Éadair | 340 | 355 | 
| Lusca | 353 | 367 | 
| Domhnach Bat | 287 | 299 | 
| Port Mearnóg | 300 | 313 | 
| An Ros | 346 | 365 | 
| Na Sceirí | 381 | 395 | 
| Baile Brigín | 348 | 363 | 
| Mullach Íde | 379 | 394 | 
| Sord | 370 | 383 | 
