Rath ar Ardán Cainte Ionad Eolais Europe Direct Bhaile Bhlainséir

Beverly Joseph with Minister Sean Canney

Tá aghaidh á tabhairt ag seaimpín Ardán Cainte Europe Direct Bhaile Bhlainséir ar an mBruiséil i ndiaidh a bua suntasach ag an gComórtas Náisiúnta ag 6 Sráid Chill Dara ar an 20 Samhain.

Tharraing Beverley Joseph, atá ag obair in e-Bay i mBaile Bhlainséir, aird na moltóirí uirthi féin ar dtús sa chomórtas 19 and Over ag babhta réigiúnach an Ardáin Cainte i Leabharlann Bhaile Bhlainséir ar an 5 Samhain, nuair a thug sí óráid lán mothúchán faoin téama ‘Ní bhaineann an tAthrú Aeráide liomsa’.

Cuireann Beverley cláir raidió i láthair ina cuid ama féin agus is breá léi YouTube freisin, agus chinn sí páirt a ghlacadh sa chomórtas i ndiaidh dá máthair fógra a fheiceáil i Leabharlann Bhaile Bhlainséir. Bhí spéis aici riamh san Athrú Aeráide.

“Chonaic mo Mháthair an fógrán sa leabharlann, thug sí fógrán abhaile léi agus dúirt sí liom go mbeadh mé breá ábalta tabhairt faoi gcomórtas. Tá spéis ar leith agam sa timpeallacht ó bhí mé sa bhunscoil, agus mheabhraigh mo Mháthair dom gur bhuaigh mé Comórtas Póstaer bunaithe ar athchúrsáil nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois.”

Nuair a bhí Beverley 18 mbliana d’aois agus ag tabhairt faoi chlár scoláireachta sa Bhrasaíl, (Clár Comhaltachta Domhanda an Phríomhaire faoi cheannas Phríomhaire na Breataine ag an am, Gordon Brown), rinne sí intéirneacht don Chorparáid Ilnáisiúnta KPMG sa Roinn um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach.

“Bhí sé de phribhléid agam éisteacht le gníomhaithe díograiseacha ag labhairt faoi thionchar an Athraithe Aeráide agus tá spéis ar leith agam san ábhar ó shin i leith.”

Ag déanamh ionadaíochta ar Ionad Eolais Europe Direct Bhaile Bhlainséir i dteannta leis an seaimpín réigiúnach Faoi 18, Emily O’Shea ó Phobalscoil Phort Mearnóg, cúis áthais do Beverley an chéad duais de €1,000 agus turas chuig an mBruiséil a bhuachan, áit a mbeidh deis aici cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa agus ar institiúidí AE eile.

“Táim fíorshásta,” a dúirt sí. “Is mór an phribhléid é. Imeacht deas a bhí ann agus bhí an t-atmaisféar go hiontach.”

Chomh maith le bheith ag súil leis an turas chun na Bruiséile, tá Beverley ag súil go mór lena céad leabhar do pháistí a fhoilsiú an bhliain seo chugainn leis na foilsitheoirí Olympia; ‘Ernest and the Prince of Peace’ an teideal atá roghnaithe aici don leabhar.

Le linn di a bheith ag tréaslú le Beverley agus Emily as an gcur i láthair a rinne siad sa Chomórtas Náisiúnta, bhí an méid seo a leanas le rá ag Siobhan Walshe, Bainisteoir Ionad Eolais Europe Direct Bhaile Bhlainséir; “Bhí a bua sa Chomórtas Réigiúnach i mBaile Bhlainséir tuillte go maith ag Beverley, agus ba léir go raibh spéis ar leith aici san ábhar le linn di a bheith ag caint. Táimid fíorshásta gur éirigh chomh maith sin le Beverley, agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Beverley agus Emily as ionadaíocht ar ardchaighdeán a dhéanamh ar ár nIonad Europe Direct ar an ardán náisiúnta.”