Rath ar Aer Úr na hAoine i mBaile Brigín

Tháinig Comhairle Contae Fhine Gall, Bailte Slachtmhara Bhaile Brigín agus Ár mBaile Brigín le chéile an tseachtain seo chun an chéad ‘Aer Úr na hAoine’ de chuid Bhaile Brigín den téarma scoile nua a óstáil. Tugadh cuireadh do scoileanna agus do ghnólachtaí an bhaile a bheith páirteach ann trí iarraidh ar a ndaltaí agus fostaithe an carr a fhágáil sa bhaile don lá agus Taisteal Gníomhach a roghnú dá dturas.

Fresh Air Friday Balbriggan Image 1

Tháinig Comhairle Contae Fhine Gall, Bailte Slachtmhara Bhaile Brigín agus Ár mBaile Brigín le chéile an tseachtain seo chun an chéad ‘Aer Úr na hAoine’ de chuid Bhaile Brigín den téarma scoile nua a óstáil. Tugadh cuireadh do scoileanna agus do ghnólachtaí an bhaile a bheith páirteach ann trí iarraidh ar a ndaltaí agus fostaithe an carr a fhágáil sa bhaile don lá agus Taisteal Gníomhach a roghnú dá dturas.

Trí shiúl, rothaíocht, scútáil, rith nó úsáid a bhaint as iompar poiblí seachas tiomáint dá ngnáththuras iomlán nó cuid de, tá muintir Bhaile Brigín ag cabhrú chun astaíochtaí carbóin agus brú tráchta a laghdú, agus iad ag baint taitnimh as bolgam aer úr ag tús an lae.

Fresh Air Friday Balbriggan Image 2

Deir Stephen McGinn, Oifigeach Siúil agus Rothaíochta Chomhairle Contae Fhine Gall, ‘Is féidir linn go léir athruithe beaga a dhéanamh a mbeidh tionchar mór acu ar ár n-aeráid agus ar ár bpobal. Is leor siúl nó scútáil ar scoil in ionad na páistí a chur sa charr, fiú lá amháin nó dhó sa tseachtain, chun difríocht dhearfach a dhéanamh dár sláinte agus dár dtimpeallacht áitiúil.’

Fresh Air Friday Balbriggan Image 3

Deir Emma Grufferty, Príomhoide Scoil Náisiúnta Educate Together Bhaile Brigín, ‘Ciallaíonn níos lú carranna ag fánaíocht ag geata na scoile gach maidin agus tráthnóna go mbíonn aer níos glaine ag na daltaí. Tugaimid faoi deara nuair a shiúlann páistí ar scoil, go dtagann siad isteach airdeallach agus réidh le foghlaim. Tá siad ag foghlaim scileanna sábháilteachta ar bhóithre freisin agus ag cleachtadh a neamhspleáchais, rud atá thar a bheith dearfach. Táimid ag spreagadh an oiread teaghlach agus is féidir chun nós fadtéarmach a dhéanamh den chéad Aer Úr na hAoine seo.’

Cuireann Terry O’Reilly ó Bhailte Slachtmhara Bhaile Brigín i gcuimhne dúinn nach do scoileanna amháin atá Aer Úr na hAoine. ‘Tá pobal gnó rathúil i mBaile Brigín le go leor miondíoltóirí, caiféanna agus oifigí agus táimid ag iarraidh ar na gnólachtaí sin go léir a bhfoireann fhéin a spreagadh chun siúl nó b’fhéidir a rothar a thabhairt chun na hoibre gach Aoine. Is bealach iontach é Taisteal Gníomhach a roghnú chun taithí a fháil ar gach rud atá le tairiscint ag Baile Brigín agus ag an am céanna brú tráchta a laghdú agus ár gcaighdeán aeir a fheabhsú. Táimid ag tnúth le hAer Úr na hAoine a fheiceáil mar imeacht rialta do go leor daoine amach anseo.’