Ranganna Hip Hap Saor in Aisce Chomhairle Contae Fhine Gall do dhéagóirí ag teacht chugaibh ar scáileán

Le tacaíocht ó Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall craolfar trí Rang Hip Hap Beo Ar Líne saor in aisce chuig gairis ar fud Fhine Gall trí Zoom Dé Máirt an 15, 22 agus 29 Meán Fómhair

Hip Hop

Le tacaíocht ó Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall craolfar trí Rang Hip Hap Beo Ar Líne saor in aisce chuig gairis ar fud Fhine Gall. Tá na Ranganna a dtacaítear leo mar chuid den chur chuige nua ó Oifig Spóirt Fhine Gall chun deiseanna gníomhaíochta coirp a sholáthar do dhéagóirí ar bhealach sábháilte spraíúil agus oibriú laistigh de Threoirlínte um Fhilleadh ar Spórt de chuid Spórt Éireann.

Craolfar na ranganna trí Zoom Dé Máirt an 15, 22 agus 29 Meán Fómhair ó 6pm go 7pm. Níl aon táille i gceist ach ní mór do rannpháirtithe réamhchlárú d’fhonn a gcuireadh Zoom a fháil. Beidh na seisiúin faoi stiúir agus córagrafaíocht Donna Moran ó Seaimpíní Hip Hap na hÉireann Scoil Damhsa Fit Kids/Fit Teens.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. David Healy: ‘Is iontach na ranganna Hip Hap seo ar líne a fheiceáil le tacaíocht ó Oifig Spóirt Fhine Gall, agus is bealach spraíúil iad chun rannpháirtíocht a spreagadh i ngníomhaíocht choirp ag daoine nach mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i spóirt thraidisiúnta’.

Tá an-taithí ag an teagascóir damhsa Donna Moran, a dhéanann córagrafaíocht ar na ranganna, agus rinne sí ionadaíocht ar Éirinn leis an Raw Edge Crew ag Craobhchomórtais Hip Hap an Domhain. Chuaigh siad chomh fada leis an mbabhta leathcheannais de "Got To Dance" ar Sky One.

'D'oibrigh Donna go dlúth le hOifig Spóirt Fhine Gall ar chláir ar nós Exercise: Energize agus Dúshlán Hip Hap Oifig Spóirt Fhine Gall' a dúirt Caitríona Geraghty, Oifigeach Forbartha Spóirt Fhine Gall, 'tá sé mar aidhm ag na cláir seo atá páirt-mhaoinithe trí thionscnaimh Women in Sport de chuid Spórt Éireann gníomhaíocht choirp a mhéadú i measc cailíní sna déaga agus tá súil againn sa chás seo buachaillí trí ghníomhaíocht spraíúil’.

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta agus Pobail: 'Fáiltím roimh an tionscnamh iontach seo idir Spóirt, Oibríochtaí agus an Comhshaol a threisíonn an tábhacht a bhaineann le clár láidir gníomhaíochtaí suimiúla ar líne a chur i bhfeidhm a spreagann rannpháirtíocht daoine óga'.

I rith an tsamhraidh d’úsáid Oifig Spóirt Fhine Gall ardáin ar líne chun teagmháil a dhéanamh le Pobal Fhine Gall tríd na seisiúin Digifit Fhine Gall, atá fós ar fáil le feiceáil ar Thairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil learning.fingal.ie agus Ardán Meán Sóisialta Oifig Spóirt Fhine Gall, agus babhta traenála baile ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh a bheith aclaí.

Is féidir le Rinceoirí Hip Hap eolas ar conas clárú do na ranganna seo a fháil trí @FingalSports a leanúint ar Twitter, Instagram agus Facebook áit a bhfaighidh siad an nasc maidir le clárú. Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le Caitríona Geraghty, Oifigeach Forbartha Spóirt [email protected]