Pobal Bhaile Brigín – Tá cúnamh á lorg ag an Ealaíontóir Dave West! Freagraí ar chárta poist, le bhur dtoil

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil saothar ealaíne poiblí nua le forbairt do Bhaile Brigín. “Wish you Were Here” teideal an tsaothair leis an ealaíontóir Dave West agus beidh an saothar lonnaithe ag suíomh feiceálach Banks ag Cuan Bhaile Brigín. Is toradh é an saothar seo ar chomhoibriú leanúnach le Iarnród Éireann, Baile Brigín agus foireann Chlár Athnuachana Ár mBaile Brigín.

Councillors Launch of Wish you were here Dave West Balbriggan

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil saothar ealaíne poiblí nua le forbairt do Bhaile Brigín. “Wish you Were Here” teideal an tsaothair leis an ealaíontóir Dave West agus beidh an saothar lonnaithe ag suíomh feiceálach Banks ag Cuan Bhaile Brigín. Is toradh é an saothar seo ar chomhoibriú leanúnach le Iarnród Éireann, Baile Brigín agus foireann Chlár Athnuachana Ár mBaile Brigín

Má tá cónaí ort i mBaile Brigín, ba bhreá leis an ealaíontóir áitiúil, Dave West, scéala a fháil uait. Chun cabhrú leis an saothar ealaíne poiblí nua a fhorbairt tá sé ag iarraidh eolas a bhailiú faoi na rudaí is fearr le daoine faoi Bhaile Brigín. B’fhéidir go dtaitníonn an cósta álainn le daoine nó na séadchomharthaí stairiúla nó an pobal bríomhar. Ar mhaithe leis an gcomhrá seo a éascú, tá cártaí poist á seoladh againn chuig daoine, ar a bhfuil íomhá stairiúil den suíomh le caoinchead ó rannóg cartlainne Chomhairle Contae Fhine Gall. Beidh na cártaí poist seo ar fáil in ionaid phobail éagsúla lena n-áirítear Oifigí Ár mBaile Brigín, Ionaid Phobail, Leabharlann Bhaile Brigín, Stáisiún Traenach Bhaile Brigín agus in áiteanna eile nach iad. Ba bhreá leis dá bhféadfá am a chur i leataobh chun nóta a scríobh chuige don tionscadal seo. Is féidir cártaí poist a fhágáil ar ais san áit a fhaightear iad nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig an ealaíontóir Dave West ag an seoladh [email protected] , Glacfar le Freagraí go dtí an 31 Márta 2022

Síleann Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh go bhfuil “ról tábhachtach ag saothair ealaíne agus ag ealaíontóirí i mbailte agus sráidbhailte a thabhairt chun beochta i súile pobal áitiúil agus cuairteoirí. Is fianaise iad deiseanna den chineál seo ar an tábhacht agus ar an tacaíocht a thugann Fine Gall do chruthaitheacht agus do ghairmiúlacht an ealaíontóra agus don tacaíocht a thugtar do rannpháirtíocht an phobail i dtionscadail ealaíne poiblí den chineál seo”

Is cuid de na tionscnaimh éagsúla atá ar bun faoi láthair é an tionscadal seo a léiríonn conas is féidir le healaín agus le healaíontóirí ár spásanna poiblí a thabhairt chun beochta agus a cheiliúradh. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stiúrthóir na Roinne Fiontair Gheilleagraigh, Turasóireachta & Forbartha Cultúrtha, Emer O’Gorman, faoin tionscadal, “Tá dul chun cinn á dhéanamh i ndáil le hathnuachan Bhaile Brigín agus tá garspriocanna sofheicthe den dul chun cinn sin le tabhairt faoi deara mar is léir ón gclár oibre reatha agus a thiomantas ceiliúradh a dhéanamh ar gach rud atá ar fáil sa bhaile don phobal agus do chuairteoirí araon agus tá ról lárnach ag ealaín san athnuachan seo. Molaim do phobal Bhaile Brigín an deis a thapú an méid is breá leo faoi Bhaile Brigín a roinnt leis an ealaíontóir agus cabhrú leis an fhís atá aige don saothar a fhorbairt.”

Oibríonn Dave West i meáin éagsúla, lena n-áirítear péint, mósáic agus gloine.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaín Phoiblí, “Tuigeann ár gcairde in Iarnród Éireann Bhaile Brigín gur deis iontach é seo oibriú leis an bpobal agus ó tharla go mbeidh an saothar lonnaithe sa suíomh feiceálach seo, beidh léargas á thabhairt ar na rudaí is fearr le daoine faoin mbaile. Tríd an mbeannacht choitianta “Wish you Here” a roghnú, tá West ag iarraidh ar phobal Bhaile Brigín smaoineamh ar an mbealach a ndéanfaidís cur síos ar an mbaile do chuairteoir. Riamh anall, bhí sé de nós ag cuairteoirí turas traenach a dhéanamh chuig an trá agus taitneamh a bhaint as lá ag an trá agus trí bheith ag breathnú ar sheanchártaí poist ón gcartlann tarraingítear ár n-aird ar oidhreacht na bpóstaer stairiúil a chruthaigh Iarnród Éireann a raibh léargas ealaíontóra ar chinn scríbe Éireannacha le fáil orthu, cosúil leis an léargas a chruthaigh an t-ealaíontóir cáiliúil, Paul Henry”.

 

The Banks le Sean Molloy ar taispeáint ag an gCuan faoi láthair agus suiteálfar saothar nua Dave West Wish You were Here i rith an tsamhraidh in 2022.

[email protected] .

Tá an t-eolas ar fad maidir leis na háiteanna a bhfuil na cártaí poist le fáil ag www.fingalarts.ie

Tuilleadh eolais: Caroline Cowley – Comhordaitheoir Ealaín Phoiblí

[email protected]

01 870 8449

 

Launch of Wish you were here Dave West Balbriggan
Launch of Wish you were here Dave West Balbriggan

[email protected] www.fingalarts.ie for full detail of postcard locations

For further information: Please Contact Caroline Cowley – Public Art Co-ordinator

[email protected]

01 870 8449