Páirc an Rátha Mhóir, Lusca arna hoscailt go hoifigiúil ag Méara Fhine Gall

D’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy Páirc an Rátha Mhóir go hoifigiúil inniu, Páirc an Bhaile nua do Lusca.

Official opening Rathmore Park lusk - group

D’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy Páirc an Rátha Mhóir go hoifigiúil inniu, Páirc an Bhaile nua do Lusca. In éineacht leis an Méara Henchy ag an oscailt bhí Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly, comhairleoirí áitiúla Paul Mulville agus Robert O’Donoghue, Sean agus Charles Reilly ón bhforbróir McGarrell Reilly agus ionadaithe an phobail áitiúil.

Tá Páirc an Bhaile 7.5 Heicteár (20 Acra) suite ar Bhóthar an Rátha Mhóir agus laistigh de rochtain éasca siúlóide agus rothaíochta go lár Lusca agus gar do cheantair chónaithe agus scoileanna áitiúla, rud a fhágann gur féidir leis an bpobal áitiúil teacht uirthi go han-éasca.

Pleanáladh an pháirc go cúramach i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall agus forbraíodh í i dteannta le tithíocht ar ardchaighdeán agus bonneagar pobail gaolmhar. Léiríonn sí “pleanáil bhonneagair ghlais” agus bainistíocht forbartha mhaith ag an gComhairle agus tá sí suite i suíomh inar féidir leas a bhaint as iompar poiblí agus naisc taistil ghníomhaigh. Baineann sí leas as limistéir  SuDS draenála uirbeach inbhuanaithe atá pleanáilte go speisialta agus as dearadh atá frithsheasmhach ó thaobh na haeráide de. 

Tá clós súgartha ar ardchaighdeán sa pháirc chomh maith le conair súgartha, dhá pháirc lánmhéide spóirt féir, raon bogshodair/ráibe, suíocháin, limistéir fhairsinge plandaithe crann agus móinéir bláthanna fiáine. Tá áiseanna sa pháirc atá tarraingteach do gach aois agus meallfaidh siad clubanna spóirt áitiúla agus daoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta lasmuigh. 

Official Opening Rathmore Park - with McGarrel Reilly

Tá Páirc an Rátha Mhóir curtha ar fáil ag an bhforbróir McGarrell Reilly chun freastal ar riachtanais spáis oscailte na bhforbairtí cónaithe nua agus riachtanais áineasa phobal bríomhar áitiúil. Aistríodh úinéireacht an tsuímh chuig an gComhairle le déanaí mar pháirc phoiblí.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy:

“Tá fíoráthas orm Páirc an Rátha Mhóir a oscailt mar Pháirc an Bhaile Nua do Lusca. Tugann an pháirc chríochnaithe léiriú soiléir ar thiomantas leanúnach Fhine Gall chun áiseanna spáis oscailte ar ardchaighdeán a sholáthar. Samhlaím go mbeidh sé seo ina mhol gníomhaíochta don phobal áitiúil de gach aois.” 

Dúirt Príomhfheidhmeananch Fhine Gall AnnMarie Farrelly:

“Ba mhaith liom tréaslú le gach duine a raibh baint acu leis an bpáirc agus clós súgartha seo a chur ar fáil, is áis iontach í do phobal Lusca.”

Cé gur ócáid thábhachtach í inniu d’fhorbairt na páirce seo, tá an Chomhairle ag leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhar le Grúpa Spóirt Pobail Lusca (LCSG) chun Mol Áineasa na Rátha Móire a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm ag an gComhairle é a thabhairt tríd an bpróiseas pleanála reachtúil sna míonna amach romhainn.

Official opening Rathmore Park lusk - Cllrs Mayor CE KH
Official Opening Rathmore Park