Páirc Ghleann Abhainn an Bharda Rochtain ar Limistéar Loch Uiséir

Tá sé beartaithe baint riachtanach fásra a chur ar bun i limistéar lárnach Pháirc Ghleann an Bharda sna seachtainí atá amach romhainn.

Ward river valley

Tá sé beartaithe baint riachtanach fásra a chur ar bun i limistéar lárnach Pháirc Ghleann an Bharda sna seachtainí atá amach romhainn. Tá gá leis an obair bhainte seo chun rochtain chuí a fháil ar limistéar Loch Uiséir sa Pháirc chun oibreacha caomhnaithe agus deisiúcháin a éascú sna míonna atá amach romhainn ar na gnéithe ailtireachta íogaire a bhaineann le limistéar Loch Uiséir agus an ceantar máguaird.

Tá sé riachtanach an fásra a bhaint i dtosach d’fhonn bealach rochtana a shuiteáil a eascóidh cosaint agus caomhnú na ngnéithe ailtireachta íogaire seo. Soláthróidh na ceantair nua-ghlanta seo bealaí rochtana sa todhchaí mar chuid den Mháistirphlean foriomlán do Pháirc Ghleann Abhainn an Bharda.

Tá dhá limistéar ann ina dteastaíonn oibreacha bainte fásra láithreach, agus taispeántar an dá limistéar ar an léarscáil ghaolmhar thíos. Tá sé beartaithe tosú ar an láithreán an tseachtain dár tús 22ú Feabhra 2021.