Osclaítear iarratais anois ar dheontais feabhsúcháin d’Aghaidheanna Siopaí agus Áiteanna Cónaithe ar Phríomhshráid Fhine Gall

Tá iarratais oscailte anois don Scéim Deontais Péinteála agus Feabhsúcháin d’Aghaidheanna Siopaí agus Áiteanna Cónaithe ar an bPríomhshráid inar féidir le húinéirí maoine príomhshráide iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú deontais suas le 50% de chostais incháilithe agus uasmhéid de €1,500 chun aghaidheanna siopaí a athsholáthar agus a athchóiriú i lár bhailte Fhine Gall.

Shopfront Grants 2020 Malahide

I gcomhpháirtíocht le Cumann Tráchtála Fhine Gall Bhaile Átha Cliath, Cumann Tráchtála Bhaile Brigín agus Cumann Tráchtála Mhullach Íde, d’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall an Scéim Deontais Péinteála agus Feabhsúcháin d’Aghaidheanna Siopaí agus Áiteanna Cónaithe ar Phríomhshráid Fhine Gall.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Léiríonn an tionscnamh seo tiomantas na Comhairle don phobal gnó i bhFine Gall le linn na tréimhse deacra seo. Agus muid ag leanúint orainn ag déileáil le Covid-19 tá sé ríthábhachtach go n-infheistítear i bpríomhshráideanna Fhine Gall chun limistéar dearfach poiblí a choinneáil agus chun a chinntiú gur féidir le gnóanna teacht slán ó thionchar Covid-19.”

Is féidir le húinéirí, dílseánaigh, léas-sealbhóirí nó tionóntaí  (le cead ón úinéir) foirgneamh atá suite feadh na Príomhshráide agus sráideanna a théann díreach amach ó Phríomhshráideanna na mbailte agus na sráidbhailte i bhFine Gall iarratas a dhéanamh ar chúnamh deontais.

Ao oibreacha a bhaineann le hathlonnú beart slándála beidh 50% den chostas ceadaithe go huasmhéid de €3,000.

Is féidir foirmeacha iarratais a fháil ag https://bit.ly/2RWWIyZ agus is féidir iad a chur isteach trí ríomhphost chuig [email protected] nó i scríbhinn/go pearsanta chuig an Rannóg Forbartha Áitiúil, An Roinn Forbartha Fiontraíochta agus Turasóireachta, Halla an Chontae, Sord, Co. Átha Cliath, K67 X8Y2 ar nó roimh 4in Dé hAoine 30ú Deireadh Fómhair 2020.

Tá sé mar aidhm ag an scéim an sráid-dreach agus réimse poiblí na bpríomhshráideanna a fheabhsú i mbailte agus sráidbhailte ar fud Fhine Gall mar chabair don téarnamh eacnamaíoch tar éis Covid-19 trí thacú le húinéirí maoine i lár na mbailte agus na sráidbhailte chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh.  

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Is iad Príomhshráideanna ár mbailte croílár sóisialta agus eacnamaíoch ár bpobal a d’fhulaing go suntasach le linn Covid-19. Tá sé ríthábhachtach mar sin go leanfaimid orainn ag infheistiú sna ceantair seo. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo na maoin agus an sráid-dreach ginearálta a fheabhsú trí phéinteáil agus feabhsúcháin ar aghaidheanna siopaí atá ann cheana feadh na bPríomhshráideanna agus croíthe na mbailte agus na sráidbhailte i bhFine Gall.”

Chun iarratas a dhéanamh go rathúil ar an scéim seo caithfear aon oibreacha pleanáilte a sceidealú le bheith críochnaithe faoi Aoine 11ú Nollaig 2020.