Osclaítear Clós Súgartha Pobail Nua ag Faiche Lóiste an Labhrais
Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis clós súgartha nua a oscailt go hoifigiúil ag Faiche Lóiste an Labhrais, agus é ina shaoráid áineasa a rabhthas ag coinne go mór léi do phobal Chaisleán Cnucha.
Tógadh an clós súgartha ar chostas €346,000, agus forbraíodh é ar aon dul le Spás le haghaidh Súgartha – Beartas Súgartha d’Fhine Gall agus mar fhreagairt don éileamh láidir i measc an phobail go mbeadh spás súgartha sábháilte tarraingteach ann do leanaí sa limistéar.
Tá an clós súgartha deartha do leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois agus tá sé suite go cúramach in aice leis na crainn aibí i lár Fhaiche Lóiste an Labhrais. Meascann sé go foirfe lena thimpeallacht, agus é ag cur feabhas ar an spás glas agus ag caomhnú a shainghné nádúrtha an tráth céanna. Cruthaíonn an láthair seo suíomh tarraingteach le haghaidh súgartha, áineasa agus úsáid pobail i rith na bliana.
Mar aon le raon leathan gnéithe súgartha, tá san fhorbairt freisin taitneamhachtaí comhlántacha amhail scairdeán uisce óil, spásanna páirceála rothar agus láithreacha suí, rud a chinntíonn spás compordach fáilteach do theaghlaigh agus do chuairteoirí.
Ag fáiltiú dó roimh oscailt na taitneamhachta pobail nua, dúirt an Comh. Ted Leddy, Méara Gníomhach: “Tá lúcháir orm go bhfuil an sárchlós súgartha nua seo ar oscailt anois do chónaitheoirí Lóiste an Labhrais. Is toradh iontach é don phobal áitiúil, agus é ina spás sábháilte fáilteach inar féidir le leanaí súgradh, inar féidir le teaghlaigh teacht le chéile, agus inar féidir le daoine de gach aois taitneamh a bhaint as an saol amuigh faoin spéir. Is infheistíocht luachmhar é a rachaidh chun tairbhe don limistéar go ceann i bhfad.”
Táthar ag súil leis go mbeidh an clós súgartha nua ina phointe fócasach do phobal Lóiste an Labhrais, agus é ina spás bríomhar a chuirfidh gníomhaíocht lasmuigh, ceangal sóisialta agus folláine chun cinn go ceann i bhfad.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an tionscadal seo mar fhianaise ar ár dtiomantas leantach d’infheistiú i spásanna poiblí ardchaighdeáin a thacaíonn le pobail shláintiúla, ghníomhacha agus cheangailte. Cuirfidh an clós súgartha nua seo go mór le Lóiste an Labhrais, agus tá súil againn go mbainfidh an pobal áitiúil taitneamh as an tsárshaoráid seo agus go mbainfidh sé leas iomlán aisti.”
Tá soláthar chlós súgartha Lóiste an Labhrais ina shampla eile de thiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall d’obair i ndlúthchomhar le pobail áitiúla chun riachtanais a shainaithint agus chun feabhsuithe fiúntacha a chur ar spásanna poiblí. Tá an tionscadal ina léiriú ar an mórdhíriú straitéiseach a bhíonn á leagan ar fheabhas a chur ar shaoráidí comharsanachta, ar thacú le stíleanna maireachtála gníomhacha, agus ar a chinntiú go mbíonn spásanna glasa ionchuimsitheach, inrochtana agus inbhuanaithe.
Labhair Kevin Halpenny, Oifigeach Páirceanna agus Tírdhreacha Sinsearach i gComhairle Contae Fhine Gall, faoi chríochnú an tionscadail, agus é ag rá: “Tá an-áthas orainn go bhfuil an clós súgartha nua seo ar oscailt anois anseo i Lóiste an Labhrais. Ó thaobh na páirce de, bhíothas ag iarraidh spás súgartha ardchaighdeáin, marthanach agus ionchuimsitheach a chruthú a chomhlánaíonn an limistéar agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail áitiúil. Is iontach an rud é go bhfuil spás ann anois a spreagann súgradh gníomhach agus idirghníomhaíocht shóisialta, agus táimid ag súil go n-úsáidfear go minic é mar shócmhainn pobail.”
Trí infheistiú i saoráidí den sórt seo, tá an Chomhairle ag cabhrú le ceangail phobail níos láidre a chothú, le súgradh agus áineas lasmuigh a spreagadh agus le rannchuidiú le sláinte agus folláine fhadtéarmach na gcónaitheoirí. De réir mar a leanann Faiche Lóiste an Labhrais le forbairt ina spás comhroinnte pobail, beidh ról tábhachtach ag an gclós súgartha nua seo maidir le timpeallachtaí bríomhara atá oiriúnach do theaghlaigh a choinneáil ar bun do na glúnta atá ann faoi láthair agus do na glúnta atá le teacht.