Oidhreacht ón mBaile - Lá Bealtaine

May Day

Féile thábhachtach is ea é Lá Bealtaine a théann siar go dtí ré na bpágánach. 

Cheaptaí go mbítí na síoga, an tAos Sí, gníomhach ach go háirithe ag an am seo den bhliain. Tá baint aige le tine chomh maith, agus is cuimhin le go leor daoine dó na sceach geal nó na tinte cnáimhe a bhíodh ann ar an 1ú Bealtaine. Nós tábhachtach eile ba ea é bailiú na mbláthanna chun coróin nó dornáin bláthanna a dhéanamh.

De ghnáth, bhailítí na bláthanna roimh luí na gréine Oíche Bealtaine nó roimh bhreacadh an lae Lá Bealtaine agus scaipeadh iad thart ar thairseach an tí chun cosaint ar na síoga agus an t-ádh a chur ar dhaoine. Bhíodh traidisiún coitianta ag baint leis an sceach gheal i bhFine Gall.

Dhéanadh na páistí an sceach gheal a mhaisiú le bláthanna agus ribíní. Bhídís ag damhsa thart air agus ag canadh 'saol fada agus bean sásta chugat agus rud éigin don sceach gheal' fad a bhídís ag bailiú airgid. Foinse: Bailiúchán Náisiúnta na Scoileanna 1937-39