Oibreacha Riachtanacha Scéim Soláthair Uisce Mhullach Íde 13ú Aibreán

Mar chuid de na hoibreacha uasghrádaithe riachtanacha seo, beidh cur isteach sealadach ar a soláthar do chustaiméirí sna ceantair seo a leanas ar Dé Máirt 13 Aibreán ó 10rn go 4in lena n-áirítear bristí uisce agus brú íseal: Cnoc na Darach, Céide an Chnoic, An Cnoc, Bóthar Chnocán na Mara, Mainistir Chnocán na Mara, Páirc Chnocán na Mara, Lóiste Ghort an Chnocáin, Céide Chnocán na Mara, Arda Chnocán na Mara, Cnoc Dara, Jameson Orchard, Ballaí Robac agus na ceantair máguaird.

Irish Water Works

 

Uisce Éireann ag dul ar aghaidh le hoibreacha riachtanacha mar chuid de Scéim Soláthair Uisce Mhullach Íde chun an soláthar uisce do thithe agus do ghnóanna a chosaint

8 Aibreán 2021 – Tá Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall ag dul ar aghaidh le hoibreacha ar Bhóthar Chnocán na Mara mar chuid de Scéim Soláthair Uisce Mhullach Íde chun an soláthar uisce do thithe agus do ghnóanna i Mullach Íde agus sna ceantair máguaird a chosaint. Leantar ag seachadadh na n-oibreacha feabhsúcháin seo de réir threoir FSS agus an rialtais ar COVID-19.  

Mar chuid de na hoibreacha uasghrádaithe riachtanacha seo, beidh cur isteach sealadach ar a soláthar do chustaiméirí sna ceantair seo a leanas ar Dé Máirt 13 Aibreán ó 10rn go 4in lena n-áirítear bristí uisce agus brú íseal: Cnoc na Darach, Céide an Chnoic, An Cnoc, Bóthar Chnocán na Mara, Mainistir Chnocán na Mara, Páirc Chnocán na Mara, Lóiste Ghort an Chnocáin, Céide Chnocán na Mara, Arda Chnocán na Mara, Cnoc Dara, Jameson Orchard, Ballaí Robac agus na ceantair máguaird. Tá an briseadh riachtanach chun seachadadh sábháilte na n-oibreacha seo a éascú. Is oth le hUice Éireann agus le Comhairle Contae Fhine Gall aon mhíchaoithiúlacht a chruthaítear do chustaiméirí a bhfuil tionchar orthu.

Tar éis na n-oibreacha a bheith críochnaithe, d’fhéadfaí go dtógfadh sé 2-3 uair an chloig do ghnáthsholáthar uisce filleadh ar ais do gach custaiméir de réir mar a athlíonfaidh uisce an líonra, mar sin féin, tá sé tábhachtach leanúint de threoir HSE maidir le níochán láimhe a leanúint.

Tá líne chabhrach cúram custaiméirí Uisce Éireann oscailte 24/7 ar 1850 278 278 agus is féidir le custaiméirí teagmháil a dhéanamh linn ar Twitter @IWCare freisin le haon cheist. Le haghaidh nuashonruithe téigh chuig www.water.ie/water-supply/supply-and-service-update/