Oibreacha bainte, feabhsúcháin agus athchuir crann sceidealaithe le haghaidh Dhiméin Mhullach Íde.

Mar gheall ar aois, méid, bail agus suíomh, ar an drochuair, le déanaí sainaithníodh roinnt de na crainn i Diméin Mhullach  mar chrainn lena mbaineann riosca agus ní mór iad a leagan chun sábháilteacht an phobail a chinntiú. Tá oibreacha riachtanacha le déanamh ar roinnt de na crainn seo. 

Is é Diméin Mhullach Íde teach mhuintir an Talbóidigh ón mbliain 1185. Tá an caisleán agus 265 acra den eastát oscailte don phobal ón mbliain 1976 agus tá an mhaoin seo á bainistiú ag Comhairle Contae Fhine Gall ó 1994. Is é an ról atá ag Roinn Oibríochtaí Fhine Gall i nDiméin Mhullach Íde an tírdhreach deartha a chothabháil agus go háirithe an Choillearnach. In 2018 rinneadh suirbhé cuimsitheach ar an gCoillearnach chun eolas a bhailiú faoi shláinte na gcrann agus faoin mbail atá ar na crainn atá ag fás ansin. Chuir an tuarascáil a scríobhadh eolas ar fáil d’fhorbairt Plean Bainistíochta Coillearnaí chun an stoc crann laistigh den Diméin a bhainistiú.

I gcomhar leis seo, rinneadh suirbhé Ialtóg agus Fiadhúlra freisin. Treoraíonn na suirbhéanna seo obair na foirne a bhíonn i mbun na gCoillearnach seo a mhonatóiriú agus a bhainistiú, agus ag an am céanna caomhnaítear an daonra Fiadhúlra agus Ialtóg. Cuireadh an Plean Bainistíochta Coillearnaí seo i dtoll a chéile ní hamháin chun todhchaí na gCoillearnach a chinntiú ach ionas gur féidir leis an bpobal i gcoitinne leanúint leis an bpáirc a úsáid go sábháilte. Déantar monatóireacht ar chrainn go rialta, go háirithe na crainn sin a bhfuil ardtosaíocht luaite leo agus atá suite i limistéir ardtosaíochta, Criosanna dearga, mar shampla, in aice le cosáin agus bóithre poiblí.

Mar gheall ar aois, méid, bail agus suíomh, ar an drochuair, le déanaí sainaithníodh roinnt de na crainn seo mar chrainn lena mbaineann riosca agus ní mór iad a leagan chun sábháilteacht an phobail a chinntiú. Tá oibreacha riachtanacha le déanamh ar roinnt de na crainn seo. Tá damáiste déanta do roinnt crann Feá atá suite taobh le bóithre, agus le cosáin ag an ngaoth agus tá drochbhail orthu agus is léir go bhfuil siad ag meath agus ag lobhadh mar gheall ar ghalar pataigineach. Tá adhmad marbh le fáil i gcoróin crann mór Teile agus beidh sé riachtanach fáil réidh leis an adhmad marbh agus airde an chrainn a laghdú ionas go mairfidh sé cúpla bliain eile. Tá crann Fuinseoige ag claonadh amach ar an mbóthar agus ag fás an-ghar don bhalla teorann. Tá eolas maidir leis na cúiseanna atá leis an obair seo le fáil san fhíseán thíos.