Oibreacha ar Bhealaí Sábháilte chun na Scoile le Tosú ag St Colmcille’s NS, Sord

St Colmcilles SRTS

D’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall go gcuirfí tús le feabhsuithe ar Bhealaí Sábháilte chun na Scoile ag St Colmcille’s National School i Sord sna seachtainí atá romhainn, agus an slógadh beartaithe do thús mhí Iúil. Is é atá sa tionscadal ná céim thábhachtach i dtreo bealaí níos sábháilte agus níos inrochtana a chruthú do scoláirí a bhíonn ag siúl agus ag rothaíocht chun na scoile.

Tá an clár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile á chistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair, á riar ag An Taisce agus á chur i gcrích ag Comhairle Contae Fhine Gall. Tá sé mar aidhm leis bonneagar siúil agus rothaíochta a fheabhsú, plódú tráchta ag geataí scoile a laghdú, agus níos mó scoláirí a spreagadh chun taisteal go hinbhuanaithe. I measc na ngnáthbheart tá cosáin fheabhsaithe, trasrianta nua, idirghabhálacha moillithe tráchta, agus bealaí isteach scoile athdheartha lena dtugtar tús áite do choisithe agus do rothaithe.

Déanfaidh M&N Civil Engineering Ltd. na hoibreacha ag St Colmcille’s NS agus meastar go dtógfaidh sé thart ar ocht seachtaine chun iad a chur i gcrích. Cuirfear an tionscadal i gcrích in dhá chéim, ag tosú le Bóthar Bhaile na Mara agus ag Lána an tSéipéil ina dhiaidh sin, agus tógfaidh gach céim thart ar cheithre seachtaine. Déanfar na hoibreacha a bhainistiú chun trácht dhá threo a choinneáil ar bun ag buaic-amanna, agus beidh bainistíocht áitiúil coisithe agus tráchta i bhfeidhm chun an cur isteach a íoslaghdú agus chun aon éifeachtaí iarmhartacha i gceantair máguaird a sheachaint.

Áirítear leis an scéim Criosanna Scoile a thabhairt isteach ar Lána an tSéipéil agus ar Bhóthar Bhaile na Mara, trasrianta coisithe feabhsaithe, cosáin leathnaithe, agus feabhsuithe acomhail atá deartha chun an trácht a mhoilliú agus chun infheictheacht a fheabhsú. Comhlánóidh an tionscadal seo um Bealaí Sábháilte chun na Scoile na tionscadail reatha de chuid Shoird Inbhuanaithe atá á dtógáil faoi láthair: Ceathrú Chultúir Shoird, Tionscadal Nascachta an R132, agus Scéim Taistil Ghníomhaigh Bhóthar Bhaile na Mara. I dteannta a chéile, is é an toradh a bheidh ar na bearta sin ná go gcruthófar timpeallacht níos sábháilte agus níos fáiltí do scoláirí, do thuismitheoirí, agus don phobal i gcoitinne.

Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Is céim an-dearfach í seo don phobal áitiúil i Sord. Leis na feabhsuithe ag St Colmcille’s NS, tacófar le turais níos sábháilte, spreagfar níos mó teaghlach chun an siúl agus an rothaíocht a roghnú gach lá, agus tabharfar suaimhneas intinne níos mó do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí, agus a fhios acu gur féidir lena leanaí taisteal i dtimpeallacht shlán shábháilte.”

Tá tacaíocht áitiúil láidir ag gabháil leis an tionscadal, agus formhór mór na bhfreagraithe ar an suirbhé i bhfách le bearta chun sábháilteacht a fheabhsú, chun pointí trasnaithe a fheabhsú, agus chun luasanna tráchta timpeall na scoile a laghdú.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Leis an tionscadal seo, soláthraítear feabhsuithe praiticiúla a fhreagraíonn go díreach do riachtanais an phobail scoile. Trí mhoilliú tráchta, trasrianta níos sábháilte agus bonneagar feabhsaithe cosáin a thabhairt isteach, beidh sé níos éasca agus níos sábháilte do scoláirí taisteal ar scoil de shiúl na gcos agus de rothar.”

Tá an scéim seo ar áireamh i mBabhta 2 den chlár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile, agus tá tuilleadh oibreacha beartaithe le déanamh ag na scoileanna seo a leanas:

  • St Helen’s SNS, Ascaill na Teile, Port Mearnóg
  • Holy Family JNS, Páirceanna na Foraoise, Sord
  • Scoil Bhríde Buachaillí agus Cailíní, Ascaill an Teampaill, Baile Bhlainséir

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, lena n-áirítear mionsonraí agus líníochtaí an tionscadail, tabhair cuairt ar www.fingal.ie/activetravel/srts

St Colmcilles SRTS