Níos mó ná €1.1 milliún i gcistiú um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide ar fáil chun cabhrú le hastaíochtaí a laghdú
Sheol Comhairle Contae Fhine Gall Céim 2 den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide, a bhfuil sé mar aidhm léi pobail a chumhachtú chun soláthar a dhéanamh ar thionscadail phraiticiúla ísealcharbóin lena dtacaítear leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus le hAistriú Cóir. I mbabhtaí roimhe seo, cistíodh grianphainéil lena laghdaítear costais agus astaíochtaí do chlubanna áitiúla.
Aithnímid tionchar domhanda ár ngníomhartha, go háirithe úsáid breoslaí iontaise, agus is é sin an fáth a bhfuil an Chomhairle lántiomanta do laghdú a dhéanamh ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa is cúis leis an athrú aeráide, a ndearnamar scrúdú ar an dóigh a soláthraímid seirbhísí, agus ar leagamar amach sraith gníomhartha inár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, ar plean cúig bliana é.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Tá deis iontach ag Pobail agus Clubanna Fhine Gall iarratas a dhéanamh ar chistiú deontais is mó ná €1.1m le haghaidh tionscadail um ghníomhú ar son na haeráide agus tionscadail atá tíosach ar fhuinneamh, ar tionscadail iad lena gcuirtear ar chumas pobal astaíochtaí a laghdú. Faigh tuilleadh faisnéise agus pléigh tionscadail fhéideartha sa limistéar áitiúil. Fuair clubanna agus eagraíochtaí ar fud Fhine Gall cistiú le haghaidh grianphainéal le linn an bhabhta dheireanaigh. A bhuí leis sin, tháinig laghdú suntasach ar a gcuid billí leictreachais agus tháinig laghdú ar astaíochtaí freisin.”
Díríonn tionscadail ar fhuinneamh pobail, ar thaisteal, ar bhia agus dramhaíl, ar shiopadóireacht agus athchúrsáil, agus ar ghníomhú áitiúil ar son na haeráide agus ar son an chomhshaoil.
Ag cabhrú dó leis an gclár a sheoladh, dúirt Darragh O’Brien TD, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil: “Is deis iontach í seo d’eagraíochtaí pobail, do chlubanna spóirt agus do charthanais chláraithe incháilithe iarratas a dhéanamh ar thionscadail atá cistithe go hiomlán ag deontais agus atá dírithe ar astaíochtaí carbóin a laghdú go háitiúil agus sa suíomh pobail.”
Tá Údaráis Áitiúla i riocht an-mhaith i sochaí na hÉireann chun cabhrú le pobail athruithe a bhrú chun cinn agus a chur i gcrích. Snáithe 1 den Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, mar atá Pobail Ísealcharbóin a Thógáil, tá sé á riar ag Comhairle Contae Fhine Gall agus tá leithdháileadh €1,127,000 ag gabháil leis. Tá sé de chúram ar an Oifigeach um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide caidreamh a dhéanamh le pobail chun tionscadail faoin Snáithe seo a shainaithint, a fhorbairt agus a chur i gcrích, ar Snáithe é a bhfuil sé mar aidhm leis astaíochtaí a laghdú.
Is é an cuspóir foriomlán atá le ‘Gníomhú Pobail ar son na hAeráide, Fine Gall’ ná pobail mhóra agus bheaga, agus pobail tuaithe agus uirbeacha, a chumhachtú i gcomhpháirt le Comhairle Contae Fhine Gall chun pobail inbhuanaithe ísealcharbóin áitiúla a fhorbairt ar bhealach praiticiúil struchtúrtha, rud a rannchuideoidh leis an iarracht náisiúnta ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an Chomhairle réidh le tacú le pobail Fhine Gall tionscadail ardchaighdeáin a sholáthar lena laghdaítear astaíochtaí agus lena mbrúitear gníomhú áitiúil ar son na haeráide chun cinn. Más rud é go bhfuil smaoineamh ag do ghrúpa - bíodh sé ina uasghráduithe fuinnimh, ina bhearta iompair nó ina thionscnaimh chomhroinnte ísealcharbóin – seo é an t-am chun é a iniúchadh.”
I measc na ngrúpaí incháilithe tá grúpaí Bailte Slachtmhara, grúpaí cónaitheoirí, eagraíochtaí deonacha neamhbhrabúis, clubanna spóirt (gach spórt) agus ionaid phobail nach bhfuil faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall. Ba cheart d’iarratasóirí a bheith ina gcomhaltaí de Líonra Rannpháirtíochta Pobail Fhine Gall. Níl scoileanna ná saoráidí oideachais incháilithe.
Ba cheart do gach tionscadal féachaint le hastaíochtaí a laghdú. Tá trí scála deontais ann, atá mar a leanas: deontais bheaga suas le €20k; deontais mheánmhéide suas le €50k; agus deontais mhóra suas le €100k. Tá tréimhse ocht seachtaine ann chun iarratais a fhorbairt, agus is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná an Luan an 22 Nollaig 2025. Moltar do ghrúpaí teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide ar dtús chun tograí a phlé, chun incháilitheacht a dhéanamh amach, agus chun iarratais a fhorbairt.
Is féidir le grúpaí agus le heagraíochtaí dul i gcomhpháirtíocht le chéile, más mian leo, chun iarratas a dhéanamh ar an deontas ar mhaithe leis na téamaí éagsúla a chlúdach. Moltar do ghrúpaí ar spéis leo cuairt a thabhairt ar an leathanach Gréasáin ag https://www.fingal.ie/community-climate-action-fingal chun amharc ar fhaisnéis faoi smaointe tionscadail agus ar threoir tionscadail. Moltar dóibh ansin ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] más spéis leo iarratas a ullmhú.