Ní bheidh Léarscáil Fhorlíontach Cánach Talún Criosaithe Cónaithe á fhoilsiú ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Toisc nár chomhlíon aon talamh breise na critéir, níl léarscáil fhorlíontach á fhoilsiú ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Phase 2 RZLT timeline graphic IRISH hi-res.png

Áirítear ar léarscáileanna forlíontacha Cánach Talún Criosaithe Cónaithe talamh breise a sainaithníodh mar thalamh atá laistigh de raon feidhme na cánach, de bhreis ar an talamh atá san áireamh cheana féin ar dhréacht-léarscáileanna a foilsíodh an 1 Samhain, 2022. I gcás nach bhfuil aon talamh breise sainaitheanta mar thalamh laistigh den scóip, ní cheanglaítear ar Comhairle Contae Fhine Gall léarscáil fhorlíontach a fhoilsiú de réir Alt 653F den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Is féidir talamh breise a shainaithint lena chur ar an léarscáil fhorlíontach mar gheall ar athruithe ar chriosú nó infheistíocht i seirbhísí. Féadfar talamh a aithníodh trí aighneachtaí a rinneadh ar an dréacht-léarscáil nó a bhfuil aithne ag an údarás áitiúil air ar bhealach eile a chomhlíonann na critéir don cháin a áireamh freisin.  Toisc nár chomhlíon aon talamh breise na critéir seo, níl léarscáil fhorlíontach á fhoilsiú ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe - Do Cheisteanna Freagartha