Nasc ríthábhachtach taistil ghníomhaigh is ea Droichead Iarnróid Phort Mearnóg uasghrádaithe
Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall oscailt oifigiúil Dhroichead Iarnróid Phort Mearnóg uasghrádaithe a fhógairt, rud a chruthaíonn nasc ríthábhachtach idir Mainéar Dhroimní agus Plás na Fuiseoige. Leis an mbealach comhroinnte siúil agus rothaíochta seo, cuirtear bealach sábháilte, inbhuanaithe agus sláintiúil taistil ar fáil do chónaitheoirí, rud a thacaíonn le tiomantas Fhine Gall do ghníomhú ar son na haeráide agus do thaisteal gníomhach.
Rinneadh an oscailt a chomóradh le gearradh ribín ag an gComhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, ag Darragh O’Brien TD, an tAire Iompair agus an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, agus ag Matthew McAleese, Stiúrthóir Bonneagair agus Iompair ag Comhairle Contae Fhine Gall.
Bhíodh fál timpeall an droichid roimhe seo agus ní bhíodh sé i mbun úsáide, ach táthar tar éis é a thiontú ina chosán agus ina rotharbhealach dhá bhealach ar ardchaighdeán. Chistigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an tionscadal agus comhlánaíonn sé tionscnaimh amhail an rotharbhus chuig St Marnock’s National School, rud a fhágann go mbíonn turais scoile níos sábháilte agus níos glaise.
Cuireadh tús i mí na Samhna 2025 leis na hoibreacha chun an droichead a uasghrádú agus críochnaíodh iad laistigh de thréimhse ceithre seachtaine, agus iad ag sárú na ndúshlán iomadúil a bhain lena shuíomh os cionn na líne beo iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Tá na hoibreacha uasghrádúcháin thart ar 34 mhéadar ar fad agus áirítear leo droichead atá 3.35 méadar ar leithead. I measc na bpríomhoibreacha bhí fásra a ghlanadh, uchtbhallaí droichid a fheabhsú, fálta, mullaird agus colbhaí a shuiteáil, an trasdeic a dhromchlú, cosáin a uasghrádú, agus soilse nua a chur leis.
Ag oscailt an droichid dó, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Tá ríméad orm a bheith anseo inniu le haghaidh ócáid bhródúil iontach do Phort Mearnóg. Is meabhrúchán iontach ar an gcúis a bhfuil tionscadail mar seo tábhachtach é féachaint ar leanaí scoile áitiúla agus iad ag siúl agus ag rothaíocht trasna an droichid nua seo. Tugann sé deis do dhaoine gluaiseacht go sábháilte, taitneamh a bhaint as an aer úr agus bealaí taistil níos sláintiúla a roghnú. Tá an droichead seo ina chuireadh chun an carr a fhágáil ina ndiaidh agus cuid den ghnáthshaol laethúil a dhéanamh den siúl agus den rothaíocht.”
Is le hIarnród Éireann an tardhroichead iarnróid, agus freastalaíonn sé ar fhorbairt Shannon Homes ar an taobh thiar agus ar fhorbairt Evara ar an taobh thoir. D’oibrigh an fhoireann tionscadail i gComhairle Contae Fhine Gall i ndlúthchomhar le foireann theicniúil Iarnród Éireann chun dearadh an droichid a chomhaontú agus chun a chinntiú go ndearnadh na hoibreacha uile in aice leis na línte leictrithe DART de réir na gcaighdeán sábháilteachta is airde. Rinne foireann Seirbhísí Maoine Chomhairle Contae Fhine Gall obair shuntasach freisin chun na comhaontuithe dlíthiúla riachtanacha a dhéanamh le triúr úinéirí talún ar leith. Ghníomhaigh EGIS mar dhearthóir agus mar Mhaoirseoir Tionscadail le haghaidh Chéim an Deartha, agus ceapadh Jons Civil Engineering Ltd. (JCEL) mar chonraitheoir agus mar Mhaoirseoir Tionscadail le haghaidh Chéim na Tógála.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Léiríonn an droichead coisithe seo an ról ríthábhachtach atá ag tionscadail nascachta áitiúla i mbaint amach fhís Chomhairle Contae Fhine Gall maidir le hiompar inbhuanaithe. Trí Mhainéar Dhroimní agus Plás na Fuiseoige a nascadh le chéile, beidh sé níos éasca agus níos sábháilte do chónaitheoirí taisteal de shiúl na gcos agus de rothar in ionad iad a bheith ag brath ar an gcarr le haghaidh turais ghearra. Tá na cineálacha sin nasc ina gcuid riachtanach de phobail níos sláintiúla a chruthú agus de phlódú tráchta a laghdú. Le gach céim a thógaimid i dtreo taisteal gníomhach, tugtar sinn níos gaire d’Fhine Gall atá níos glaise agus níos nasctha.”
Leis an droichead, a bhíodh ina bhealach eallaigh talmhaíochta tráth, nasctar dhá limistéar chónaithe a bhíonn ag fás agus soláthraítear siúlán gearr tarraingteach chuig Stáisiún Traenach Phort Mearnóg, rud a fheabhsaíonn an nascacht áitiúil agus an rochtain áitiúil ar roghanna iompair inbhuanaithe go suntasach. Trí thaisteal de shiúl na gcos agus de rothar a spreagadh, cabhróidh an tionscadal le spleáchas ar charranna a laghdú, le hastaíochtaí a ísliú, agus le cáilíocht an aeir a fheabhsú sa limistéar.
Dúirt Conor Geraghty, Ceann um Infheistíocht i dTaisteal Gníomhach agus Inbhuanaithe, an tÚdarás Náisiúnta Iompair: “Tá ríméad ar an Údarás Náisiúnta Iompair tacaíocht a thabhairt do Chomhairle Contae Fhine Gall agus Droichead Iarnróid Phort Mearnóg á sholáthar. Is é atá in iarbhealach eallaigh a bhunathrú ina nasc coisithe agus rothar ardchaighdeáin ná an rud díreach atá i gceist le forbairt inbhuanaithe, agus cuspóir an bhonneagair atá ann cheana á athrú chun bealaí níos sábháilte agus níos inrochtana a chruthú do dhaoine atá ag siúl agus ag rothaíocht, le linn an limistéar áitiúil a fheabhsú ag an am céanna. Ag obair dóibh i gcomhar, chuir Comhairle Contae Fhine Gall, Iarnród Éireann, forbróirí agus conraitheoirí an tionscadal seo i gcrích. A bhuí leis an tionscadal, neartaítear nascacht áitiúil, tacaítear le modhanna taistil níos sláintiúla, agus tá a luach á chruthú cheana féin le glacadh láidir an phobail leis, agus é ag taispeáint na bhfíorbhuntáistí láithreacha a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i dtaisteal gníomhach.”
Dúirt Darragh O’Brien TD, an tAire Iompair agus an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil: “Tá ríméad orm Droichead Iarnróid Phort Mearnóg uasghrádaithe a oscailt go hoifigiúil inniu. A bhuí leis an tionscadal seo, a cuireadh i gcrích le cistiú ón Roinn Iompair ab fhiú €150,000, beagnach, beidh sé níos sláintiúla agus níos áisiúla do dhaoine, agus do leanaí go háirithe, taisteal de rothar, de shiúl na gcos agus de scútar sa limistéar. Tá sábháilteacht úsáideoirí leochaileacha bóithre ina rud ríthábhachtach don Rialtas agus, leis an tionscadal seo, soláthraítear bealach sábháilte agus inbhuanaithe taistil do chónaitheoirí, agus rochtain éasca ann ar an stáisiún traenach agus ar an bpáirc líneach nua. Ba mhaith liom Comhairle Contae Fhine Gall, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, na sainchomhairleoirí agus na gnólachtaí tógála a mholadh as an tionscadal seo a chur i gcrích, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bpobal áitiúil as a thacaíocht.”
Leanann Comhairle Contae Fhine Gall de bheith i gceannas ar réitigh iompair inbhuanaithe a sholáthar lena nasctar pobail, lena gcuirtear taisteal gníomhach chun cinn, agus lena dtógtar todhchaí níos glaise do chách.