Molann an Chomhairle do shiopadóirí siopadóireacht a dhéanamh i bhFine Gall an Nollaig seo

Tá feachtas mór seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall chun cónaitheoirí an chontae a spreagadh chun a gcuid siopadóireacht Nollag a dhéanamh i bhFine Gall d’fhonn gnóanna agus poist áitiúla a chosaint.

In it together poster

Is é feachtas Le Chéile Fine Gall an ceann is déanaí i sraith tionscnamh de chuid an údaráis áitiúil chun cuidiú leis an bpobal gnó ina téarnamh ó thionchar na paindéime COVID-19.

Cuimsíonn an feachtas Siopa Nollag ar líne do ghnóanna chun a gcuid tairiscintí Nollag a fhógairt agus feachtas margaíochta chun cónaitheoirí a spreagadh chun siopadóireacht a dhéanamh i bhFine Gall.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Is tréimhse thábhachtach í tréimhse trádála na Nollag do go leor gnóanna beaga ar fud Fhine Gall agus táimid ag impí ar shaoránaigh an chontae siopadóireacht a dhéanamh go háitiúil i mbliana cíbe acu go pearsanta nó ar líne. Is cuid thábhachtach de chreatlach ár bpobail iad na hionaid asdíola seo, fostaíonn siad a lán daoine agus tá ár dtacaíocht ag teastáil uathu ag an am deacair seo.”

Tá an Chomhairle ag éileamh ar ghnóanna beaga ar fud an chontae clárú lena Siopa Nollag a ligfidh dóibh a gcuid tairiscintí Nollag a fhógairt saor in aisce ag  www.fingal.ie/christmas. Cuirfear an leathanach chun cinn trí fheachtas fógraíochta sna meáin dhigiteacha agus chloíte agus líonra fairsing cainéil meáin shóisialta na Comhairle féin. Ba cheart do ghnóanna ar spéis leo bheith i láthair sa Siopa Nollag ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]  chun a  spéis a léiriú.

Ceannn eile de chuspóirí na Comhairle is ea atmaisféar na Nollag a chruthú ar fud Fhine Gall. Beidh siad ag cur suas 35 crann Nollag in áiteanna éagsúla ar fud an chontae le 14 á lasadh ag an gComhairle agus an chuid eile ag eagraíochtaí pobail áitiúla. Tá an Chomhairle i dteagmháil lena comhpháirtithe pobail chun soilsiú agus maisiúcháin Nollag a fheabhsú i mbailte agus sráidbhailte agus beidh sí ag obair freisin chun an t-atmaisféar ar na príomhshráideanna siopadóireachta i mBaile Brigín, Baile Bhlainséir, Mullach Íde agus Sord a fheabhsú.

Dúirt Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontraíochta, Turasóireachta agus Cultúir, Emer O’Gorman: “Má dhéantar na srianta reatha Leibhéal 5 a mhaolú chun ligean do shiopaí miondíola neamhriachtanacha a athoscailt, beimid ag iarraidh líon na gcustaiméirí a thiomáint isteach chuig na príomhshráideanna siopadóireachta agus a chinntiú go bhfuil gach duine ar an eolas faoin ngá chun cloí le treoirlínte Sláinte Phoiblí maidir le COVID-19. Teastaíonn uainn atmaisféar speisialta a chruthú ar na sráideanna sin agus beimid ag tairiscint páirceáil saor in aisce i gceantair roghnaithe. Is deis dúinn freisin daoine a spreagadh chun siopadóireacht a dhéanamh go háitiúil chun taisteal gníomhach a chur chun cinn agus siúl, rothaíocht nó iompar poiblí a chur chun cinn i measc na ndaoine seo nuair a théann siad chun a gcuid siopadóireacht Nollag a dhéanamh.”   

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag cur tús le rolladh amach níos mó páircíní ar fud an chontae tar éis scéim phíolótach i Sord agus feachtas bolscaireachta fairsing ina dhiaidh sin ag tabhairt cuireadh do ghnóanna áitiúla a spéis i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle ar an tionscnamh a chlárú.

Fuarthas 29 iarratas san iomlán agus tá obair ar bun chun an chéad chuid de pháircíní a bheith i bhfeidhm roimh 2 Nollaig, nuair a bheifear ag súil go maolófar na srianta reatha Leibhéal 5 faoin gCreat Náisiúnta um Maireachtáil le COVID-19.

Tiontaíonn páircíní cúpla spás páirceála ar an sráid (seachas spásanna inrochtana, aoischairdiúla agus bá lódála) ina spás oscailte poiblí chun freastal ar itheachán agus suíocháin bhreise. Is bealach cost-éifeachtúil iad chun sráideanna níos beoga a chruthú, tacú le gnóanna áitiúla, agus spás fáilteach a sholáthar do chónaitheoirí agus do dhaoine atá ag dul thar bráid chun ithe agus a scíth a ligean.

Dúirt an Comhairleoir Tony Murphy, Cathaoirleach an Choiste um Beartas Straitéiseach maidir le Fiontraíocht Eacnamaíochta agus Forbairt Turasóireachta: “Tá an páircín dírithe ar dhaoine a  spreagadh ar ais i lár na mbailte agus iad ag cloí le treoir sláinte poiblí. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go n-aithníonn daoine an tábhacht a bhaineann le gnóanna áitiúla dá bpobail agus go dtacaíonn siad leo an Nollaig seo trí shiopadóireacht a dhéanamh go háitiúil.”

Ó bhuail paindéim COVID-19 sinn don chéad uair siar i mí an Mhárta, tá Comhairle Contae Fhine Gall chun tosaigh maidir le tacú le gnóanna ar fud an chontae. Fuair gnóanna áitiúla tacaíocht ar fiú os cionn €100 milliún ó Chomhairle Contae Fhine Gall i dtarscaoiltí rátaí, Deontais Atosaithe agus deontais ón Oifig Fiontair Áitiúil agus reáchtáil an Chomhairle feachtas mór turasóireachta le linn an tsamhraidh, nuair a ardaíodh na srianta taistil tosaigh, ag spreagadh daoine ó lasmuigh den chontae chun cuairt a thabhairt ar Fhine Gall.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá os cionn 6,000 íocóir rátaí againn i bhFine Gall agus táimid ag tacú leo ar bhealaí éagsúla ag an am deacair seo agus iad ag troid chun fanacht oscailte agus daoine a choinneáil fostaithe. I gcás go leor gnóanna beaga, tá tréimhse trádála na Nollag tábhachtach i ngnáthamanta agus mar sin, agus muid ag ullmhú chun teacht amach, tá súil againn, as srianta Leibhéal 5 sna seachtainí atá amach romhainn, beidh sé ríthábhachtach go ndéanfaidh gach duine i bhFine Gall a gcuid féin trína gcuid siopadóireachta a dhéanamh ar líne nó go pearsanta sa chontae.”