An méadú comhréireach is airde i stoc tithíochta údaráis áitiúil taifeadta ag Comhairle Contae Fhine Gall in 2018

A new social housing development at Rolestown is under construction.

Mar a léirítear in iniúchadh bliantúil ar a cuid seirbhísí, thaifead Comhairle Contae Fhine Gall an méadú comhréireach bliain ar bhliain is mó i stoc tithíochta i measc údarás áitiúil in Éirinn in 2018.

Tháinig thart ar 348 réadmhaoin, méadú 6.59%, faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall, rud a chiallaíonn go bhfuil a stoc úinéireachta cothrom le 5,211. Díoladh thart ar 24 aonad i rith 2018.

Tá foilsiú na tuarascála ag tarlú ag an am céanna leis an bhfeachtas nua #YourCouncil, feachtas atá dírithe ar eolas a roinnt leis an bpobal faoin tionchar atá ag a n-údarás áitiúil ar a saol laethúil agus conas is féidir leo teagmháil a dhéanamh le seirbhísí na comhairle.

Tarraingíodh aird ar na nithe seo a leanas i dTuarascáil Táscaire Feidhmíochta an Údaráis Áitiúil 2018, curtha i dtoll a chéile ag an gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (NOAC):

  • Thaifead Comhairle Contae Fhine Gall feidhmíocht bailiúcháin 95.8 % in 2018, an céatadán is airde sa tír.
  • Bhí an méadú comhréireach bliain ar bhliain is airde ag Comhairle Contae Fhine Gall ar a stoc tithíochta in 2018; taifeadadh méadú 6.59% ar stoc arb ionann é agus 348 réadmhaoin nua.
  • Bhí an meánam ligean ar cíos do thithíocht údaráis áitiúil cothrom le 26.78 seachtain agus bhí an meánchostas cothrom le €17,000, a raibh 69 tionóntacht nua dá thoradh.
  • Tá an Brat Glas ag 60% de scoileanna Fhine Gall, a chiallaíonn go bhfuil sé i measc na gcúig cheantar is fearr sa tír.
  • D’eisigh Leabharlanna Fhine Gall 755,668 mír in 2018, agus bhí an meánlíon cuairteanna leabharlainne cothrom le 3.57 an duine.
  • Chabhraigh Oifigí Fiontair Áitiúil (OFAanna) Fhine Gall le 125 post nua a chruthú anuraidh.
  • Bhí ráta comhlíontachta de 98.46% le ceanglais reachtúla a bhain le huisce óil i scéimeanna príobháideacha ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, an Príomhfheidhmeannach Eatramhach: “Tá iarracht á déanamh go leanúnach ag Comhairle Contae Fhine Gall an leibhéal seirbhísí atá á cur ar fáil aici dá páirtithe leasmhara ina ranna ar fad, Tithíocht, Pobal, Comhshaol nó Forbairt Gheilleagrach, a fheabhsú.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag an bpobal cá bhfuil a chuid airgid ag dul.  Tá an feachtas #YourCouncil á reáchtáil againn chun eolas níos fearr a chur ar fáil don phobal faoin obair atá á déanamh ag Comhairle Contae Fhine Gall ar a son agus conas is féidir leo an oiread tairbhe agus is féidir a bhaint as ár seirbhísí.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Tá freagracht ar Chomhairle Contae Fhine Gall seirbhísí ar ardchaighdeán a chur i gcrích, agus ag an am céanna a chinntiú go bhfaigheann an pobal luach ar airgead. Is é sin an chúis go mbaineann an oiread sin tábhachtachta le torthaí Thuarascáil Táscaire Feidhmíochta Údaráis Áitiúil NOAC, agus tugann siad deis dúinn ár bhfeidhmíocht a mheas agus áit a bhféadfaí éifeachtúlachtaí a aimsiú a aithint.

“Mar a léirítear i dtuarascáil NOAC, tá dianobair á déanamh againn chun an dúshlán sin a chomhlíonadh, táimid ag cur lenár stoc tithíochta agus tá réitigh bhreise do thithíocht shóisialta á gcur ar fáil againn, ag teacht lenár spriocanna Atógáil Éireann.”

Tuarascáil Táscaire Feidhmíochta Údaráis Áitiúil 2018 NOAC le fáil ag www.noac.ie

CRÍOCH

Más spéis leat tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig [email protected]

 

Nótaí don eagarthóir

Maidir le tuarascáil NOAC

Tuarascáil Táscaire Feidhmíochta Údaráis Áitiúil 2018 NOAC le fáil ag www.noac.ie.

Áirítear sa tuarascáil táscairí feidhmíochta 2018 don earnáil údaráis áitiúil in Éirinn. Is ionann na táscairí feidhmíochta agus cur chuige aonfhoirmeach i ndáil le tomhas agus tagarmharcáil agus infhaighteacht na faisnéise atá beartaithe chun tacú le gach údarás áitiúil na seirbhísí a chuireann siad ar fáil do phobail áitiúla a fheabhsú.

Déanann an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) na táscairí a bhailiú agus a anailísiú thar ceann an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (NOAC) mar chuid de ról an Choimisiúin monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht údarás áitiúil. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo feidhmíocht údarás áitiúil in 2018 ag úsáid 37 táscaire atá aitheanta ag NOAC.  Tá na táscairí feidhmíochta eagraithe i gcatagóirí bunaithe ar fheidhmeanna rialtais áitiúil; tithíocht, bóithre, uisce, dramhaíl/comhshaol, pleanáil, seirbhísí dóiteáin, leabharlann/caitheamh aimsire, daoine óga/an pobal, corparáideach, airgeadas agus forbairt gheilleagrach. Cé go ndíríonn na táscairí ar fheidhmeanna bunúsacha údarás áitiúil, admhaíonn NOAC nach dtugann siad léargas ar an raon leathan seirbhísí atá á gcur ar fáil ag comhairlí cathrach agus contae ar fud an Stáit.