Margaí Bia Móréilimh Fhine Gall ag Filleadh i Samhradh 2026

Tar éis séasúr píolótach ar éirigh go hiontach leis anuraidh, tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh na margaí bia a raibh an-éileamh orthu ag filleadh ar Fhine Gall i mbliana. 

Fingal Food Market

Tar éis séasúr píolótach ar éirigh go hiontach leis anuraidh, tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh na margaí bia a raibh an-éileamh orthu ag filleadh ar Fhine Gall i mbliana. Beidh na margaí iontacha seo, a tugadh ‘Margaí Taiscéalaíochta Fhine Gall’ orthu, ar siúl i dtrí ionad le linn an tsamhraidh: Caisleán Shoird, Músaem Macasamhla Iarnróid an Chasaíne i Mullach Íde agus dhá dháta i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir, ionad nua nach raibh ann anuraidh.

Tosóidh Margaí Taiscéalaíochta Fhine Gall i mí Bealtaine agus leanfaidh siad i gcaitheamh an tsamhraidh, agus beidh cead isteach saor in aisce i gceist leo go léir. Beidh siad ar fad ar siúl Dé Sathairn, agus beidh béim ar leith leis an raon leathan mangairí stalla ar tháirgí áitiúla, le ionadaíocht láidir ó Chiorcal Bia Fhine Gall agus ó Fheirmeoirí Fhine Gall araon.

Má tá mangairí stalla ann a bhfuil spéis acu a bheith ag trádáil ag na margaí, tugtar cuireadh dóibh ríomhphost a sheoladh chúig ______

Bedih tuilleadh sonraí ar fáil ar an suíomh gréasáin agus leathanaigh meán sóisialta Explore Fingal.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú le margaí neamhspleácha ar fud Fhine Gall freisin. Tá margaí bia a fhorbairt ina chuid de chur i bhfeidhm Bheartas Bia agus Deochanna agus na Straitéise Turasóireachta.

Dátaí do Mhargaí Taiscéalaíochta Fhine Gall - Samhradh 2026

Mullach Íde: Músaem Macasamhla Iarnróid an Chasaíne

Gach Satharn ón 2 Bealtaine go dtí an 29 Lúnasa (10am-4pm)

Sord: Caisleán Shoird

Bealtaine-Meán Fómhair, an tríú Satharn den mhí (10am-3pm)

16ú Bealtaine, 20ú Meitheamh, 18ú Iúil, 15ú Lúnasa, 19ú Meán Fómhair

Baile Bhlainséir: Páirc na Míleaoise

Dé Sathairn, an 13 Meitheamh, Dé Sathairn an 4 Iúil (12 meán lae-6pm)

AGUS margadh ag Blanch Fest - Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, an 22-23 Lúnasa