'Local Authority': Dearcthaí ón Eoraip maidir le hEalaín Phoiblí a choimisiúnú:

IMG_0499_850_567

LEABHAR NUA faoi dhearcthaí ón Eoraip maidir le hEalaín Phoiblí a choimisiúnú:

'Local Authority', 2015

Foilseachán nua a choimisiúnaigh Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall dar teideal 'Local Authority' ina ndéantar iniúchadh ar conas a dhéantar ealaín phoiblí i gcomhthéacs náisiúnta ar fud na hEorpa. Chuir Daniel Jewesbury agus Valerie Connor an leabhar in eagar, agus scríobh Dave Beech, Cécile Bourne-Farrell, Nils Van Beek, agus María Mur Dean don leabhar.

Seoladh: 6 p.m., 30 Samhain, IMMA, bia agus deoch le Luncheonette.

Aoichainteoir: Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall.

Beidh na heagarthóirí Daniel Jewesbury agus Valerie Connor in éineacht le Paul ag an imeacht an-speisialta seo, chomh maith le Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí, Ealaíona Fhine Gall. Is é an seoladh an t-imeacht deireanach ar Lá Líonraithe na nEalaíon Comhoibríoch de chuid Éire Chruthaitheach.

RSVP (baineann sé le seoladh an leabhair amháin) chuig Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí, Comhairle Contae Fhine Gall: [email protected] nó (01) 870 8449

Más mian leat freastal ar an imeacht lae, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin chun ticéad a chur in áirithe agus chun níos mó sonraí a fháil maidir le cainteoirí agus clár: www.create-ireland.ie

Faoin Leabhar

Cuireadh tús leis an leabhar aistí 'Local Authority' in 2012 ag Coimisiúin + Siompóisiam Idirnáisiúnta ar Ealaín Phoiblí a d'eagraigh Comhairle Contae Fhine Gall.

Tugadh cuireadh do na rannpháirtithe ag an siompóisiam sin, Cécile Bourne-Farrell, Nils Van Beek agus María Mur Dean, plé a dhéanamh arís ar na smaointe a taifeadadh ar an lá sin. Déantar machnamh sna haistí nua ar conas a d'imir na hathruithe móra eacnamaíochta agus polaitíochta le déanaí tionchar ar an bpróiseas coimisiúnaithe d'ealaín phoiblí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Déanann an aiste chriticiúil agus stairiúil le Dave Beech scrúdú ar uaillmhianta agus ionchais a chuirtear in iúl le smaointe agus cleachtais 'na healaíne poiblí' san Eoraip.

Sa réamhrá le Caroline Cowley, leagtar amach na straitéisí lenar ghlac Clár Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall chun dul i gcomhar le léiritheoirí agus gníomhaireachtaí ceannródaíocha. Déanann Réamhrá Daniel Jewesbury plé ar céard atá idir chamáin nuair a choimisiúnaítear ealaín phoiblí, na rioscaí agus na deiseanna, agus scríobh Valerie Connor iarfhocal ina ndéantar athbhreithniú ar céard a spreag an foilseachán.

Scríbhneoirí

Is ealaíontóir agus léachtóir é Dave Beech (An Ríocht Aontaithe) ag Acadamh Valand, Göteborg, An tSualainn, agus is ball bunaidh é den chomhghrúpa ealaíontóirí Freee. Bhí sé i mbun coimeádaíochta ar thaispeántais agus chuir sé leis na díospóireachtaí maidir le rannpháirtíocht agus gnéithe poiblí na healaíne, i leabhair cosúil le 'In Search of Art’s New Publics' agus 'The Pedagogical Turn'. Is eagarthóir bunaidh an irisleabhair Art and the Public Sphere é.

Is comhairleoir agus coimeádaí Nouveau Commanditaires (Pátrúin Nua) í Cécile Bourne-Farrell, ar tionscnamh é de chuid Fondation de France agus Francois Hers. Ba é ceann de na príomh-mhisin ná síntiúis agus tiomnachtaí a athdháileadh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sóisialta nach dtugtar aghaidh orthu de ghnáth nó tugtar aghaidh orthu ar bhealach dona. Tá Cécile ag obair faoi láthair sa Roinn Staidéar Cogaidh ag King's College, agus tá sé de rún aici clár cónaitheachta agus tionscadal coimeádaíochta a chruthú in 2016.

Is coimeádaí é Nils Van Beek (An Ísiltír) a bhunaigh TAAK (roimhe seo bhí sé ina stiúrthóir ar an ngníomhaireacht ealaíne poiblí SKOR). Is gníomhaireacht é TAAK atá bunaithe in Amstardam a fhorbraíonn tionscadail ealaíne agus cláir oideachais a bhaineann le saincheisteanna sóisialta cosúil le héiceolaíocht, uirbiú, dearadh sóisialta agus cearta daonna.

Is léiritheoir ealaíne poiblí í María Mur Dean (An Spáinn) le consinni, atá bunaithe i mBilbao. Úsáideann consonni feimineachas mar threoir chun coimeádaíocht, léiriúchán, sceidealú agus eagarthóireacht i gcleachtais ealaíne comhaimseartha a mhéadú ar mhaithe leis an ríocht phoiblí a chruthú.

Eagarthóirí agus Coimisinéirí

Is ealaíontóir agus Léachtóir Scannánaíochta é An Dr Daniel Jewesbury ag Ollscoil Ulaidh, Béal Feirste. Díríonn a thaighde ar spás poiblí agus úsáidí íde-eolaíocha na healaíne poiblí, staireolaíocht na healaíne i dTuaisceart Éireann, agus scannánaíocht thurgnamhach agus faisnéise.

Is saorchoimeádaí agus comhairleoir í Valerie Connor, agus is léachtóir sa grianghrafadóireacht ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath í. Is comhalta í ar Ghrúpa Comhairleach PhotoIreland agus ar Phainéal Comhairleach Leabharlann Náisiúnta Amharcealaíne na hÉireann.

Is Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí le hEalaíona Fhine Gall/Comhairle Contae Fhine Gall í Caroline Cowley agus reáchtáil sí cláir choimisiúnaithe agus tionscadail ealaíne poiblí ó 2005. Choimisiúnaigh Comhairle Contae Fhine Gall an leabhar.

Eolas Foilsitheoireachta

Eagarthóirí: Daniel Jewesbury & Valerie Connor

Dearadh Grafach: Keith Connolly, Tonic, Béal Feirste

Aistriúchán: Christine Tubridy

Grianghraf ar an gclúdach: Sandra McAlister

Foilsitheoir: Ealaíona Fhine Gall/Comhairle Contae Fhine Gall, 2015

ISBN 9780957172197