Léiríonn ‘Grianghraif d’Fhine Gall san Am atá Thart’ oidhreacht agus stair Fhine Gall

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis dul i gcomhpháirtíocht le Líonra Oidhreachta Fhine Gall chun ‘Grianghraif d’Fhine Gall san Am atá Thart’ a tháirgeadh, foilseachán lena n-áirítear grianghraif a thugann léargas ar stair Fhine Gall agus na scéalta atá taobh thiar dóibh.

Chuir baill de na grúpaí oidhreachta agus cumainn stairiúla atá mar chuid de Líonra Oidhreachta Fhine Gall chomh maith le baill leasmhara den phobal ó gach cearn den chontae leis an tionscadal.

Cuireadh tús leis an tionscadal Grianghraif le taispeántas fíorúil agus sraith físeán don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta. Leis an bhfáiltiú dearfach bhuaigh an tionscadal Gradam an Chontae i nGradaim na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta 2020.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Tá fioráthas orm an foilseachán seo a sheoladh a chuireann in iúl an éagsúlacht a bhaineann le Fine Gall san am atá thart le scéalta ó Bhanna Práis Bhaile Bhlainséir go cuimhní cinn ar na  ‘Howth 17s’.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tá ‘Grianghraif d’Fhine Gall san Am atá Thart’ tiomnaithe do thrí bhall de Líonra Oidhreachta Fhine Gall a cailleadh le linn an tionscadail agus is ómós cuí é dóibh siúd a chuidigh go mór le hoidhreacht Fhine Gall a thaifeadadh.”

Dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall Christine Baker: “Chomh maith agus atá an domhan digiteach maidir le daoine a nascadh le chéile bhraitheamar nach raibh aon rud cosúil le rud éigin a bheith agat i do lámh. Tá grianghraif agus cuimhní cinn ó gach cearn d’Fhine Gall san fhoilseachán seo a thugann léargas ar ár stair.”