Leantar le dul chun cinn a dhéanamh ar Shord a bhunathrú

Leanann Comhairle Contae Fhine Gall le clár fadréimseach feabhsuithe a sheoladh ar fud Shoird, agus í ag tacú le fás an bhaile mar lárionad uirbeach bríomhar nua-aimseartha agus ag cur lena sainghné stairiúil an tráth céanna. 

Gné lárnach den bhunathrú seo is ea Ceathrú Chultúir Shoird a fhorbairt, rud atá ag teacht chun cinn mar phríomhcheann scríbe sibhialta agus cultúir. Agus í suite timpeall ar Chaisleán Shoird, ar caisleán stairiúil é, beidh an Cheathrú Chultúir ina timpeallacht ardchaighdeáin a bheidh oiriúnach do choisithe agus a nascfaidh oidhreacht shaibhir an bhaile le spásanna nua cultúir agus pobail. Áireofar leis sin an tÁras Cultúir amach anseo agus an ríocht phoiblí nua a nascfaidh an Phríomhshráid, Halla an Chontae, Caisleán Shoird, an tÁras Cultúir agus páirc baile Shoird le chéile. 

Swords Transformation culture house image

Agus an dul chun cinn suaitheanta seo maidir le bunathrú lár baile Shoird á chomóradh, shínigh Comhairle Contae Fhine Gall conradh le Duggan Brothers an tseachtain seo caite chun an chéad chéim eile d’oibreacha Ríochta Poiblí ag Ceathrú Chultúir Shoird a chur i gcrích.

Swords Transformation -  CGI Depection

Tá roinnt mórthionscadal bonneagair agus ríochta poiblí á gcur ar aghaidh ar fud an bhaile freisin. Tá oibreacha cumasúcháin ar an R132 ag cabhrú le tailte forbartha amach anseo a dhíghlasáil agus le feabhas a chur ar nascacht. Áirítear leis sin teacht MetroLink, rud a bhfuiltear ag súil go mór leis. Tá feabhsuithe suntasacha á ndéanamh ar an bPríomhshráid agus ar na limistéir mórthimpeall freisin chun cabhrú le lár baile níos tarraingtí, níos inrochtana agus níos dírithe ar an duine a chruthú. Feabhsófar an ríocht phoiblí fhoriomlán mar thoradh ar uasghráduithe ar shráideanna amhail Sráid an Droichid agus an tSráid Thuaidh, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca agus níos taitneamhaí do chónaitheoirí agus cuairteoirí gluaiseacht trí Shord agus é a bhlaiseadh.

Príomhthionscadal bonneagair Taistil Ghníomhaigh sa chlár feabhsuithe ar fud Shoird is ea an Scéim Taistil Ghníomhaigh idir Bóthar Bhaile na Mara agus Bóthar an Inbhir. Tosaíodh an scéim i mí Feabhra 2026. Beidh an scéim comhtháite leis na hoibreacha ríochta poiblí ar an tSráid Thuaidh agus le Tionscadal Nascachta an R132, agus tacófar le gréasán níos nasctha agus níos inrochtana dá barr.

Áirítear leis an gclár oibreacha freisin tithe nua a sholáthar. Tá forbairt chónaithe ar siúl i bpríomhláithreacha amhail Baile na Mara, agus í ag cumasú forbairtí eile amhail an Chúirt Thuaidh. Leis na tithe nua sin, tacófar le daonra a bhíonn ag fás agus rannchuideofar le pobal níos cothromaithe agus níos inbhuanaithe i gcroílár an bhaile.

Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Tá tréimhse chorraitheach bunathraithe ar siúl i Sord. Idir an Cheathrú Chultúir ag Caisleán Shoird, fheabhsuithe feadh na Príomhshráide agus sholáthar tithe agus bonneagair nua, táimid ag infheistiú i dtodhchaí ár mBaile Contae. I dteannta a chéile, cruthóidh na tionscadail seo áit níos tarraingtí, níos inrochtana agus níos beoga chun cónaí agus obair ann agus chun cuairt a thabhairt air. 

“Nuair a bheidh sí críochnaithe an bhliain seo chugainn, beidh Ceathrú Chultúir Shoird ina spás cathartha a bheidh fáilteach agus oiriúnach do choisithe, áit a mbeidh muintir na háite agus cuairteoirí in ann idirghníomhú le saol cultúir agus pobail an limistéir, ag cruthú saoráid sainchomhartha ardchaighdeáin ar féidir leis an bpobal a bheith an-bhródúil aisti.” 

Swords Transformation -  section of seatown road Active Travel scheme

Tá na hoibreacha ar fud Shoird á soláthar ina gcéimeanna atá pleanáilte go cúramach chun an cur isteach a íoslaghdú agus chun dul chun cinn seasta a chinntiú. Tá dea-dhul chun cinn déanta ar na hoibreacha cumasúcháin timpeall imlíne an Chaisleáin, agus sainaithníodh gnéithe adhlactha nár taifeadadh riamh dá mbarr. Déanfar tábhacht stairiúil na bhfionnachtana sin a chaomhnú go cuí agus, i gcás gur féidir, cuirfear iad san áireamh i ndearadh na Ceathrún Cultúir, rud a chuirfidh tuilleadh doimhneachta le scéal stairiúil an bhaile.  

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Léiríonn scála na hinfheistíochta atá á déanamh i Sord faoi láthair an fhís atá againn don bhaile, is é sin go mbeidh sé ina lárionad uirbeach inbhuanaithe bisiúil. Idir fheabhsuithe ar an ríocht phoiblí, mhórthionscadail bhonneagair, thithíocht nua agus shaoráidí cultúir, cuirfidh na forbairtí seo feabhas suntasach ar cháilíocht na beatha dár bpobail agus tacóidh siad le fás leantach Shoird.” 

Contract signing for next phase for SCQ Public Realm

De réir mar a chuirtear na tionscadail uile seo ar aghaidh, athmhúnlófar Sord ina áit níos inchónaithe, níos nasctha agus níos tarraingtí, rud a neartóidh an ról atá aige mar Bhaile Contae Fhine Gall. A bhuí leis an meascán de spásanna poiblí nua, de bhonneagar feabhsaithe agus de thithíocht nua-aimseartha, cinnteofar go leanfaidh Sord de bheith ina cheann scríbe dinimiciúil a fhreastalaíonn ar riachtanais an daonra a bhíonn ag fás, agus ceiliúrfar an oidhreacht uathúil atá aige an tráth céanna. 

I dteannta a chéile, is ionann na hinfheistíochtaí idirnasctha seo agus céim shuntasach chun tosaigh i dtreo an fhís fhadtéarmach atá ag Comhairle Contae Fhine Gall do Shord a bhaint amach. Trí spásanna poiblí ardchaighdeáin, bonneagar feabhsaithe, tithe nua agus saoráidí bríomhara cultúir a chur le chéile, tá an clár oibreacha seo ag cruthú baile contae nua-aimseartha atá ionchuimsitheach, inbhuanaithe agus lán de dheiseanna — áit ar féidir le daoine cónaí, obair agus teacht le chéile, agus áit ar féidir leis an bpobal a bheith bródúil as go ceann i bhfad. 

Swords Transformation lead image