Leanadh le bratach Lá Fhéile Pádraig a choimeád ar foluain i bhFine Gall in ainneoin na srianta a cuireadh i bhfeidhm mar gheall ar an gCoróinvíreas

Rinne pobal Fhine Gall ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig ar bhealach uathúil fashion i mbliana a sháraigh na srianta a chuir géarchéim an Choróinvíris i bhfeidhm inar laghdaíodh na himeachtaí ceiliúrtha a bhí ar siúl ar ár saoire náisiúnta.

Fiona McGarrigle

 

Leanadh le bratach Lá Fhéile Pádraig a choimeád ar foluain i bhFine Gall in ainneoin na srianta a cuireadh i bhfeidhm mar gheall ar an gCoróinvíreas

Rinne pobal Fhine Gall ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig ar bhealach uathúil fashion i mbliana a sháraigh na srianta a chuir géarchéim an Choróinvíris i bhfeidhm inar laghdaíodh na himeachtaí ceiliúrtha a bhí ar siúl ar ár saoire náisiúnta.

D’eagraigh Foireann Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall, ar cuireadh a pleananna le haghaidh mórshiúlta ar fud Fhine Gall ar ceal, Mórshiúl Fíorga Lá Fhéile Pádraig ina ionad sin a thug cuireadh do dhaoine ar fud an chontae chun pictiúir a chur in airde den bhealach a bhí ceiliúradh á dhéanamh acu ar an lá.

Ghlac na céadta cónaitheoir ar fud Fhine Gall páirt sa tionscnamh spraíúil, agus roinn siad íomhánna agus físeáin ón lá, mórshiúlta beaga - ach ilghnéitheach - Lá Fhéile Pádraig timpeall ar sheomraí suí agus gairdíní, chomh maith le roinnt mhaith taispeáintí d’ealaín fuinneoige, feistis ghreannmhara agus taispeáintí.  

Iontráladh gach duine a ghlac páirt isteach i gcrannchur chun cárta bronntanais One4All ar luach €100 a bhuachan agus bronnadh duaiseanna ar na seacht n-iontráil ab fhearr.

Ba iad na buaiteoirí:

  • Fiona McGarrigle agus a leanaí, Garreth agus an naíonán Rya ó Bhaile Brigín;
  • Cumann Cónaitheoirí Lambourne;
  • Edel Woods, Sord;
  • Annabel Fitzgerald, Port Mearnóg;
  • Amy Lawson, Baile an Tirialaigh;
  • Emma Devlin Jameson, Lusca;
  • Karina Russell, An Ros.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien: “Gabhaimid buíochas ollmhór le gach duine a d’iontráil agus a ghlac páirt inár Lá Fhéile Pádraig Fíorga a thaispeáin an-spiorad pobail i rith na tréimhse dúshlánaí seo. Ba mhaith liom a mheabhrú do dhaoine ag an tráth seo géarchéime náisiúnta chun cloí le treoirlínte FSS agus gach duine dá chéile a choimeád sábháilte.” 

Anuas ar Mhórshiúl Fíorga Lá Fhéile Pádraig, tá smaointe eile cumtha ag Comhairle Contae Fhine Gall chun cabhrú le daoine a saol laethúil a bhainistiú i rith na srianta.

Cé gur dúnadh clóis súgartha agus páirceanna imeartha, spreagtar daoine chun dul ag siúl timpeall ar thailte fíoráille suíomhanna oidhreachta áitiúla, ar nós Ard Giolláin, Mhullach Íde agus Dhroichead Nua agus taitneamh a bhaint as an aer úr agus as aclaíocht agus scaradh sóisialta á dhéanamh i gcónaí. Tá ár bpáirceanna agus tránna go léir ar oscailt go fóill agus tá go leor deiseanna ann, mar sin, chun dul amach ag siúl agus gan dearmad a dhéanamh chun fad sábháilte a choimeád amach ó dhaoine eile.

Scaoil Oifig Spóirt Fhine Gall le sraith físeáin bhabhta traenála sa bhaile chun cabhrú le daoine aclaíocht a dhéanamh agus leanúint de bheith aclaí.  Scaoileadh le dhá fhíseán go dtí seo, a thaispeánann conas an ghogaireacht le cathaoir, crochadh cos, brúnna aníos, ardú gualainne, feacthaí bícéipse agus rudaí eile a dhéanamh i gceart.

Fad a bhíonn leabharlanna agus seirbhís leabharlann taistil na Comhairle dúnta, cuirtear an iomaí acmhainn leictreonach ar fáil do dhaoine a sholáthraíonn Leabharlanna Fhine Gall, glacadh le ballraíocht den leabharlann ar líne agus ríomhleabhair, closleabhair, ríomhirisí agus ríomhghreannáin a fháil ar iasacht ina measc.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an t-ádh orainne i bhFine Gall go bhfuil roinnt páirceanna agus tránna iontach ann atá ar oscailt go fóill agus spreagfainn daoine chun dul amach ag siúl agus gan dearmad a dhéanamh chun fad sábháilte a choimeád amach ó dhaoine eile.  Leanfaimid le seirbhísí agus tacaíocht a sholáthar do phobail agus gnólachtaí i rith na géarchéime sláinte poiblí gan choinne seo.

Beidh oifigí poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall i Sord agus i mBaile Bhlainséir ar oscailt go fóill, faoi mar is gnách, ach spreagtar do bhaill den phobal ar mian leo tabhairt faoi ghnó leis an gComhairle amhlaidh a dhéanamh ar an nguthán, ar ríomhphost nó sa phost, seachas bualadh isteach go dtí oifigí poiblí na Comhairle. Is é an uimhir ghutháin 018905000, is é an seoladh ríomhphoist [email protected] , agus is é an seoladh poist Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2.  

I gcás na ndaoine siúd ar mian leo litreacha nó foirmeacha a thabhairt isteach nó eolas breise a fháil d’iarratais, cuirfear bosca ar fáil díreach laistigh den phríomhbhealach isteach chuig oifigí na Comhairle ag Áras an Chontae, Sord agus ar Bhóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir inar féidir leat rudaí a fhágáil ann chun scuainí neamhriachtanacha a sheachaint.