Leagann Grúpa Bhaile Brigín Sábháilte a chuid cuspóirí amach

Aerial shot of Balbriggan from the south towards the Harbour

Is iad seo:

  • Rannpháirtíocht agus tacú lenár ndaoine óga
  • Imeascadh pobail a chothú
  • Spásanna poiblí níos sábháilte a chruthú

Ghac ionadaithe ón Roinn Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Foróige agus Comhairle Contae Fhine Gall páirt sa chruinniú tionscnaimh a raibh formáid ceardlainne air. Phéigh siad na saincheisteanna atá mar bhonn de gach ceann de na trí théama oibre agus rinne siad iniúchadh ar na dúshláin atá roimh Bhaile Brigín mar an baile mór is óige agus is ilghnéithí in Éirinn. I measc na ndúshlán seo tá rochtain uilíoch ar sheirbhísí, acmhainní a chur ar fáil, agus feabhsuithe fisiciúla ar spásanna poiblí chun sábháilteacht an phobail a fheabhsú.

Scrúdaigh an Grúpa Colúin deiseanna freisin chun dul i ngleic leis na saincheisteanna seo, réimsí roghnaithe le haghaidh comhoibrithe chun cuspóirí a bhaint amach, agus d’aithin sé príomhpháirtithe leasmhara eile, sa bhaile agus níos faide i gcéin, le dul i gcomhairle leo de réir mar a théann a gcuid oibre ar aghaidh. Pléadh freisin an raon gníomhaíochtaí atá ann cheana agus atá beartaithe i mBaile Brigín ag gníomhaireachtaí éagsúla, mar shampla An Garda Siochána, Foróige agus Comhairle Contae Fhine Gall.

Dúirt cathaoirleach Colún Bhaile Brigín Sábháilte, Michael O’Sullivan: “Cruinniú an-táirgiúil a bhí ann le réimse leathan tuairimí agus smaointe curtha in iúl le linn an chruinnithe. Ba léir tábhacht na cuimsitheachta agus na hionadaíochta, mar aon leis an ngá le gníomhartha dírithe ar mhuinín a thógáil, imeascadh a neartú agus caidreamh pobail a fheabhsú. Phléamar na trí Chuspóir Ardleibhéil go mion agus shocraíomar cad is gá a tharlóidh chun gach ceann de na cuspóirí seo a bhaint amach. Tá na gníomhaireachtaí éagsúla aitheanta againn a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí a thacaíonn leis na Cuspóirí Ardleibhéil a sheachadadh agus tosóimid anois ag obair leis na gníomhaireachtaí sin chun Plean Gníomhaíochta a fhorbairt agus na scálaí ama a theastaíonn chun iad a sheachadadh a chomhaontú.”

Aontaíodh cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire, TUSLA agus gníomhaireachtaí iomchuí eile chuig an gcéad chruinniú eile den Cholún an 22 Márta.