Leabhar Comhbhróin do Gharda Flatley
Tá Leabhar Comhbhróin ar oscailt do bhaill den phobal ar mian leo a gcomhbhrón a chur in iúl do theaghlach an Gharda Kevin Flatley

Tá Leabhar Comhbhróin ar oscailt do bhaill den phobal ar mian leo a gcomhbhrón a chur in iúl do theaghlach an Gharda Kevin Flatley. Tá an Leabhar Comhbhróin ar fáil ag deasca fáiltithe Halla an Chontae, Sord agus Oifigí Cathartha, Baile Bhlainséir agus Leabharlann Bhaile Brigín.
Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: "Táim suaite agus brónach faoi bhás Garda Flatley. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá theaghlach, dá chairde agus dá chomhghleacaithe as a mbás tragóideach."
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá brón orm cloisteáil faoi bhás tragóideach Garda Flatley. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá theaghlach, dá chairde agus dá chomhghleacaithe Gardaí a chaill duine dá gcuid féin agus iad i mbun dualgais."