Le hoscailt oifigiúil Bhóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil, ceiliúrtar garsprioc ollmhór do Bhaile Átha Cliath 15
Rinne Comhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh inniu ar oscailt oifigiúil Bhóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil i mBaile Átha Cliath 15. Is é atá ann ná infheistíocht mhór straitéiseach lena gcumasófar acmhainneacht tithíochta, lena gcuirfear borradh faoin iompar inbhuanaithe agus lena soláthrófar naisc níos láidre agus níos éifeachtúla ar fud an limistéir.
Ina measc siúd a bhí i láthair ag an imeacht bhí an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, Jack Chambers TD, an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, agus AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall.
Is rud a rachaidh chun tairbhe go mór do Bhaile Átha Cliath 15 é críochnú an phíosa thábhachtaigh bonneagair seo. Ceapadh BAM i mí Lúnasa 2023 agus chuir sé tús leis an tógáil tamaillín ina dhiaidh sin, agus é ag iompú na pleanála a rinneadh thar na blianta ina rud nithiúil agus ag oscailt an bhealaigh le haghaidh fás inbhuanaithe i gCnoc an Sciobóil.
Leis an tionscadal €23 mhilliún seo, soláthraítear 2 km de bhóithre nua, cosáin, agus lánaí leithscartha rothar, agus nasctar Timpeallán an Bhearnbhálaigh in Ongar leis an R149 ag Lána Bhaile an Bhearbóraigh Theas. Áirítear leis an scéim uasghrádú ar Lána Bhaile an Bhearbóraigh agus droichead nua aonréise thar líne iarnróid Dhún Búinne, rud a tógadh chun freastal ar leictriú agus tosaíocht do bhusanna amach anseo. Cuimsítear sa scéim freisin bealaí siúil agus rothaíochta a sheasfaidh an aimsir faoin droichead, agus an nasc thuaidh i mbun oibre cheana féin.
Ag oscailt an bhóthair nua dó, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, gur bunathraitheach atá an tionscadal. Dúirt sé: “Is bunathrú chun feabhais do theaghlaigh áitiúla é Bóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil. Toradh amháin a bheidh air is ea go gcuirfear feabhas ar an rochtain ar chúig scoil, mar atá Hansfield Educate Together National School, Hansfield Educate Together Secondary School, Ériu Community College, Castaheany Educate Together National School, agus St. Benedict’s National School, rud a fhágann go mbeidh turais laethúla níos sábháilte, níos éasca agus níos inbhuanaithe. Toradh eile a bheidh air is ea go nascfar pobail, go dtacófar le tithíocht nua, agus go gcruthófar bunús níos láidre don oideachas, do dheiseanna agus do cháilíocht na beatha i mBaile Átha Cliath 15.”
Agus é faoi fhormhaoirseacht Roinn Bonneagair agus Iompair Chomhairle Contae Fhine Gall, faoi dhearadh agus faoi mhaoirseacht Clifton Scannell Emerson Associates agus faoi sheachadadh BAM, áirítear leis an tionscadal carrbhealach 6.5 méadar agus droichead iarnróid 31 bhíoma a suiteáladh le linn dhá shealbhú oíche i gcomhar le hIarnród Éireann. Dearadh an scéim chun freastal ar naisc taistil ghníomhaigh agus uasghráduithe iompair phoiblí amach anseo, lena n-áirítear nasc le Glasbhealach na Canálach Ríoga agus lánaí féideartha bus.
Ceadaíodh an scéim den chéad uair sa bhliain 2007 faoi phróiseas Chuid VIII, agus tá sí ailínithe le straitéisí náisiúnta agus áitiúla lena n-áirítear Tithíocht do Chách, an Plean Forbartha Náisiúnta, an Creat Náisiúnta Pleanála, an Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, agus an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall. Toradh eile a bheidh ar an scéim is ea go dtacófar le dlúthfhás timpeall Stáisiún Pháirc Hans agus go n-éascófar dúnadh thrasrian comhréidh Bhaile an Bhearbóraigh amach anseo le haghaidh an tionscadail DART+ Thiar.
Tharraing AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, aird ar thábhacht straitéiseach an tionscadail. Dúirt sí: “Is é atá i mBóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil ná píosa ríthábhachtach bonneagair a chabhróidh le todhchaí Bhaile Átha Cliath 15 a mhúnlú. Leis an mbóthar, soláthrófar na tacaí is gá chun tithíocht nua a chumasú, neartófar roghanna iompair inbhuanaithe, agus feabhsófar nascacht ar fud an limistéir. Tá an tionscadal seo ina gharsprioc shuntasach i mbaint amach na físe fadtéarmaí atá leagtha amach i bPlean Forbartha Fhine Gall.”
Leis an scéim, soláthrófar saoráidí fairsinge taistil ghníomhaigh, amhail raonta leithscartha rothar, cosáin nua, acomhail uasghrádaithe agus trasrianta túcánacha, rud a fheabhsóidh an tsábháilteacht do choisithe agus do rothaithe agus a rachaidh chun tairbhe do na cúig scoil in aice láimhe go háirithe. Tá dhá thimpeallán nua ar Lána Bhaile an Bhearbóraigh Theas deartha chun freastal ar thrasrianta rialaithe amach anseo agus chun nascadh le droichead DART+ Thiar atá beartaithe, rud a fheabhsóidh rochtain ar Bhaile Uí Cheallaigh.
Dúirt Jack Chambers TD, an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin: “Tá soláthar Bhóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil ina léiriú ar cé chomh tábhachtach agus atá infheistíocht mharthanach dhea-phleanáilte i mbonneagar poiblí. Trí fheabhas a chur ar chonair thábhachtach agus trí thacú leis an éileamh amach anseo, is é an toradh a bheidh ar an tionscadal seo ná go rannchuideofar le forbairt leantach Bhaile Átha Cliath 15 agus an réigiúin níos leithne. A bhuí leis sin, cuirfear feabhas ar cháilíocht na beatha agus ar chaighdeáin mhaireachtála do theaghlaigh sa phobal áitiúil, feabhsófar an nascacht le scoileanna agus taitneamhachtaí in aice láimhe, agus tacófar le fiontair áitiúla. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na foirne ar as a dtiomantas a tugadh an tionscadal seo chun críche.’’
I dteannta feabhsuithe iompair, tá roinnt uasghráduithe tábhachtacha seirbhíse ag gabháil leis an tionscadal. Shuiteáil Comhairle Contae Fhine Gall príomhlíonra uisce nua do thailte Chnoc an Sciobóil, rud a mbainisteoidh Uisce Éireann é. Ina theannta sin, soláthraíodh trasrianta fuíolluisce, soilse poiblí nua LED agus comharthaí tráchta, agus duchtáil nua do sheirbhísí teileachumarsáide amach anseo, rud a chabhraigh lena chinntiú go ndéantar seirbhísiú ar thailte in aice láimhe le haghaidh forbartha. Sholáthair BSL bonneagar cumasúcháin nua le haghaidh na soilse. Toradh eile a bheidh ar an mbóthar is ea go ndéanfar coimirciú ar an gconair atá riachtanach le haghaidh uasghrádú líonra 38 kV de chuid BSL chun tacú leis an DART+ Thiar agus le forbairt áitiúil.
Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Bonneagair agus Iompair i gComhairle Contae Fhine Gall: “Le Bóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil, soláthraítear píosa ardchaighdeáin bonneagair do Bhaile Átha Cliath 15. Cinntítear lena dhearadh gur féidir leis freastal ar uasghráduithe iompair amach anseo agus ar na gnáthriachtanais laethúla a bhíonn ag pobal a bhíonn ag fás ag an aon am amháin. Leis an tionscadal seo, neartófar an gréasán foriomlán agus soláthrófar bunús láidir d’fhorbairt leantach sa limistéar.”
Dúirt John Lucy, Stiúrthóir Innealtóireachta Sibhialta in BAM: “Is céim shuntasach chun cinn don ghréasán áitiúil iompair é críochnú Bhóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil. A bhuí leis an mbóthar nua, leis na hacomhail nua agus leis an trasrian droichid nua, cuirfear feabhas suntasach ar an nascacht idir Ongar agus Cnoc an Sciobóil, agus cruthófar bealach níos sábháilte agus níos éifeachtúla do gach úsáideoir. Leis an nasc feabhsaithe seo, éascófar forbairt chónaithe agus cuirfear feabhas ar an rochtain ar scoileanna in aice láimhe agus ar thaitneamhachtaí agus gnólachtaí sa limistéar áitiúil, rud a thacóidh le teaghlaigh sa phobal agus a neartóidh fiontair áitiúla. Sholáthair BAM an tionscadal, a bhfuilimid bródúil as, i ndlúth-chomhpháirt le Comhairle Contae Fhine Gall. Is léiriú é ar ár dtiomantas do bhonneagar ardchaighdeáin a thógáil lena dtacófar le fás inbhuanaithe agus lena bhfeabhsófar gnátheispéireas laethúil an phobail.”