Le Faiche an tSráidbhaile Mhullach Íde a rinneadh a athfhorbairt, cruthaítear spás oscailte feabhsaithe a fhéadfaidh gach duine taitneamh a bhaint as

Rinneadh athfhorbairt shuntasach ar Fhaiche an tSráidbhaile i Mullach Íde agus tá sé ar fáil anois le húsáid ag an bpobal.

Le hathfhorbairt an spáis tá spás poiblí glas nua ann, a thabharfaidh athbheochan agus feabhsú don spás oscailte mar spás a fhéadfaidh gach duine cuairt a thabhairt air agus taitneamh a bhaint as.

Rinneadh na hoibreacha seo i rith na bliana agus críochnaíodh iad in am.  Tá sé mar aidhm mhór ag na hoibreacha seo Straitéis Réimse Phoiblí Chomhairle Contae Fhine Gall do Mhullach Íde 2014 a chur i gcrích fiú leis na deacrachtaí a cruthaíodh leis an bpaindéim Covid-19.

Bhí Rannán Bonneagair Ghlais agus Páirceanna na Comhairle i gceannas ar an tionscadal chun cáilíocht Faiche an tSráidbhaile a athbheochan agus a fheabhsú agus chun an spás oscailte a fheabhsú mar spás a fhéadfaidh cónaitheoirí Mhullach Íde agus turasóirí cuairt a thabhairt air agus taitneamh a bhaint as. D'eascair an plean ceadaithe le haghaidh Faiche an tSráidbhaile ó phróiseas fairsing comhairliúcháin phoiblí agus ba é Murray and Associates Landscape Architecture a dhear é.

Bhí sraith feabhsuithe ar an bhfearann poiblí i gceist le Faiche an tSráidbhaile, lena n-áirítear pábháil nua agus troscán sráide a shuiteáil, an spás oscailte a ath-chomhrianú chomh maith le plandáil. Tá an cumas aige a bheith ina mhol gníomhaíochta eacnamaíochta agus mar áit bhailiúcháin shóisialta do thaistealaithe a úsáideann an líonra féarbhealaigh atá pleanáilte.  Is spás oscailte pábháilte é Plás an Bhaile, cuid amháin d’Fhaiche nua an tSráidbhaile agus úsáidfear é le haghaidh deiseanna cultúrtha agus tráchtála éagsúla.

Ag an seoladh dúirt Méara Fhine Gall An Comhairleoir David Healy ar chur i gcrích an tionscadail: “Bhí an tionscadal Faiche an tSráidbhaile mar chuid de Straitéis Réimse Phoiblí foriomlán níos mó do Mhullach Íde ina ndearnadh iarracht an spás poiblí atá ar fáil do phobal an bhaile a fheabhsú. Is iontach a fheiceáil an Fhaiche a bheith críochnaithe agus oscailte go hiomlán, agus is dea-shampla é den obair chrua leanúnach a rinne gach duine a bhí bainteach le linn tráthanna deacra. Chuir na srianta moill ar an tionscadal seo ach níor tháinig aon athrú ar an tiomantas chun taitneamhacht fheabhsaithe a sholáthar do Mhullach Íde agus soláthróidh an spás glas seo briseadh riachtanach sa dúlra i lár an bhaile do na cónaitheoirí. "

Labhair AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall faoi na buntáistí a bhaineann leis an infheistíocht don bhaile agus na deiseanna a chuirfidh sí ar fáil: “Cuirfidh infheistíocht shuntasach Chomhairle Contae Fhine Gall sa tionscadal seo go mór le croílimistéar an tsráidbhaile, ag soláthar spáis nua agus fheabhsaithe do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as. Neartóidh na hoibreacha an nasc idir an Faiche agus sráidbhaile Mhullach Íde agus cruthóidh sé pointe fócasach láidir agus féiniúlacht laistigh den sráidbhaile agus cuirfidh siad feabhas freisin ar na radharcanna cósta ar féidir taitneamh a bhaint astu ón spás oscailte."

Tá an scéim mar chuid den Straitéis Réimse Phoiblí do Mhullach Íde ar thug Comhairle Contae Fhine Gall faoi in 2014. Rinneadh an spás idir Phlás an Bhaile agus an Fhaiche a leathnú, rud a sholáthraíonn plás uirbeach nua ag an spás trasdula idir an sráidbhaile agus an Fhaiche.

Dúirt Matthew McAleese, an Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh: “Le cur i gcrích an tionscadail seo lena leagan amach agus a shaoráidí feabhsaithe cuirfear leis an taitneamhacht móréilimh seo ar an mbaile do gach duine taitneamh a bhaint as. Is saothar iontach nua é seo de bhonneagar fearann poiblí ina gcuirtear cuid de Straitéis na Scéime Réimse Poiblí do Mullach Íde i gcrích."

Dúirt Kevin Halpenny, Ceannfort Sinsearach Páirceanna do Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is spás oscailte a bhfuil tábhacht suntasach agus stairiúil aige é an Fhaiche i lár Mhullach Íde agus tá an athfhorbairt tar éis é a athrú go spás cathartha ilfheidhmeach. Le linn an phróisis bhí béim an-láidir ar cháilíocht dearaidh agus ar cháilíocht an chur i gcrích agus tá sé seo le feiceáil sa pháirc chríochnaithe."

Malahide Village Green 2