Las Solas ar do Rothar!

Light up your bike Mayors of Dublin local authorities

Glao chun gnímh ón gceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath, ón nGarda Síochána, ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ó Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath d’úsáideoirí rothar solas a lasadh ar a gcuid rothar agus iad ar an mbóthar le linn aimsir dhorcha. Ó tharla go bhfuil na cloig curtha siar d’fhéadfadh daoine a bheith ar an mbóthar in aimsir atá níos dorcha anois agus cuirtear i gcuimhne dóibhsean a bhíonn ar a gcuid rothar gur ceanglas dlí atá ann soilse rothair a úsáid nuair atáthar ag rothaíocht le linn tréimhsí soilsithe.  Má shocraíonn tú dul ar rothar gan soilse, nó má theipeann ar do chuid soilse agus tú ar an mbóthar, níl tú chomh feiceálach céanna agus d’fhéadfaí fógra um pionós socraithe €40 a ghearradh ort.

Is faoi Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath a thagann an tionscnamh Las Solas ar do Rothar, tionscnamh a dhéanann an ceanglas dlí nár mhór duit soilse atá ag obair i gceart a bheith ar do rothar agat agus nár mhór iad a úsáid le linn tréimhsí soilsithe a chur chun cinn. Cuidíonn sé soilse rothair a bheith in úsáid agat le go mbeidh tú níos feiceálaí d’úsáideoirí bóthair eile agus is iomaí cineál agus is iomaí stíl soilse ann ar féidir leat a cheannach. Oibríonn an chuid is mó de shoilse rothair ar chadhnra nó ar dineamó. Má tá tú ag úsáid soilse a oibríonn ar chadhnra, cadhnraí in-athluchtaithe/ neamh-in-athluchtaithe, tá sé tábhachtach go gcuimhneofá go bhféadfadh siad dul in éag fad a bhíonn tú ar bóthar. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh péire soilse eile agat a bhféadfá a ghreamú do do rothair sa chás go dteastódh siad uait chun tú a thabhairt go ceann scríbe. Tá sé tábhachtach freisin go gcuimhneofá go mbaineann leanaí agus déagóirí chomh maith le daoine fásta úsáid as rothair agus iad ar a mbealach chun na scoile. 

Is éard a dúirt Méara Fhine Gall, Seána Ó Rodaigh: “Ó tharla go bhfuil go leor daoine ag roghnú modhanna taistil gníomhacha anois chun dul chun na hoibre, na scoile agus chun an choláiste tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh soilse a úsáid ar mhaithe le tú féin agus úsáideoirí bóthair eile a choinneáil sábháilte. Níor cheart go gcuirfeadh laethanta gearra an Gheimhridh stop leat dul amach ar do rothar chomh fada is go bhfuil tú feistithe i gceart. Tá infheistíocht mhór déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall chun bonneagar agus áiseanna rothaíochta a fheabhsú ar fud an chontae, agus tá foireann tiomanta Taistil Gníomhach againn freisin chun go mbeidh gach duine ar mhaith leo tabhairt faoin rothaíocht ábalta sin a dhéanamh go slán sábháilte. Chun do chuidse a dhéanamh, agus chun fógra um pionós socraithe a sheachaint, bí cinnte go ndéanann tú do chuid soilse a sheiceáil roimh gach aistear.”

Is éard a dúirt an Ceannfort Thomas Murphy, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Bóithre: “Tá an Garda Síochána breá sásta, mar a bhíonn i gcónaí, a bheith páirteach sa tionscnamh sábháilteachta bóthair fíorthábhachtach seo.  Ní do chaitheamh aimsire amháin an rothar mar go n-úsáidtear freisin é mar mhodh iompair gach lá. Tugann an rothar saoirse agus neamhspleáchas do dhuine, ach baineann freagracht phearsanta leis chomh maith, is é sin go mbeadh gach rothaí cinnte go bhfuil siad féin agus a rothar feistithe i gceart, cosanta i gceart agus feiceálach ar an mbóthar, go háirithe sa tráthnóna agus ar maidin nuair atá sé dorcha amuigh. Táthar ag iarraidh aird a tharraingt ar rothaíocht shábháilte ar bhóithre an chontae leis an bhfeachtas ‘Las Solas ar do Rothar’. Tá an Garda Síochána tiomanta a gcuid a dhéanamh oideachas a chur ar úsáideoirí bóthair go léir agus iad a chosaint trí chomhairle sábháilteachta bóthair a eisiúint agus trí reachtaíocht um Thrácht ar Bhóithre a chur i bhfeidhm. Is cion é mura bhfuil lampa tosaigh ná lampa cúil lasta ag rothaí le linn uaireanta soilsithe. Tá an Garda Síochána ag iarraidh ar rothaithe a bheith cinnte de go mbeidh na húsáideoirí bóthair eile ábalta iad a fheiceáil trína rothar féin agus rothair leanaí a fheistiú leis na soilse cearta fad a úsáideann siad an bóthar.

 

Is éard a dúirt Sam Waide, Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre: “Táim sásta tacaíocht a thabhairt don tionscnamh fíorthábhachtach seo ‘Las Solas ar do Rothar’ chun a chur i gcuimhne do rothaithe a bheith cinnte de go bhfuil na soilse cearta in úsáid acu ar a gcuid rothar agus na soilse sin a sheiceáil go rialta. Is chun a chinntiú go bhfuil siad níos feiceálaí do thiománaithe agus d’úsáideoirí bóthair eile atá sé. Ní mór dóibh solas tosaigh bán nó buí agus solas cúil dearg a bheith ar an rothar acu. De réir mar a éiríonn an lá níos giorra ní mór dúinn a bheith cinnte de go bhfuil na soilse ar rothair ár gcuid leanaí ag obair i gceart freisin agus a chur i gcuimhne dóibh iad a sheiceáil go rialta.”

 

Is éard a dúirt Kevin Baker, Cathaoirleach Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath: “Tá an-áthas orm go bhfuil na ceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath, an Garda Síochána agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre tagtha le chéile chun tacaíocht a thabhairt don tionscnamh Las Solas ar do Rothar. Is é an bealach is fearr chun a bheith cinnte go bhfeicfidh úsáideoirí bóthair eile tú le linn maidineacha agus tráthnónta níos dorcha ná soilse d’ardchaighdeán a úsáid ar do rothar. Is ceanglas dlí é soilse rothair a úsáid le linn uaireanta Soilsithe, is é sin ó 30 nóiméad i ndiaidh luí na gréine go dtí 30 nóiméad roimh éirí na gréine.”