Kianda Technologies Fhine Gall ag súil le Duais ag na Dámhachtainí Náisiúnta Fiontair

Fingal’s Kianda Technologies Hoping for Glory at National Enterprise Awards

File photo, taken prior to the Covid-19 pandemic

Kianda Technologies, ceann de na gnóthaí is rathúla i bhFine Gall, ainmnithe mar cheann de na cuideachtaí a d’fhéadfadh Dámhachtain Náisiúnta Fiontair (DNF) a bhuachan i mbliana. Reáchtálfar an searmanas bronnta, tionscnamh de chuid na nOifigí Fiontair Áitiúla (OFAanna), go fíorúil ar an 11 Feabhra.

Roghnaíodh Kianda Technologies chun ionadaíocht a dhéanamh ar OFA Fhine Gall sna dámhachtainí agus beidh sé in iomaíocht le 29 cuideachta eile le haghaidh duais luach €50,000.

Ba iad Derya agus Osvaldo Sousa, lánúin phósta, a bhunaigh Kianda Technologies. Soláthraíonn an chuideachta ardán uathoibrithe atá éasca le húsáid chun cabhrú le gnóthaí úsáid a bhaint as feidhmchláir iomasacha ar líne seachas próisis a dhéantar de láimh, chun deireadh a chur le neamhéifeachtúlacht agus táirgiúlacht a mhéadú. Tá custaiméirí ag Kianda ar fud na cruinne faoi láthair, agus tá ag éirí leis an gcuideachta próisis gnó a bhaineann le AD, cáilíocht, airgeadas agus tuilleadh a athrú ó bhonn.

Kianda ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas, bronnadh an Dámhachtain do Ghnó Nuathionscanta / Gnó Nua is fearr ar an gcuideachta ag Dámhachtainí Chomhlachas Fhine Gall in 2018, agus bhí Kianda i measc na dtrí chuideachta Éireannacha a bhí le feiceáil ar ‘Boost my Business’, clár de chuid RTÉ, inar tugadh léargas ar an gcaoi ar éirigh leo leanúint leis an obair i rith phaindéim COVID-19. Chomh maith leis sin, roghnaíodh comhbhunaitheoir na cuideachta, Derya Sousa, chun ionadaíocht a dhéanamh ar OFA Fhine Gall mar ‘Ceannródaí’ ag Lá Náisiúnta Fiontair na mBan (NNFB) in 2020.

Tá cineálacha éagsúla gnóthaí a bhfuil tacaíocht á fáil acu ó OFAanna ar fud na tíre páirteach sa chomórtas seo.  Tá na dámhachtainí seo á reáchtáil le 22 bliain anuas, agus is bealach iad chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair atá á déanamh ag gnóthaí beaga agus áirítear ann dámhachtainí a thugann aitheantas do bharr feabhais in easpórtáil, inbhuanaitheacht agus nuálaíocht mar aon le 8 ndámhachtain réigiúnacha agus buaiteoir príomhdhámhachtain na nDámhachtainí Náisiúnta Fiontair. 

I mbliana, tá dhá chatagóir nua dámhachtana bunaithe, fianaise  ar na coinníollacha dúshlánacha a bhí le sárú ag cuideachtaí in 2020.  Bronnfar an Dámhachtain Pivot ar chuideachta a d’athraigh a gnó go rathúil ar bhealach éigin ainneoin na ndúshlán a bhí le sárú le 12 mhí anuas. Bronnfar Dámhachtain Ullmhachta Brexit ar chuideachta a rinne obair ullmhúcháin den chéad scoth le haghaidh Brexit go háirithe sa chás gur bhain dúshláin shonracha lena leithéid don ghnó.  

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Gnó, Fostaíochta agus Miondíola, Damien English TD; “Trí na Dámhachtainí Náisiúnta Fiontair tá ceiliúradh á dhéanamh ar na cuideachtaí beaga áitiúla is fearr atá ar thús cadhnaíochta ina réimse saineolais gnó.   Le 20 bliain anuas tá glacadh leis na dámhachtainí mar thagarmharc le haghaidh barr feabhais i micreaghnóthais ar fud na tíre.  Is ábhar spreagtha é liosta na mbuaiteoirí, ainmnithe agus rannpháirtithe a bhí ann le blianta fada anuas, gnóthaí agus daoine éirimiúla arb ionann iad agus cnámh droma shárfhiontraithe na hÉireann, a bhfuil go leor acu i mbun trádála go rathúil ar fud an domhain.  Ní haon eisceacht iad na daoine atá ainmnithe do dhámhachtain i mbliana agus go deimhin tá roinnt cuideachtaí eisceachtúla ina measc.  Guím gach rath ar gach cuideachta atá ainmnithe don phríomhdhámhachtain agus níl aon amhras orm ach go leanfaidh siad ar aghaidh ag fás agus go mbeidh siad páirteach i bpobal gnó idirnáisiúnta na hÉireann atá ag fás ar bhonn leanúnach.    

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Oisín Geoghegan, Cathaoirleach Ghréasán OFA agus Ceannasaí Fiontair i bhFine Gall: “Bhí neart dúshlán le sárú ag gnóthaí beaga i rith na bliana, agus dá réir sin, is bealach é seo chun aird a tharraingt ar scéalta dearfacha agus ar ghnóthaí ar éirigh go breá leo dúshláin gan choinne a shárú. Ghlac na gnóthaí seo páirt i ndianphróiseas moltóireachta, rinneadh iniúchadh ar gach gné dá ngnóthaí, rud a d’fhéadfadh dul chun tairbhe go mór dóibh agus pleananna á ndéanamh acu don todhchaí.  Is cuma má éiríonn nó nach n-éiríonn leo dámhachtain a fháil, tá na gnóthaí ainmnithe breá ábalta dul sa treo céanna le cuideachtaí iontacha eile ar bronnadh dámhachtainí orthu roimhe seo, lena n-áirítear buaiteoirí as Fine Gall, leithéidí Simtech Aviation, IFS Ltd., Keoghs Crisps agus go leor gnóthaí eile de chuid Fhine Gall ar bronnadh dámhachtainí orthu ag leibhéal Náisiúnta.” 

Áirítear na Dámhachtainí Náisiúnta Fiontair i measc ceann de roinnt tionscnamh atá á reáchtáil ag OFAanna chun fiontraíocht a chothú ar fud na tíre. Áirítear i measc na ndámhachtainí eile - an tSeachtain Fiontair Áitiúil, Clár Fiontair Mac Léinn agus Lá Náisiúnta Fiontair na mBan.

Tá Oifigí Fiontair Áitiúla á maoiniú ag Rialtas na hÉireann trí Fhiontraíocht Éireann. Bunaíodh na OFAanna laistigh de na hÚdaráis Áitiúla in 2014, agus is acmhainn riachtanach iad d’aon fhiontraí ar mian leis gnó a bhunú nó d’aon ghnó beag atá ag lorg tacaíochta nó comhairle chun cabhrú leis fás. Oibríonn na OFAanna leis na mílte cuideachta agus gnólacht nuathionscanta ar fud na hÉireann i raon earnálacha éagsúla trí mheantóireacht, oiliúint, sainchomhairle agus tacaíochtaí airgeadais a chur ar fáil do ghnóthaí beaga. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.LocalEnterprise.ie/awards