Ireland in Music - Deis eile é a fheiceáil ar Theilifís RTÉ

Beidh deis ag an lucht féachana breathnú ar Ireland in Music, an clár speisialta a tugadh ardmholadh dó agus a dhéanann ceiliúradh ar cheol agus ar Éirinn, mar go mbeidh sé le craoladh arís ar RTÉ One ag 7:30pm Dé Domhnaigh, an 8 Lúnasa 2021.

Ailbhe Reddy on Portrane beach

Craoladh Ireland in Music den chéad uair i mí na Nollag 2020, agus bhí an-ráchairt air ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Craoladh é ar 19 stáisiún teilifíse agus d'fhéach breis is 5 milliún air i 41 tír. Anois, beidh deis eile ag an lucht féachana breathnú ar an gclár speisialta sármhaith seo an Domhnach beag seo.   

Bhí ar an Temple Bar Company, a reáchtálann TradFest, an fhéile bhliantúil a athshamhlú chun dul in oiriúint don saol aisteach nua seo le COVID-19. Bhí an clár Ireland in Music ar cheann de na bealaí a bhain lucht na féile leas astu chun nasc a choinneáil idir ceoltóirí agus an lucht féachana agus éisteacha le bliain anuas. Thaifead lucht eagraíochta TradFest an clár speisialta ceoil uair an chloig le linn shamhradh na bliana 2020, i gcomhar le Born Optimistic le maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Fáilte Ireland, Tourism Ireland, agus na húdaráis áitiúla sa Chlár, i mBaile Átha Cliath, i nDún na nGall, i bhFine Gall, sa Mhí & san Iarmhí, agus le tacaíocht ó Oifig na nOibreacha Poiblí. Is tionscadal ceoil fíorspeisialta é seo a dhéanann áilleacht agus ceol na hÉireann a cheiliúradh.

 

Rinneadh taifead ar scoth cheoltóirí na hÉireann agus iad ag seinm beo i gcuid de na láithreáin is mó cáil in Éirinn, idir sráideanna Bharra an Teampaill agus Aillte an Mhothair.  Ghlac go leor sárcheoltóirí páirt sa chlár, lena n-áirítear Clannad, Mundy, Lisa Hannigan, Sharon Shannon, Denise Chaila, Kíla, The Hothouse Flowers, The Stunning, Wallis Bird, Saint Sister, Ailbhe Reddy, Rosie Carney, Mark Redmond, Jealous of the Birds, Tolu Makay & Delush (Enda Gallery).

 

Aidhm shimplí atá leis an gclár Ireland in Music - Éire agus ceol na hÉireann a chur os comhair an phobail le linn tréimhse nuair nach bhfuil sé de chumas ag turasóirí teacht go hÉirinn ná ag ceoltóirí dul ar camchuairt. Taifeadadh dhá cheann de na léirithe i gceantar Fhine Gall. Ba iad sin léiriú Ailbhe Reddy ar Thrá Phort Reachrann agus léiriú Mundy i dTeach Newbridge i nDomhnach Bat.

 

Is é an Temple Bar Company a léiríonn TradFest le tacaíocht ó RTÉ, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Fáilte Ireland, Tourism Ireland agus na húdaráis áitiúla sa Chlár, i mBaile Átha Cliath, i nDún na nGall, i bhFine Gall, sa Mhí & san Iarmhí, Oifig na nOibreacha Poiblí, Teicneolaíocht Aeir Ghlain Novaerus.  Is é Born Optimistic an comhpháirtí Teilifíse & Sruthaithe & léiriúcháin atá againn.

 

Chun tuilleadh eolas a fháil, féach www.tradfest.ie 

 

mundy at Newbridge house