Ionaid Phobail Fhine Gall ag reáchtáil comórtas saothair ealaíne Fíorúla Oíche Shamhna

Tá oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag reáchtáil Tionscadal Fíorúil Oíche Shamhna 2020 ar fud na tíre a thabharfaidh maoiniú do 27 ionad pobail chun comórtas cruthú mascanna, dathúcháin agus scríbhneoireacht dáin a reáchtáil ag úsáid meán fíorúil.

Beidh catagóir aoise 4-7, 8-10 agus 11-13 bliana d’aois ag gach ionad  agus beidh an comórtas tosaithe ar an 12 Deireadh Fómhair agus críochnóidh sé ar an 30 Deireadh Fómhair. Bronnfar céad duais de €40, dara duais de €30, agus €20 don triú duais i ndearbháin leabhar a chuirfear amach ar thrí bhuaiteoir i ngach catagóir aoise.  

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Ní bheimid in ann Oíche Shamhna a cheiliúradh mar is gnáth i mbliana  agus muid fós ag tabhairt aghaidhe ar na dúshláin a chuireann Covid-19 os comhair ár bpobal. Ciallaíonn sé seo go gcaithfimid a bheith cruthaitheach i mbliana agus tá an-áthas orm an oifig Forbartha Pobail a fheiceáil ag eagrú agus ag tacú leis an tionscnamh seo chun spiorad pobail a choimeád beo le linn thréimhse Oíche Shamhna.

Aithníonn an Oifig Forbartha Pobail an timpeallacht dhúshlánach a chruthaíonn paindéim Covid-19 agus an tionchar atá aici ar ár saol laethúil. Ní dhéanann an oifig dearmad riamh ar na teaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste teicneolaíochta agus mar sin beifear in ann iontrálacha a chur isteach trí ghrianghraif dóibh siúd ar féidir a n-iontrálacha a scanadh.   

Liosta de na hionaid phobail atá ag glacadh páirt:

  1. Ionad Acmhainní Bhaile an Bhlácaigh
  2. Teach Bhaile an Phaslóigh, Mullach Eadrad
  3. Ionad Pobail Mhullach Eadrad
  4. Ionad Pobail Bhaile an Tirialaigh  
  5. Ionad Acmhainní na Coirre Duibhe  
  6. Ionad Pobail Ongar
  7. Ionad Pobail Bhaile Lotrail
  8. Ionad Pobail & Óige Radharc an Chnocáin
  9. Ionad Pobail Phlásóg an Dúin
  10. Ionad Pobail Bhaile an Diosualaigh
  11. Ionad Pobail Teach Chainnigh  
  12. Ionad Pobail Bhaile an Hartaigh
  13. Naomh Bríde – Páirc na Feá
  14. Ionad Pobail Bhaile an Huntaigh
  15. Ionad Poabil Chaisleán Cnúcha  
  16. Ionad Pobail Choill na nÚll
  17. Ionad Pobail an Tobar Naofa
  18. Ionad Liam Rogers Fhine Gall
  19. Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh  
  20. Ionad Pobail Fhearann an Chaisleáin  
  21. Saoráid Ilchuspóireach Óige an Rois  
  22. Ionad Pobail – Lusca
  23. Ionad Pobail Naomh Macullin – Lusca
  24. Ionadh Pobail Dhomhnach Bat & Port Reachrann
  25. Fóram Bhaile Dúill
  26. Ionad Spóirt agus Fóillíochta Phort Mearnóg
  27. Ionad Pobail Ghleann na hAbhann

Is féidir leat sonraí teagmhála a fháil do na hionaid seo anseo: https://bit.ly/2HvFJSA

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta & Pobail do Chomhairle Contae Fhine Gall: “Leanann Roinn Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag soláthar seirbhísí agus tionsnamh do phobail Fhine Gall. Is bealach iontach é an comórtas seo chun spiorad an phobail a choimeád beo beathach le linn thréimhse Oíche Shamhna cé go bhfuil dúshláin deacra romhainn mar gheall ar Covid-19 faoi láthair.”

“Tá súil agam go dtabharfaidh an tionscnamh seo roinnt de spraoi  Oíche Shamhna don illiomad leanaí agus teaghlaigh ar fud Fhine Gall agus táim ag tnúth leis an saothar ealaíne, na mascanna agus dánta a fheiceáil agus a bheith ‘scanraithe’ acu! Ba mhaith liom oifig na hoifige Forbartha Pobail a mholadh as an gcomórtas seo a eagrú do dhaoine óga Fhine Gall.”

Aithníonn ár gClár Oíche Shamhna i mbliana na dúshláin atá roimh ár bpobail agus féachann sé le tacú leis na hionaid teagmháil a dhéanamh leis na pobail seo ar fud an chontae trí na bealaí a sholáthar chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga agus a dteaghlaigh trí Facebook / Láithreáin Ghréasáin na nIonad.