Infheistíocht de €1.14 milliún ceadaithe do Thionscadail Nua i gCeantair Thuaithe Bhaile Átha Cliath

Tá nuacht iontach ann do cheantair thuaithe i bhFine Gall agus Baile Átha Cliath leis an gceadú deiridh de €1.14 milliún i maoiniú do 11 tionscadail.

Keoghs Farm

Tá nuacht iontach ann do cheantair thuaithe i bhFine Gall agus Baile Átha Cliath leis an gceadú deiridh de €1.14 milliún i maoiniú do 11 tionscadail. Cheadaigh Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta Tuaithe Bhaile Átha Cliath LEADER (LAG) a dhéanann maoirseacht ar an gclár LEADER i gCeantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath an infheistíocht i dtionscadail ag cruinniú ar líne le déanaí. Tá na tionscadail cheadaithe i réimsí Fiontraíochta agus Cruthú Poist, Ionchuimsiú Sóisialta agus Timpeallacht Tuaithe. Tá deich gcinn de na tionscadail atá ceadaithe le haghaidh maoinithe lonnaithe i bhFine Gall. Ginfidh siad seo deiseanna fostaíochta fiontraíochta nua chomh maith le hinfheistíocht shuntasach in áiseanna pobail tuaithe.

Ba iad seo a leanas na tionscadail a bronnadh:

  • Cumann Pobail CLG Ghleann an Smóil (Deisceart Bhaile Átha Cliath) €500,000 Uasghrádú agus athchóiriú ar an Ionad Pobail agus na háiseanna atá ann cheana
  • 153ú Grúpa Gasóga Lusca €28,262.32 Déan oibreacha riachtanacha ar a bPluais Gasóga
  • Ionad Ealaíne Shéamuis Ennis Comhlacht CLG €23,426.87 Ceannaigh suíocháin imeachta, binsí picnice agus uasghrádú ar Chórais TF
  • Comhairle Pobail an tSeanbhaile CLG €12,030.14 Oibreacha uasghrádaithe ar an Ionad Pobail
  • Ionad Fiontair agus Oiliúna Bhaile Brigín CLG €182,947.54 Oibreacha athchóirithe ar aonad amháin den ionad
  • Clann Mhuire GFC An Aill €23,077.38  Suiteáil siúlbhealaigh nua agus uasghrádú ar an limistéar carrchlóis
  • Keoghs Crisps Teoranta €100,615 Forbairt bhreise ar acmhainní monarchan chun cuidiú le fás comhlachta
  • Cumann Fál Sceach Bhaile Bachaille €6,750 Cúrsaí oiliúna sa Bhithéagsúlacht a rolladh amach do ghrúpaí pobail áitiúla
  • Musicantia CLG Baile Brigín €10,427.17 Déan Staidéar Féidearthachta chun Ionad Romach tiomnaithe a chruthú
  • Lambay Irish Whiskey Comhlacht DAC €192,283.5 Micridhrioglann a bhunú i Reachrainn le soláthar fuinnimh neamhspleách
  • Taylor’s Irish Chillies Lusca €62,228 Línte táirgí nua a fhorbairt chun a ngnó a leathnú

 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Fáiltím roimh an maoiniú suntasach seo do raon leathan faighteoirí agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an nGrúpa Áitiúil Gníomhaíochta as roinnt tionscadal nua tábhachtach a fhaomhadh a thacóidh le forbairt pobail inbhuanaithe inár gceantair thuaithe. Beidh an maoiniú fíorluachmhar do na fiontair agus do na pobail atá rannpháirteach ann agus cuirfidh sé ar a gcumas leanúint ar aghaidh ag cur go dearfach le rath eacnamaíoch agus caighdeán na beatha i bhFine Gall sna hamanta dúshlánacha seo.”

 

Dúirt Laurence Ward ó Chumann Feirmeoirí na hÉireann agus Cathaoirleach faoi reatha Ghrúpa  Áitiúil Gníomhaíochta Tuaithe Bhaile Átha Cliath LEADER: ‘Is údar misnigh mór é an cinneadh infheistíochta do cheantair thuaithe le linn tréimhse an-dúshlánach. Is deascéal é an cinneadh seo do go leor daoine sna ceantair thuaithe’.

 Ag trácht di ar thoradh an chruinnithe dúirt Emer O’Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Contae Fhine Gall d’Eacnamaíocht, Fiontar, Turasóireacht agus cultúr: ‘D’fhaomhaigh an cruinniú ar líne is déanaí seo den Ghrúpa Áitiúil Gníomhaíochta Tuaithe Bhaile Átha Cliath LEADER, an dara infheistíocht is mó riamh ag cruinniú amháin. Cuirfidh an infheistíocht seo spreagadh mór ar fáil sa gheilleagar áitiúil agus táimid an-sásta leis an toradh do thionscnóirí an tionscadail.’ 

Ghabh Declan Ryan, Bainisteoir LAG, buíochas le baill an LAG as a dtacaíocht maidir leis na tionscadail a cheadú agus dúirt sé: ‘Tá an Clár LEADER reatha díreach ar an sprioc chun a mhaoiniú leithdháilte iomlán a sholáthar do thionscadail nua faoi dheireadh na bliana.’  

D’athdhearbhaigh Eilish Harrington, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhpháirtíocht LEADER Fhine Gall é seo agus dúirt sí leis an gcruinniú go bhfuil ‘píblíne na dtionscadal nua a bheidh ag lorg ceadú idir anois agus deireadh na bliana an-láidir agus go bhfuil an Clár LEADER in áit mhaith chun cúnamh a sholáthar d’Fhiontair agus do Phobail i gceantair thuaithe Bhaile Átha Cliath amach anseo.’ 
 

 

 

The Seamus Ennis Centre
Lambay Overview