Imeachtaí Fhine Gall i lár an aonaigh ag féile Theach Oscailte (Open House) Bhaile Átha Cliath, 11-19 Deireadh Fómhair

Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall leanúint dá tacaíocht d’fhéile Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath, a bheidh ar siúl ón 11 Deireadh Fómhair go dtí an 19 Deireadh Fómhair. 

a rare collection of jacobite portraits feature in the Great Hall

Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall leanúint dá tacaíocht d’fhéile Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath, a bheidh ar siúl ón 11 Deireadh Fómhair go dtí an 19 Deireadh Fómhair. Tá turais ar fhoirgnimh shuaitheanta mar aon le himeachtaí do leanaí agus do theaghlaigh i measc na n-imeachtaí in aisce ina léireofar oidhreacht shaibhir, ailtireacht agus ríocht phoiblí Fhine Gall mar chuid de phríomhchlár Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath de chuid Fhoras Ailtireachta na hÉireann.
Agus é ag ceiliúradh an 20ú bliain atá sé ar an bhfód, is é ‘Oidhreacht na Todhchaí’ téama Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath i mbliana, agus breis agus 200 imeacht in aisce ar an gclár ama ar fud chathair agus chontae Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear na buaicphointí seo a leanas i bhFine Gall:
Turais ar Fhoirgnimh Nua Fhine Gall
Is féidir le lucht freastail na féile dul isteach in dhá fhoirgneamh nuachríochnaithe i bhFine Gall mar chuid den chlár i mbliana, mar a leanas:
•    Turais ar Ionad Pobail Ráschúrsa Bhaile Dúill nua, ina bhfuil plean ciorclach a bhfuil halla spóirt ina chroílár agus ina bhfuil sraith spásanna taitneamhachta atá dírithe ar an bpobal faoi dhíon glas cuartha. Bhí an fhoireann deartha faoi stiúir Henchion Reuter Architects do Chomhairle Contae Fhine Gall.
•    Turais ar Leabharlann na Sceirí, ar athfhorbair Ailtirí Chomhairle Contae Fhine Gall í chun síneadh mór comhaimseartha trí stór lán solais a sholáthar. Rinneadh Leabharlann Carnegie bhunaidh a chaomhnú agus a uasghrádú go cúramach mar chuid den athfhorbairt fhoriomlán.
Scoth Fhine Gall
I measc buaicphointí eile na féile a bheidh ar siúl i bhFine Gall tá:
•    Turais ar mhúsaem oidhreachta Mhuilte na Sceirí ─ an t-aon láithreán san Eoraip ina bhfuil bailiúchán de thrí mhuileann agus bácús.
•    Turais ar Ionad Cultúrtha Pobail Lusca ar lena linn a thabharfar deis foghlaim faoin gclaochlú suntasach atá tagtha ar an teachín ó thréigean ina mhol cathartha bríomhar, mar aon leis an gcéad amharc ar phleananna chéim a dó lena n-áirítear spás amharclannaíochta tiomnaithe.
•    Turais ar Chúirt an Ghleanna i gCoill an Phrióra, atá ina forbairt tithíochta 32 aonad do dhaoine scothaosta de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar dhear Paul Keogh Architects í.
•    Turais ar theach teaghlaigh comhaimseartha ar Ascaill Lorcáin Uí Thuathail, Port Mearnóg, ar dhear Robert Burke Architects é, agus síneadh dlúth dhá stór atá ceaptha do theaghlach atá ag fás á thabhairt isteach ag an gcuideachta.
•    Turas tí mhóir Sheoirsigh ar Theach an Droichid Nua, Domhnach Bat, ar teach é atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall ar mhaithe leis an bpobal agus atá ar an aon diméin 18ú haois atá fágtha i mBaile Átha Cliath fós.
•    Deis amharc ar bhailiúchán tábhachtach saothar ealaíne atá ar iasacht ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann le linn turais ar Chaisleán Mhullach Íde, agus deis amharc ar na hoibreacha caomhantais ina Halla Mór, arb é an seomra is deise san fhoirgneamh stairiúil é.
•    Turais ar Chaisleán Ard Giolláin, teach cónaithe iontach a tógadh i dtús an 18ú haois, a bhfuil maisiúcháin chaisealacha aige, atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall ar mhaithe leis an bpobal, agus atá suite i suíomh álainn cois cósta.
•    Turais ar Amharclann Lark de chuid Institiúid Cheoil agus Amhránaíochta na hÉireann i mBaile Brigín, rud a bhfuil duaiseanna buaite aige, agus cuairt á tabhairt ar Theach Bedford in aice láimhe, ar teach Seoirseach cosanta é ina dtugtar cóiríocht d’ealaíontóirí agus do dhaoine léinn atá ar cuairt.
Buaicphointí do Leanaí agus do Theaghlaigh
Cuirfear tús le Teach Oscailte Bhaile Átha Cliath le clár imeachtaí in aisce do leanaí an 11 Deireadh Fómhair agus an 12 Deireadh Fómhair, lena n-áireofar na buaicphointí seo a leanas do leanaí agus do theaghlaigh i bhFine Gall:
•    Ceardlanna idirghníomhacha a bheidh faoi stiúir Margaret Anne Suggs, údar agus maisitheoir leabhar leanaí, i Leabharlann Bhaile Dúill agus i bhFaiche an tSéipéil, áit a mbeidh deis ag leanaí a dteach éan páipéir féin a chruthú bunaithe ar a smaoineamh féin ar cad is teach ann.
•    Taispeántas Fhíseanna Todhchaí Fhine Gall i Leabharlann Mhullach Íde, atá ina thionscadal ealaíne taisceadán todhchaí arna choimeád ag Chris Judge, údar agus maisitheoir leabhar leanaí a bhfuil an-tóir air, agus arna chruthú ag leanaí scoile ó gach cearn d’Fhine Gall.
Ag fáiltiú di roimh imeachtaí Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath i bhFine Gall, dúirt Fionnuala May, Ailtire an Chontae, Comhairle Contae Fhine Gall: “Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall a bheith mar chuid de chlár Theach Oscailte na bliana 2025 arís i mbliana, mar urraitheoirí agus mar eagraithe cuairteanna foirgneamh araon. I mbliana, tá ríméad orainn dhá fhoirgneamh nua atáthar tar éis críochnú, eadhon, Ionad Pobail Bhaile Dúill le Henchion Reuter agus Leabharlann na Sceirí le Rannóg Ailtirí Fhine Gall, a chur in aithne don phobal, de bhreis ar mhaoine stairiúla amhail Caisleán Mhullach Íde agus Teach an Droichid Nua a bhí ina gcuid den chlár san am atá thart.”
Dúirt Emmett Scanlon, Stiúrthóir IAF: “Is é atá i dtéama Theach Oscailte na bliana seo, mar atá Oidhreacht na Todhchaí, ná ár n-iarraidh ghlórach chomhchoiteann chun athmhachnamh a dhéanamh ar an dóigh a dtugaimid meas ar ár n-oidhreacht, ar ár dtodhchaí agus ar ár ról laistigh di, agus ar an dóigh a dtugaimid aire dóibh sin. Tugaimid cuireadh do phobail ó Fhine Gall agus ó áiteanna ar fud Bhaile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh ann i mbliana, toisc gurb amhlaidh, ó Shráid Uí Chonaill go dtí an cósta, agus don fhichiú bliain as a chéile, a nochtaimid an luach agus an tionchar a bhíonn ag ailtireacht agus dearadh den scoth ar shaol gach duine dínn.”
Is saor in aisce atá gach imeacht de chuid Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath. Is gá áit a chur in áirithe roimh ré le haghaidh an-chuid de na himeachtaí. Tá réamhchur in áirithe le haghaidh imeachtaí ticéadaithe ar fáil anois ar www.OpenHouseDublin.com.
 

Baldoyle Community Centre 3D view from ground level