Iarrtar ar an bpobal gnó PPE a thabhairt do shaorálaithe Ghlaoch Pobail

Seolann Roinn Forbartha Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta Chomhairle Contae Fhine Gall agus Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath Fhine Gall comhthionscnamh

 

 

Photo of PPE mask, gloves and glasses

Iarrtar ar ghnólachtaí ar fud Fhine Gall an Glaoch Pobail a fhreagairt agus tacú leis an iarracht i gcoinne Covid-19 ach Trealamh Cosanta Pearsanta (PPE) a thabhairt lena úsáid ag saorálaithe de chuid Ghlaoch Pobail (nó Community Call).

Is comhthionscnamh idir Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath Fhine Gall agus Roinn Forbartha Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta Chomhairle Contae Fhine Gall é Fóram Ghlaoch Pobail Fhine Gall, agus tá sé ag iarraidh ar PPE nua nár úsáideadh go dtí seo do shaorálaithe atá i mbun seirbhísí cosúil le seachadtaí bia agus cógas chuig daoine leochaileacha agus seandaoine atá ag clutharú.

Tá aghaidhmhaisc, lámhainní (beaga, meánmhéide agus móra), aghaidhsciatha, spéaclaí cosanta agus díghalrán lámh ag teastáil. Is féidir tairiscint a dhéanamh ar na huimhreacha fón Tacaíochta Covid 01-8905000 nó 1800 459 059 nó ar ríomhphost chuig [email protected] . Socróidh Comhairle Contae Fhine Gall go bpiocfar suas an PPE ó dheontóirí agus go dtabharfar é do shaorálaithe de chuid Glaoch Pobail.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Is dúshlán mór é an phaindéim Covid-19 agus tá muintir Fhine Gall le moladh as na bealaí éagsúla lenar léirigh siad go bhfuil siad ábalta ag an dúshlán. Tá ár gcomhghleacaithe agus saorálaithe a ghlacann páirt san Fhóram Ghlaoch Pobail ag cur seirbhís den chéad scoth ar fáil, agus tá a oiread tacaíochta agus cosanta agus is féidir linn a thabhairt dóibh ag teastáil uathu.

"Mar sin, táimid ag iarraidh ar ghnólachtaí ar fud Fhine Gall aon PPE nua nó PPE nár úsáideadh a chur ar fáil más féidir ar chor ar bith é - is ionann an cás dúinn go léir, ligfimis freagairt ar an nglaoch pobail," dar leis an Méara.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath Fhine Gall, Anthony Cooney: "Tá Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath Fhine Gall ag déanamh achainí ar an bpobal gnó, idir bhaill agus ghnólachtaí nach baill iad, tacaíocht a thabhairt don tionscnamh fiúntach seo."

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall agus Cathaoirleach Fhóram Ghlaoch Pobail Fhine Gall: "Tá PPE thar a bheith tábhachtach dár n-iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar Covid-19. Chuir an Chomhairle leis na hiarrachtaí sin trí PPE a dheonú agus tacaíocht a thabhairt chun Fóram Ghlaoch Pobail Fhine Gall a chur ar bun, a oibriú agus a chomhordú. Anois táimid agus Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath Fhine Gall ag iarraidh ar ghnólachtaí i bhFine Gall lámh chuidithe a thabhairt chun na saorálaithe a oibríonn leis an bhFóram Ghlaoch Pobail a chosaint agus lena n-iarrachtaí a éascú."

Sula ndearnadh an achainí seo ar ghnólachtaí an chontae, thug Comhairle Contae Fhine Gall 30,000 earra PPE d'Ospidéal Beaumont, dhá phrintéir 3D ar iasacht do Surfbox lena n-úsáid chun PPE a tháirgeadh, agus bileoga tréshoileacha do chlódóir 3D deonach le haghaidh aghaidhsciatha a tháirgeadh.