Iarratais oscailte ar Dheontas Atosaithe chun cabhrú le micrea-ghnóthais agus le gnóthais bheaga Fhine Gall

Ón lá an lae inniu, Dé hAoine, an 22 Bealtaine, ar aghaidh, táthar ag glacadh le hiarratais ar an Deontas Atosaithe lena dtabharfar cúnamh deontais díreach do mhicreaghnóthais agus do ghnóthais bheaga chun cabhrú leo na costais a ghlanadh atá gearrtha acu chun fanacht oscailte, nó atá gearrtha orthu chun athoscailt nó chun a gcuid oibrithe a athfhostú tar éis dóibh a bheith dúnta mar gheall ar COVID-19.

Caithfidh na gnólachtaí i bhFine Gall a chomhlíonann na gcritéar don Deontas Atosaithe iarratas a chur isteach air i gComhairle Contae Fhine Gall. Ní mór na hiarratais a chur isteach ar líne ag https://submit.link/E5RPF agus tá sonraí na scéime ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall, www.fingal.ie/business .

Beidh an Deontas comhionann le bille rátaí an ghnólachta don bhliain 2019, agus is ionann an íocaíocht íosta agus an íocaíocht uasta agus €2,000 agus €10,000, faoi seach.

Beidh sé ar fáil do ghnólachtaí a bhfuil láimhdeachas níos lú ná €5m acu, nach bhfuil thar 50 duine fostaithe acu, agus a bhí dúnta síos nó a raibh laghdú 25% ar a laghad ar ioncam an ghnólachta idir an 1 Aibreán, 2020 agus an 30 Meitheamh, 2020. Téann sé i dtreo na costais a ghlanadh a bhaineann le gnólacht a athoscailt nó a choinneáil ag feidhmiú agus le ceangail nua a dhéanamh leis na fostaithe agus na custaiméirí araon.

D’fhonn a chinntiú go bhfaighidh na cuideachtaí incháilithe sin ag a bhfuil an gá is mó dul ar ais i mbun oibre an tacaíocht deontais a luaithe agus is féidir, beidh an deontas ailínithe le Treochlár an Rialtais um an Athoscailt. Táthar ag moladh do na gnóthais incháilithe a lean orthu a bheith oscailte le linn na géarchéime, chomh maith leis na gnólachtaí siúd atá ag athoscailt le linn Chéim 1 (ón 18 Bealtaine) agus le linn Chéim 2 (8 Meitheamh) de Threochlár Chun an tSochaí agus an Ghnó a Athoscailt atá curtha amach ag an Rialtas, iarratas a dhéanamh anois ar an Deontas Atosaithe. Tabharfar tús áite íocaíocht a dhéanamh leis na hiarratais sin. Iarrtar ar ghnólachtaí eile fanacht go cionn cúpla seachtaine, go dtí go mbeidh a ngnólacht le hathoscailt, a n-iarratas a chur isteach.

Dúirt Méara Fhine Gall An Clr. Eoghan O'Brien: “Am deacair dúshlánach atá ann do ghnólachtaí beaga ar fud Fhine Gall agus is féidir leis an Deontas Atosaithe cabhrú leo dul ar ais i mbun oibre arís. Tá íobairtí móra déanta ag na gnóthais seo chun a gcuid fostaithe agus custaiméirí a chosaint le linn COVID-19 agus anois teastaíonn uathu an oiread cúnaimh is gur féidir thabhairt dóibh. "

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an-áthas ar fad orm go bhfuil an Ciste Atosaithe curtha ar fáil anois chun cabhrú lenár ngnólachtaí athoscailt agus lena bhfostaithe filleadh ar ais ar an obair. Nuair a bheidh an tacaíocht seo nasctha le cinn eile a bheidh curtha i bhfeidhm, lena n-áirítear an tarscaoileadh rátaí tráchtála trí mhí do ghnólachtaí a raibh orthu dhúnadh suas, bheidh sé de thacú le fiontair bheaga agus le micrifhiontair ar fud Fhine Gall a gcuid oibríochtaí a chur ar ais i mbun feidhme agus cuirfidh sé leis an fhostaíocht agus leis an gníomhaíocht eacnamaíochta inár bpobail."

Dúirt Stiúrthóir Fiontraíochta Eacnamaíochta agus Forbartha Turasóireachta Chomhairle Contae Fhine Gall, Emer O’Gorman: “Tá a lán gnólachtaí ann a bhfuil costais á dtabhú acu, fiú agus iad dúnta suas, lena n-áirítear costais sheasta, gan a bheith in ann aon ioncam a thabhairt isteach. Tá suntas déanta de na costais a dtabhófar ar ghnóthais chun ullmhú le hathoscailt agus chun freastail ar riachtanais a bhfostaithe a gcustaiméirí araon, freisin. Is éard is cuspóir an Deontais Atosaithe ná an brú atá ar ghnólachtaí mar gheall ar na cúinsí seo a mhaolú. "

Braithfidh próiseáil na n-iarratas ar an Deontas Atosaithe agus íocaíocht an Deontais Atosaithe ar an méid iarratas a fhaightear ag tosach ach tabharfar tús áite do na hiarratais, a oiread is gur féidir, de réir na dátaí atá beartaithe don athoscailt sa Treochlár náisiúnta.

Chun leas a bhaint as an Deontas Atosaithe:  

  1. Ní mór gur lú láimhdeachas an ghnólachta agus €5m agus nach mó líon fostaithe ann ná 50 duine.
  2. Caithfidh an gnólacht a bheith thíos faoi le caillteanas réamh-mheasta de 25%+ san ioncam idir an 1 Aibreán 2020 agus an 30 Meitheamh 2020.  
  3. Caithfidh an gnóthas tiomantas a thabhairt go bhfanfaidh sé oscailte nó go bhfuil sé chun oscailt arís más rud é go ndúnadh é.  Ní mór don ghnólacht dearbhú a thabhairt chomh maith sa chás go bhfuil sé ar intinn aige fostaithe a choinneáil atá ag baint leasa as an Scéim Fóirdheontais Pá Sealadaigh (TWSS).
  4. Ba cheart do na gnólachtaí na cáipéisí tacaíochta a choinneáil mar is féidir spotseiceálacha a dhéanamh chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil a leithéid de dhearbhú ann.

Téann an deontas i dtreo na costais a ghlanadh a bhaineann le gnólacht a athoscailt nó a choinneáil ag feidhmiú agus le ceangail nua a dhéanamh leis na fostaithe agus na custaiméirí araon. Is féidir an deontas a úsáid chun costais sheasta leanúnacha a íoc, m.sh. fóntais, an t-árachas, costais athchóirithe nó bearta atá glactha chun sábháilteacht na bhfostaithe agus na gcustaiméirí a chinntiú.

Tá an tacaíocht deontais dhíreach seo mar chuid den phacáiste níos leithne de €12bn de thacaíochtaí Rialtais do ghnólachtaí, idir cinn mhóra agus cinn bheaga araon, lena n-áirítear deontais, iasachtaí ar chostas íseal, rátaí tráchtála a bheith díscríofa agus dliteanais chánach iarchurtha, agus beidh gach aon cheann acu sin de chuidiú chun feabhas a chur leis an sreabhadh airgid i measc na FBManna.

Ag seo a leanas, na Catagóirí Gnó, bunaithe ar Treochlár an Rialtais chun an geilleagar a athoscailt ar bhonn céimnithe:

 

Céim 1 (18 Bealtaine)

Siopaí crua-earraí, ionaid ghairdín, radharceolaithe, gnóthais deisiúcháin mótar / rothar, siopaí táirgí oifige, siopaí leictreacha, an trealamh TF, díolacháin / deisiúcháin teileafóin, an tógáil allamuigh, saoráidí poiblí.

Céim 2 (8 Meitheamh)

Asraonta miondíola beaga, marglannna.

Céim 3 (29 Meitheamh)

Naíolanna d'oibrithe riachtanacha, asraonta miondíola a bhfuil bealach isteach iontu ón tsráid, agus caiféanna agus bialanna chun ithe san áitribh.

Céim 4 (20 Iúil)

Naíolanna, seirbhísí ‘ardriosca’ lena n-áirítear gruagairí, an chóiríocht turasóireachta.

Céim 5 (10 Lúnasa)

Tabhairní, amharclanna, pictiúrlanna, ionaid aclaíochta, ionaid siopadóireachta.