Iarrann an Chomhairle ar áitritheoirí gan ábhar a chur ar thrá Phort Reachrann tar éis aimsir gairbhe le déanaí

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis iarradh ar áitritheoirí i bPort Reachrann gan ábhar a chur ar thrá an Choinicéir agus ar an gcuid dá réadmhaoin atá ar thaobh na farraige tar éis d’aimsir gharbh tuilleadh creimthe a dhéanamh do chósta an cheantair le déanaí.

De réir comhairle na Comhairle Contae, tá an méid sin iomlán mí-oiriúnach agus fritorthúil agus tá an baol ann go n-éireoidh an creimeadh níos measa in áiteanna ar an gcósta atá i gcontúirt cheana mar thoradh. 

Tuigtear go bhfuil imní ar na háitritheoirí, ach tá sé ríthábhachtach go gcuirfear stop leis an ngníomhaíocht seo láithreach chun torthaí gan choinne, a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, a chosc. 

Mar fhreagairt ar na fadhbanna tromchúiseacha creimthe a leanann go fóill ag trá an Choinicéir, cuireadh trí líne d’aonaid choincréite “SeeBee” ar an trá, d’fhonn níos mó ná 800m den imeallbhord atá i mbaol creimthe le linn stoirmeacha agus le linn lán taoide a chosaint. 

Rinneadh na bearta seo a phleanáil, a dhearadh agus a chur i bhfeidhm go cúramach chun tionchar na dtonnta ar an imeallbhord a laghdú agus chun moill a chur ar an bpróiseas creimthe agus chun díobháil do chuideanna eile den chósta a chosc ag an am céanna.

Mar aon leis na hOibreacha Éigeandála sin, tá plean cruthaithe ag innealtóirí gairmiúla chun aghaidh a thabhairt ar an Athrú Cósta fadtéarmach in Inbhear Amuigh Bhaile Róiséir, lena n-áirítear imeallbhord an Rois.  

De dheasca a leochailí is atá éiceolaíocht an tsuímh agus chastacht na gceisteanna lena mbaineann, beidh gá meastóireacht comhshaoil a dhéanamh ar an bplean mar chuid den phróiseas ceadúnais pleanála atá ag gabháil leis.

Tá tús curtha cheana féin le feachtas eolais agus comhairliúcháin don phobal i ndáil leis na tograí sin.  Is féidir teacht ar mionsonraí na dtograí ar an suíomh gréasáin comhairliúcháin https://consultationspace.com/Rogerstown/.

 

Cosaint ar an gCósta – “SeaBees” curtha ar thrá an Choinicéir, Port Reachrann