I measc na nAirí Stáit nua-cheaptha tá beirt iarchomhairleoirí Fhine Gall

Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh an nuacht gur ceapadh beirt iarchomhairleoirí de Chomhairle Contae Fhine Gall mar Airí Stáit don rialtas nua a fógraíodh inné.

Deimhníodh na ceapacháin inné nuair a tugadh a gcuid cúraimí do Joe O'Brien, TD Bhaile Átha Cliath Fine Gall, agus Jack Chambers, TD Bhaile Átha Cliath Thiar.

Ceapadh Joe O'Brien mar Aire Stáit don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a bhfuil freagracht ar leith air as Forbairt Pobail agus Carthanas. D’fhóin an tUasal O’Brien ar Chomhairle Contae Fhine Gall tar éis a thoghcháin 2019 go dtí gur toghadh é don Dáil níos déanaí an bhliain sin i bhfothoghchán.

Ceapadh Jack Chambers, a d’fhóin mar chomhairleoir ar Chomhairle Contae Fhine Gall ó 2014 go dtí 2016 nuair a toghadh é chun na Dála, mar Aire Stáit ar an Roinn Airgeadais a raibh freagracht ar leith air Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas.

Agus é ag labhairt faoi na ceapacháin dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. David Healy: “Is iontach an rud é beirt iarchomhairleoirí eile i bhFine Gall a cheapadh mar Airí Stáit an tseachtain seo. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin chomhcheangailte a bhaineann le muid féin a chosaint ar an bpaindéim agus aistriú ceart a bhaint amach ón gcúlú eacnamaíochta go geilleagar inbhuanaithe, guím gach rath orthu ina róil nua."

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Guím gach rath ar an mbeirt Airí Stáit as Fine Gall ar na ceapacháin ina Ranna, táim ag tnúth le bheith ag obair leo agus lena Ranna sna blianta amach romhainn. Tá sé tábhachtach go n-oibreoimid le chéile ar gach leibhéal den rialtas chun Fine Gall agus Éire a atógáil tar éis na paindéime Covid-19."

Tagann an fógra seo tar éis na gceapachán a rinne an Taoiseach Michéal Martin dá chomh-aireachta agus sa Seanad Dé Sathairn inar ainmníodh iar-Thaoiseach agus TD Bhaile Átha Cliath Thiar, Leo Varadkar mar Thánaiste agus Aire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta, ceapadh a chomh-TD de Bhaile Átha Cliath Thiar Roderic O'Gorman mar Aire Leanaí, Míchumais, Comhionannais agus Imeasctha, agus ceapadh TD Bhaile Átha Cliath Fhine Gall Darragh O'Brien mar Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Ceapadh an t-iarchomhairleoir Emer Currie agus an t-iar-sheanadóir Lorraine Clifford Lee ar an Seanad freisin.